80 dalta as 16 scoil lán-Ghaeilge agus Ghaeltachta ag cur a dtionscadail i láthair i nGaeilge ag Taispeántas an Eolaí Óig BT

Tá beagnach ceithre scór dalta ó scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta san iomaíocht don duais mhór ag Taispeántas an Eolaí Óig BT san RDS. Osclaíodh an taispeántas go hoifigiúil inniu agus beidh sé oscailte don phobal ón lá amárach

80 dalta as 16 scoil lán-Ghaeilge agus Ghaeltachta ag cur a dtionscadail i láthair i nGaeilge ag Taispeántas an Eolaí Óig BT

Cén nasc atá idir do shrón agus do chuimhne? Cad a tharlaíonn má chaitheann tú d’éadach scoile sa leaba? Cén tionchar atá ag blagálaithe ar ár sochaí? Cén difríocht atá idir a bheith ag rith ar maidin nó tráthnóna?

Sin cuid de na ceisteanna atá á gcur ag daltaí ó scoileanna lán-Ghaeilge agus Ghaeltachta ag Taispeántas an Eolaí Óig BT atá á reáchtáil san RDS an tseachtain seo.

Is i mBéarla atá formhór an 550 tionscadal a bheidh ar taispeáint as seo go ceann trí lá, ach beidh beagnach 80 dalta as 16 scoil lán-Ghaeilge agus Ghaeltachta ag cur a dtionscadail i láthair i nGaeilge.

Is iad Coláiste Ailigh i Leitir Ceanainn an scoil is mó a bhfuil tionscadail i nGaeilge ar taispeáint acu agus cúig thogra difriúil á gcur i láthair ag daltaí na scoile sin.

I measc na dtionscadal a bheidh ar taispeáint ag daltaí Choláiste Ailigh, tá aip atá in ann luas na gaoithe ar bharr cnoic a thomhas ó bhun an chnoic. Déanann tionscadal eile staidéar ar phéint bhóthair agus an úsáid a d’fhéadfaí a bhaint aisti chun a chur in iúl go bhfuil sioc ar an mbóthar.

Chomh maith leis sin, tá fiosrú déanta acu faoi thionchar an ‘cúpla deoch’ ar chumas tiomána an duine agus faoi conas scrúdú simplí a dhéanamh ar amaláis sheileach chun strus mac léinn a thomhas. Scrúdaíonn togra eile dá gcuid bealaí chun úsáid na mbreoslaí iontaise sa bhaile a laghdú.

Ceithre thionscadal atá istigh ar an gcomórtas ag scoláirí Phobalscoil Ghaoth Dobhair agus iad ag díriú ar an mbrú a bhaineann le haistriú ón mbunscoil go dtí an mheánscoil, ar bhuntáistí an dátheangachais, ar phlandaí pota atá in ann féintoirchiú a dhéanamh, agus ar an tionchar éiceolaíoch a bhíonn ag daoine ar An Earagail.

Tá dhá thogra curtha isteach ag daltaí ó Ghairmscoil na bPiarsach i Ros Muc i gConamara, tograí a dhíríonn ar chúrsaí bia. Díríonn ceann acu ar mheon an duine faoi aistí bia ‘sláintiúla’ agus déanann an ceann eile staidéar ar thuiscint leanaí ar phirimid an bhia.

Tá roinnt tionscadal a dhíríonn ar chúrsaí spóirt ar taispeáint chomh maith, ina measc tionscadal ó Choláiste Chillian i mBaile Átha Cliath a fhiosraíonn an difríocht idir rith go moch ar maidin seachas sa tráthnóna.

Baineann tionscadal atá déanta ag daltaí ó Ghaelcholáiste Reachrann i mBaile Átha Cliath le staidéar ar an méid baictéar a bhíonn ar bharr an bhuidéil uisce a mbíonn an fhoireann peile go léir ag ól as agus féachtar ar an mbaint atá ag an nós sin le scaipeadh galar.

Is ar chúrsaí polaitíochta atá Meánscoil Gharman ag díriú agus iad ag fiosrú éifeacht na gcuótaí inscne sa Dáil.

Taobh amuigh de na scoileanna Gaeilge agus Gaeltachta, tá tionscadal i nGaeilge déanta ag daltaí ó scoileanna Béarla chomh maith.

Tá daltaí ó Choláiste na Trócaire i Sligeach ag fiosrú céard a tharlaíonn nuair a chodlaíonn daltaí ina gcultacha scoile.

‘An Maith Leat Gaeilge?’ an teideal atá ar thionscadal de chuid Phobalscoil Phort Omna.

Ar na scoileanna eile a bhfuil tionscadail i nGaeilge istigh acu tá: Gaelcholáiste Cheatharlach, Gaelcholáiste Mhuire (Corcaigh), Coláiste Eoin (Baile Átha Cliath), Coláiste Íosagáin (Baile Átha Cliath), Gaelcholáiste Chiarraí, Coláiste Pobail Osraí (Cill Chainnigh), Gaelcholáiste Luimnigh, Scoil Mhuire agus Íde (Luimneach), Coláiste Oiriall (Muineachán), agus Gaelcholáiste Na Mara (Cill Mhantáin).

Fág freagra ar '80 dalta as 16 scoil lán-Ghaeilge agus Ghaeltachta ag cur a dtionscadail i láthair i nGaeilge ag Taispeántas an Eolaí Óig BT'