8 rogha feistis don aimsir bhreá atá romhainn…

Bhí ár gcomhfhreagraí ar thóir feistis don earrach agus leathshúil aici ar aimsir an tsamhraidh

8 rogha feistis don aimsir bhreá atá romhainn…

I saol an fhaisin tá muid san idirthréimhse sin idir séasúir an gheimhridh agus séasúr an tsamhraidh. Is beag duine againn gur acmhainn dúinn rogha iomlán feistis a bheith againn do shéasúr gearr an earraigh ach is cinnte go bhfuil athrú san aimsir le seachtain nó dhó anuas agus teastaíonn athrú inár rogha éadaigh dá réir sin. 

Tá sé in am na cótaí troma agus na buataisí móra a chur ar leataobh ach tá sé rófhuar fós do sciortaí gearra nó barréidí éadroma an tsamhraidh.

 

Cóta trinse ó ASOS DESIGN ar €69.13

Seo cóta trinse clasaiceach ar phraghas iontach. Is breá liom an gearradh atá air chomh maith leis na cnaipí blaosc toirtíse.

 

Cóta báistí dúghorm ó Pull & Bear ar €41.46

Cuireann an cóta seo i gcuimhne dom na cótaí báistí a bhíodh orm agus mé óg agus tá siad ar ais sa bhfaisean anois arís. Tá siad seo éadrom agus an-fheiliúnach don earrach ach tá cosaint mhaith iontu ón mbáisteach ag an am céanna.

 

Cairdeagan fada le beilt ó ASOS DESIGN ar €29.03

Tá an cairdeagan álainn seo ar shladmhargadh faoi láthair agus ar fáil ar phraghas an-mhaith go deo. Choinneodh cairdeagan mar seo duine te teolaí agus gan aon ghá le cóta ná seaicéad a bheith leat. Is breá liom an ceann seo leis an mbeilt air.

 

Treabhsar línéadaigh dúghorm ó ASOS DESIGN ar €30.42

Is féidir treabhsar giortaithe a chaitheamh anois arís agus beagáinín den rúitín a thaispeáint tar éis na cosa a bheith curtha i bhfolach agat le linn an gheimhridh. Tá na cinn seo deas éadrom ó tharla gur meascán den línéadach agus den chadás atá iontu.

 

 

Geansaí cniotáilte gorm ó Selected Femme ar €62.21

Ní theastaíonn na geansaithe troma cniotáilte olla ag an tráth seo den bhliain agus seo rogha i bhfad níos fearr agus níos éadroime. Is breá liom an dath álainn gléineach atá ar an gceann seo.

 

Gúna léine ó Glamorous ar €52.54

Tá gúna léine ar fheabhas ar fad don tráth seo den bhliain. Is féidir ceann a chaitheamh le riteoga dubha teolaí san aimsir fhuar agus nuair a bheidh sé sách te, is féidir an ceann seo a chaitheamh gan riteoga ar bith.

 

 

Scairf éadrom ó ASOS DESIGN ar €11.06

Is deas an rud scairf bheag éadrom a bheith leat i gcónaí le thú féin a chosaint ar an ngaoth. Coinneoidh sí deas compordach thú gan tú a bhá in allas. Déanfaidh an scairf seo oiriúint dheas san aimsir the, féadfaidh do chuid gruaige a cheangal léi nó í a fháscadh ar strapa do mhála. 

 

Lófairí dubha ó New Look ar €31.78

Níl an séasúr baileach sách te fós do na cuaráin ach ní theastaíonn buataisí ach an oiread. Seo péire deas lófairí atá an-fhaiseanta ach fós feiliúnach mar bhróga oibre.

Fág freagra ar '8 rogha feistis don aimsir bhreá atá romhainn…'