Deireadh le plé faoi chúrsaí nuachta am lóin ar Raidió na Gaeltachta agus ciorrú le déanamh ar ‘Nuacht a hAon’

Beifear ag cur leathuair an chloig bhreise leis an gclár cúrsaí reatha tráthnóna 'Cormac ag a Cúig' agus athruithe á ndéanamh ar sceideal an stáisiúin toisc daoine a bheith ag fágáil na heagraíochta

Deireadh le plé faoi chúrsaí nuachta am lóin ar Raidió na Gaeltachta agus ciorrú le déanamh ar ‘Nuacht a hAon’

Tá deireadh á chur ag RTÉ Raidió na Gaeltachta leis an bplé agus an scagadh a dhéantar ar chúrsaí nuachta ar an gclár ‘Nuacht a hAon’ am lóin.

Tá gearradh siar á dhéanamh ar an gclár nuachta mar chuid de na hathruithe atá á ndéanamh ar sceideal an stáisiúin toisc daoine a bheith ag fágáil na heagraíochta. Mar chuid de na hathruithe céanna, beifear ag cur leathuair an chloig breise leis an gclár cúrsaí reatha tráthnóna Cormac ag a Cúig, a bheidh ag tosú ag a ceathair a chlog feasta.

Cinneadh deireadh a chur leis an dara cuid den chlár nuachta am lóin mar gheall ar na ciorruithe atá á gcur i bhfeidhm toisc daoine a ghlac le pacáiste iomarcaíochta ó RTÉ a bheith ag fágáil na heagraíochta.

Craolfar mar is gnáth an chéad leathuair a chloig de Nuacht a hAon – an feasachán nuachta ina gcraoltar scéalta náisiúnta, idirnáisiúnta agus  áitiúla.

Is sa dara cuid den chlár a bhíonn agallaimh nuachta agus plé beo ar mhórscéalta an lae.

Agus deireadh á chur leis an gcuid sin de Nuacht a hAon, tosóidh an chuid eile de sceideal an tráthnóna leathuair an chloig níos túisce. Ag 1.30pm seachas 2pm a thosóidh Ardtráthnóna le Máirtín Tom Sheáinín, mar shampla.

Mar chuid de na hathruithe céanna, is ó Chasla, seachas ó na Doirí Beaga, a chraolfar an clár ceoil tráthnóna Cóisir Cheoil, agus is í Jó Ní Chéide seachas Dónall Mac Ruairí a bheidh ina bhun. Beidh an clár Rónán Beo ar siúl dhá lá in aghaidh na seachtaine feasta, seachas lá amháin, mar atá faoi láthair.

Tuigtear gur éirigh le hiarratais bhaill foirne de chuid an an raidió i ngach réigiún faoin gclár iomarcaíochta deonaí a fógraíodh anuraidh chun laghdú a dhéanamh ar líon na foirne in RTÉ. Beidh na daoine sin ag dul ar luathscor aimsir na Cásca.

Níl cead daoine nua a fhostú in áit na ndaoine sin atá ag imeacht ar luathscor, ach tá painéal bunaithe ag RTÉ Raidió na Gaeltachta d’oibrithe seachtracha a bhféadfaí tarraingt air chun freastal ar riachtanais áirithe.

Fág freagra ar 'Deireadh le plé faoi chúrsaí nuachta am lóin ar Raidió na Gaeltachta agus ciorrú le déanamh ar ‘Nuacht a hAon’'

  • Conn

    Is mor an chailliuint e Dónall Mac Ruairí.

  • Béal Bán

    Aontaim go mór le Conn. Ana bhron orainn go leir sa tigh seo. An clár ceoil is mo a thaitin linn.

  • Caitlín

    Tá mé cróibhriste ag an nuacht seo! Is é clár Dhónaill an t-aon chlár raidío a ndéanfainn mo chúramaí lae a eagrú timpeall air. Ba bhoichte i bhfad RnaG gan é. Droch-chinneadh amach is amach.

  • Lillis Ó Laoire

    Clár an-bhríomhar agus clár a raibh lucht leanúna náisiúnta aige. Is breá liom Jó fosta ach níl mé sásta go bhfuiltear ag imeallú na nDoirí Beaga.

  • Pat

    Aireoidh uaim go mór An Cóisir Cheoil. . Is craoltóir den chéad scoth é Dónall.

  • tara

    cuireann sé olc orm nuair a smaoiním ar na tuarastail a fhaigheann leithéidí Ray D’Arcy agus tugadh bata is bóthar don gcraoltóir den chéad scoth Dónall Mac Ruairí gan trua gan taise.

  • Seán Mac Gearailt

    An ceart ar fad ag “tara”. Tá an iomarca á íoc le craoltóirí áirithe.