6,307 cás nua den víreas fógartha, 55 duine eile básaithe le seachtain

8,848 duine a raibh an galar orthu a bhásaigh in Éirinn ó thús na paindéime, 2,958 ó thuaidh den teorainn agus 5,890 ó dheas di

6,307 cás nua den víreas fógartha, 55 duine eile básaithe le seachtain

6,307 cás nua den Covid-19 a d’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna.

429 othar atá buailte ag an ngalar atá sna hospidéil, 14 duine níos lú ná mar a bhí ansin inné. Tá 10o díobhsan in aonad dianchúraim, beirt níos lú ná mar a bhí inné.

5,890 duine a raibh an choróinvíreas orthu a fuair bás ó thús na paindéime, ag áireamh 55 bás a tuairiscíodh ó Dé Céadaoin seo caite.

Fágann sin gur 8,848 duine a raibh an galar orthu a bhásaigh in Éirinn ó thús na paindéime, 2,958 ó thuaidh den teorainn agus 5,890 ó dheas di.

3,231 cás nua den ghalar a fógraíodh as Tuaisceart inniu. Ní raibh aon bhás eile le fógairt.

261 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt agus 34 díobhsan atá in aonad dianchúraim.

Dúirt Príomhoifigeach Leighis na Roinne Sláinte, an Dr Tony Holohan, go mbeadh ar dhaoine “íobairt mhór” a dhéanamh le linn na Nollag chun an uile dhuine a chosaint.

D’iarr sé ar dhaoine gan bualadh leis an oiread sin daoine eile agus cloí leis na beartais sláinte phoiblí.

Agus scoileanna ag dúnadh do shaoire na Nollag inniu, bhí cruinniú ag an Aire Oideachais Norma Foley, an Dr Colm Henry ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus oifigigh ón Roinn Sláinte ar maidin inniu le lucht bainistíochta scoileanna agus ceardchumainn chun bearta sláinte phoiblí sna scoileanna san athbhliain a phlé agus Omicron ag scaipeadh go gasta.

Dúirt urlabhraí ar son Chumann Múinteoirí Éireann (INTO) gur chuir siad féin in iúl do na Ranna a riachtanaí atá sé athbhreithniú a dhéanamh ar an téarma seo caite agus tacaíochtaí breise sláinte phoiblí a chur ar fáil do scoileanna.

Dúirt an ceardchumann gur ghlac na hoifigigh sláinte phoiblí leis an moladh sin agus go ndéanfaí athbhreithniú ar thuairisciú an víris sna scoileanna agus a fhad agus a thógann sé ar an HSE déileáil leis an tuairisc sin. Gealladh chomh maith go n-eagrófaí feachtas feasachta do thuismitheoirí mar go maíonn scoileanna go raibh tuismitheoirí áirithe ag cur leanaí ar scoil agus comharthaí sóirt an víris orthu.

Cuireadh 90,000 tástáil antaigine ar fáil do scoileanna le seachtain agus bhí ráta dearfachta 3.6% acu sin, a dúirt an tAire Oideachais.

Nuair a chuaigh na daoine sin i gcomhair tástáil PCR, ní raibh Covid ach ar bheagán os cionn 2% díobh, a dúirt sí.

Thug an Príomhoifigeach Leighis, an Dr Tony Holohan foláireamh eile inniu go bhfuil maidhm mhór cásanna den Covid-19 i ndán don tír agus ráta an-ard ionfhabhtaithe san aoisghrúpa 16 go 34 bliain.

Dúirt sé go raibh milliún duine a bhí os cionn 40 bliain d’aois nach bhfuair an teanndáileog go fóill agus mhol sé do dhaoine í a fháil mar “go n-oibríonn vacsaíní, go háirithe an vacsaín threise in aghaidh drochráig den víreas”.

Dúirt sé nach raibh vacsaín ar bith faighte ag duine as seisear den dream óg sin agus d’iarr sé orthu sin a dhéanamh.

Dúirt an Dr Holohan go raibh sé féin fós ag fanacht le fianaise láidir go raibh cineál Omicron den Covid-19 éagsúil ón gcuid eile cé go raibh súil aige nach tinneas chomh dona é.

Tugadh 108,000 vacsaín do dhaoine inné agus teanndáileog ab ea 103,000 acusan. Tá an teanndáileog faighte anois ag 1.7 milliún duine sa tír seo.

Níl an vacsaín iomlán faighte ag 53% de na daoine ata in ospidéil na tíre agus 54% atá in aonad dianchúraim, níl aon vacsaín faighte acu. Tá cuid den chúrsa vacsaíne faighte ag 1% díobh.

Agus é ag tagairt don bhrú a bhí Covid-19 a chur ar ospidéil rinne an Príomhfheidhmeannach Paul Reid comparáid idir an Nollaig seo agus an Nollaig seo caite.

“An lá seo anuraidh bhí 239 othar Covid san ospidéal agus 25 acusan in aonad dianchúraim.

“Inniu tá 431 othar san ospidéal agus Covid orthu agus 102 acusan in aonad dianchúraim.”

Fág freagra ar '6,307 cás nua den víreas fógartha, 55 duine eile básaithe le seachtain'