5,649 cás nua den víreas fógartha, 5,387 cás eile cláraithe ar thairseach an HSE

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt inniu go raibh seachtar eile ar a raibh an Covid-19 tar éis bháis

5,649 cás nua den víreas fógartha, 5,387 cás eile cláraithe ar thairseach an HSE

5,649 cás nua den Covid-19, bunaithe ar thástálacha PCR, a d’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna.

Fógraíodh freisin gur chláraigh 5,387 duine a raibh toradh deimhneach antaigine faighte acu ar thairseach Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.

595 othar atá buailte ag an ngalar atá sna hospidéil, 32 duine níos lú ná mar a bhí ansin inné. Bhí 63 díobhsan in aonad dianchúraim, cúigear níos lú ná mar a bhí ann inné.

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt inniu go raibh seachtar eile ar a raibh an Covid-19 tar éis bháis. 3,609 cás nua a fógraíodh ansin inniu.

399 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt agus 15 díobhsan atá in aonad dianchúraim.

Fág freagra ar '5,649 cás nua den víreas fógartha, 5,387 cás eile cláraithe ar thairseach an HSE'