8,631 cás nua den víreas deimhnithe, treoracha nua foilsithe faoin ionad oibre

Tá treoracha nua foilsithe le daoine a chur ar an eolas faoin athrú atá ar chúrsaí oibre ó maolaíodh formhór na srianta sláinte phoiblí

8,631 cás nua den víreas deimhnithe, treoracha nua foilsithe faoin ionad oibre

3,872 cás nua den Covid-19 a d’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna, bunaithe ar thástálacha PCR.

Fógraíodh freisin gur chláraigh 4,759 duine a raibh toradh deimhneach antaigine faighte acu ar thairseach Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.

Ní dhearna NPHET aon fhógra maidir le líon na gcásanna nua i rith an deireadh seachtaine ach tugadh le fios inniu gur deimhníodh 17,441 cás nua idir an Satharn agus an Domhnach, ó thástálacha PCR agus antaigine.

692 othar atá buailte ag an ngalar atá sna hospidéil, 16 duine níos lú ná mar a bhí ansin Dé hAoine. Bhí 75 díobhsan in aonad dianchúraim, ceathrar níos mó ná mar a bhí ann Dé hAoine.

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt inniu go raibh triúr eile ar a raibh an Covid-19 tar éis bháis. 4,159 cás nua a fógraíodh ansin inniu.

338 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt agus 23 díobhsan atá in aonad dianchúraim.

Tá treoracha nua foilsithe le daoine a chur ar an eolas faoin athrú atá ar chúrsaí oibre ó maolaíodh formhór na srianta sláinte phoiblí le déanaí.

Tá deireadh leis an riachtanas a bhí ann go n-oibreodh daoine ón mbaile agus go bhfanfadh daoine dhá mhéadar amach ó dhaoine eile agus iad lasmuigh dá dteach cónaithe. Ní bheidh aon ghá d’oibrithe a bheith roinnte ina ngrúpaí éagsúla seisir (podanna)  feasta agus ní bheidh ar lucht gnó sonraí teagmhála a fháil ó aon duine a thiocfaidh isteach san ionad oibre.

Cé go moltar fós an masc mar dhea-chleachtas, ní bheidh sé éigeantach feasta ach i réimsí oibre ar leith – ionaid cúram slainte, córas iompair, siopaí agus oifigí poiblí, chomh maith le daoine a chuireann seirbhís bia agus dí ar fáil.

Iarrtar ar fhostóirí dea-chleachtais ó thaobh cosc ionfhabhtuithe a chur i bhfeidhm, plean a bheith ullamh acu chun déileáil le cás den Covid-19 agus riachtanais na bhfostaithe sin a bhfuil ardriosca ag baint lena sláinte a chur san áireamh.

Fág freagra ar '8,631 cás nua den víreas deimhnithe, treoracha nua foilsithe faoin ionad oibre'