5,767 cás nua den víreas fógartha, 5,916 cás eile cláraithe ar thairseach an HSE

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt inniu go raibh seisear eile a raibh an Covid-19 orthu tar éis bháis

5,767 cás nua den víreas fógartha, 5,916 cás eile cláraithe ar thairseach an HSE

5,767 cás nua den Covid-19 a d’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna bunaithe ar thástálacha PCR.

Fógraíodh freisin gur chláraigh 5,916 duine a raibh toradh dearfach antaigine faighte acu ar thairseach Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.

979 othar atá buailte ag an ngalar atá sna hospidéil, 27 duine níos lú ná mar a bhí ansin inné. Bhí 93 díobhsan in aonad dianchúraim, ceathrar níos lú ná mar a bhí i gceist inné.

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt inniu go raibh seisear eile a raibh an Covid-19 orthu tar éis bháis. 4,081 cás nua a fógraíodh ansin inniu.

412 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt agus 28 díobhsan atá in aonad dianchúraim

Fág freagra ar '5,767 cás nua den víreas fógartha, 5,916 cás eile cláraithe ar thairseach an HSE'

  • Conor

    “raibh toradh dearfach”. Nár cheart é “deimhneach” in ionad “dearfach” anseo?