811 cás nua den choróinvíreas fógartha agus é á ‘scaipeadh go rábach sa bpobal ar fud na tíre’    

Tá deichniúr eile básaithe in Éirinn de dheasca an víris agus beagnach 1,700 cás nua deimhnithe, thuaidh agus theas

811 cás nua den choróinvíreas fógartha agus é á ‘scaipeadh go rábach sa bpobal ar fud na tíre’    

Tá 811 cás nua den choróinvíreas fógartha ag an Roinn Sláinte tráthnóna.

Triúr eile atá básaithe de dheasca an víris.

Bhain 141 de chásanna an lae inniu le Corcaigh agus 51 cás a bhí i gCiarraí.

190 cás a bhí i mBaile Átha Cliath, 62 cás a bhí i Loch Garman agus 50 cás a bhí i gcontae an Chláir agus sna contaetha eile go léir sa stát a bhí 317 cás eile.

Tá ráta coicíse an ghalair ag 354.9 i nDún na nGall, an dara ráta is airde sa tír, taobh thiar de chontae an Chabháin.

213.8 an ráta i gcontae na Mí agus 199.1 an ráta i gCorcaigh.

Tá an ráta sa Ghaillimh ag 165.5 agus 144.9 atá i gceist i gCiarraí, ardú ó 113 sna figiúirí deireanacha.

80.5 an ráta i Maigh Eo agus 66.3 an ráta i bPort Láirge, an ráta is ísle sa stát.

234 othar a bhfuil an Covid-19 tolgtha acu a bhí sna hospidéil tráthnóna inniu agus bhí 32 díobh in aonad dianchúraim.

Dúirt an Dr. Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis na Roinne Sláinte, go raibh an víreas “á scaipeadh go rábach sa bpobal ar fud na tíre”.

“Baineann scaipeadh an COVID-19 le gach uile dhuine sa tír, agus is ar an gcúis sin go bhfuilimid ag impí ar gach uile dhuine amháin sa tír, gach uile theaghlach, gach uile líon tí, gach uile eagraíocht agus gach uile ionad oibre cloí leis an gcomhairle sláinte phoiblí. Is sibhse atá ar an líne thosaigh ag cosaint daoine ar an ngalar seo,” a dúirt sé.

Dúirt an Dr. Ronan Glynn, Leas-Príomhoifigeach Leighis na Roinne Sláinte go sábhálfar beatha daoine má chloítear leis na treoracha sláinte phoiblí.

“Má leanann an scaipeadh sa bpobal ar aghaidh mar atá, feicfimid daoine a bhfuil a sláinte leochaileach ag tolgadh an Covid-19 agus faraor, dá bharr beidh níos mó daoine in ospidéil agus níos mó ag fáil bháis. Sábhálfaidh tú beatha daoine má laghdaíonn tú an líon daoine a mbuaileann tú leo, má sheachnaíonn tú áiteanna plódaithe agus má chloíonn tú leis na buntreoracha sláinte phoiblí.”

Tá seachtar eile básaithe de dheasca an Covid-19 ó thuaidh agus 863 cás nua fógartha ag an Roinn Sláinte ansin inniu.

150 othar atá buailte ag an Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt agus 23 acusan atá in ICU.

Tá cruinniú ag Feidhmeannas Stormont inniu le srianta breise dianghlasála a phlé agus líon na gcásanna ag ardú i gcónaí.

Tuairiscítear gur mhol na comhairleoirí sláinte don Roinn Sláinte go gcuirfí dianghlasáil i bhfeidhm ar feadh sé seachtaine le deis a thabhairt don chóras dul i ngleic leis an ngéarchéim.

Meastar go dteastaíonn ó na comhairleoirí go gcuirfí na srianta sin i bhfeidhm an tseachtain seo ach nach bhfuil na feisirí ar aon intinn faoi dhianghlasáil eile. Deirtear go bhfuil Sinn Féin ar son srianta níos déine ach go bhfuil an DUP ina gcoinne.

Chuir Sammy Wilson an DUP i leith an Aire Sláinte Robin Swann gur ag iarraidh daoine a “scanrú” a bhí sé agus go gcuirfeadh srianta níos déine isteach go mór ar gheilleagar Thuaisceart Éireann.

Níl aon mhaolú ar an víreas i nDoire agus an Srath Bán agus ráta tolgtha an Covid-19 níos measa ann thairis aon áit eile in Éirinn ná sa Ríocht Aontaithe. Deimhníodh 1,461 cás nua sa gceantar le seacht lá.

66,057 cás den ghalar atá deimhnithe in Éirinn go nuige seo, 21,898 cás ó thuaidh den teorainn agus 44,159 cás ó dheas di.

2,428 duine a raibh an galar tolgtha acu atá básaithe ó thús na paindéime, 598 ó thuaidh agus 1,830 ó dheas.

Fógraíodh inniu go raibh an coróinvíreas tolgtha den dara huair ag duine sna Stáit Aontaithe. Foilsíodh an scéala in iris leighis agus is é seo an cúigiú cás dá shórt atá deimhnithe sa domhan.   

Deir údair an staidéir go léiríonn an cás nach bhfuil aon bharántas ag daoine a tholgann an galar go mbeidh imdhíonacht acu dá bharr.

Fear i lár na bhfichidí atá i gceist agus ba mheasa an dara ráig a fuair sé ná an chéad rabhait agus b’éigean dó dul san ospidéal agus ocsaigin a fháil.

Deir na húdair go mbeidh tuilleadh taighde le déanamh ar an scéal ach go léiríonn an cás gur chóir do chuile dhuine cloí leis an treoracha sláinte le scaipeadh an víris a chosc.

Fág freagra ar '811 cás nua den choróinvíreas fógartha agus é á ‘scaipeadh go rábach sa bpobal ar fud na tíre’    '