9,881 cás nua den víreas fógartha, 108 duine le Covid básaithe ó dheas le seachtain anuas

9,564 duine atá básaithe de dheasca an víris in Éirinn ó thús na paindéime

9,881 cás nua den víreas fógartha, 108 duine le Covid básaithe ó dheas le seachtain anuas

5,268 cás nua den Covid-19, bunaithe ar thástálacha PCR, a d’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna. 

Fógraíodh freisin gur chláraigh 4,613 duine a raibh toradh deimhneach antaigine faighte acu ar thairseach Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte. 

D’fhógair an Roinn Sláinte go bhfuil 108 duine a raibh an víreas orthu básaithe le seachtain anuas. 63 duine a bhásaigh an tseachtain roimhe sin. 

6,399 duine a raibh Covid-19 orthu a bhásaigh sa stát ó thús na paindéime. 

3,165 duine a raibh an galar orthu a bhásaigh sa Tuaisceart, rud a fhágann gur 9,564 a bhí i gceist in Éirinn go dtí seo. 

631 othar atá buailte ag an ngalar atá sna hospidéil ó dheas, ceathrar níos lú ná mar a bhí ansin inné. Bhí 62 díobhsan in aonad dianchúraim, seisear níos lú ná mar a bhí ann inné. 

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt inniu go raibh cúigear eile ar a raibh an Covid-19 tar éis bháis. 2,889 cás nua a fógraíodh ansin inniu. 

474 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt agus 12 díobhsan atá in aonad dianchúraim. 

Fág freagra ar '9,881 cás nua den víreas fógartha, 108 duine le Covid básaithe ó dheas le seachtain anuas'

  • Dóchasach

    108 duine marbh le seachtain anuas. Níos mó ná 15 duine in aghaidh an lae. Smaoinídh air sin. Smaoinídh orthu, ar na daoine sin nach maireann. Smaoinídh orthu, ar na daoine a gheobhaidh bás nó fad-Chovid de dheasca an ghalair chéanna i rith na seachtainí atá le teacht. Agus smaoinídh orthu, ar fhocail an Taoisigh agus an rialtais i gcoitinne: “Seo chugainn an tEarrach agus saol iontach ré na hiar-phaindéime! Caithidh bhur bpúicíní agus bhur n-eagla uaibh! Caithidh bhur gcuid airgid go flúirseach go háthasach, go háirithe! Seo chugainn ré an dóchais!” Seo chugainn é, a chairde, ach ní chucusan – ná chuig aoinne desna 108 duine sin, ná chucu siúd a bheidh dá leanúint sna seachtainí, sna míonna is sna blianta atá romhainn.