556 cás nua den choróinvíreas fógartha ó dheas, an líon is lú ó lár mhí na Nollag

Deir Príomhoifigeach Leighis Thuaisceart Éireann, an Dr Michael McBride, nach gcuirfear deireadh leis na srianta go dtí go mbeidh an vacsaín faighte ag 70-80% den phobal

556 cás nua den choróinvíreas fógartha ó dheas, an líon is lú ó lár mhí na Nollag

Tá sé fógartha ag an Roinn Sláinte tráthnóna go bhfuil 68 duine eile básaithe de dheasca an choróinvíris.

I mí Feabhra a bhásaigh 50 de na daoine sin, bhásaigh 15 duine acu an mhí seo caite agus i mí na Nollag a bhásaigh beirt eile. Tá bás duine amháin fós á fhiosrú.

Deimhníodh 556 cás nua den ghalar, an líon is lú cásanna a fógraíodh aon lá ón 16 Nollaig 2020.

1,104 othar a bhfuil an galar orthu a bhí sna hospidéil maidin inniu agus bhí 182 acusan in aonad dianchúraim.

Dé Sathairn seo caite bhí an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 152,652 duine agus an dara dáileog faighte ag 84,344 duine.

Bhain 38 de chásanna an lae inniu le Gaillimh, 34 cás a bhí i gCorcaigh agus 29 cás a bhain le Port Láirge.

20 cás a bhí i nDún na nGall agus 20 cás a bhí i gcontae na Mí. 14 cás a bhain le Maigh Eo agus 10 gás a bhí i gCiarraí.

Tá ráta coicíse an ghalair tite go dtí 319 cás in aghaidh gach 100,000 duine sa stát.

Tá an tríú ráta coicíse is airde sa stát i bPort Láirge – 446. Ráta 351 atá i Maigh Eo, 334 atá i gcontae na Mí agus 331 atá i nGaillimh. Ráta 298 atá i gceist i nDún na nGall, 235 atá i gCorcaigh agus 141 atá i gCiarraí.

De réir na bhfigiúirí is déanaí ó Roinn Sláinte an Tuaiscirt, 275 cás nua a deimhníodh inniu. Fógraíodh go bhfuil deichniúr eile a raibh an galar orthu básaithe sa Tuaisceart.

Tá 569 othar in ospidéil an Tuaiscirt a bhfuil Covid-19 orthu agus tá 60 acusan in aonad dianchúraim.

Dúirt an Príomhoifigeach Leighis ó thuaidh, an Dr Michael McBride, nach gcuirfí deireadh leis na srianta i dTuaisceart Éireann go dtí go mbeadh an vacsaín faighte ag 70-80% den phobal.

Tá an chéad dáileog faighte ag thart ar 317,000 duine ó thuaidh go dtí seo – timpeall 22%. Níos lú ná 30,000 duine ó thuaidh a bhfuil an dara dáileog faighte acu.

Dúirt an Dr McBride go raibh sé ag súil go scaoilfear cuid de na srianta atá i bhfeidhm i rith an tsamhraidh ach go mbeadh gá arís leo i rith an fhómhair agus an gheimhridh.

312,378 cás a deimhníodh in Éirinn go nuige seo, 204,940 cás ó dheas den teorainn agus 107,438 cás ó thuaidh di.

5,705 duine atá básaithe in Éirinn go dtí seo de dheasca na paindéime, 3,752 duine ó dheas den teorainn agus 1,953 duine ó thuaidh di.

 

Fág freagra ar '556 cás nua den choróinvíreas fógartha ó dheas, an líon is lú ó lár mhí na Nollag'