55,000 leabhar Gaeilge á seoladh chuig scoileanna ar fud na tíre

Tá gach Gaelscoil, scoil Ghaeltachta agus scoil DEIS sa tír i measc na scoileanna a mbronnfar An Bosca Leabharlainne orthu

55,000 leabhar Gaeilge á seoladh chuig scoileanna ar fud na tíre

Tá tionscadal nua seolta ag an Aire Oideachais Norma Foley agus Laureate na nÓg, an scríbhneoir aitheanta Áine Ní Ghlinn, chun suim sa léitheoireacht Ghaeilge a spreagadh i measc páistí ar fud na tíre.

Faoin togra ‘An Bosca Leabharlainne’, seolfar 55,000 leabhar Gaeilge chuig beagnach 2,000 bunscoil ar fud na tíre.

Tá an tionscadal á rith i gcomhpháirt le Foras na Gaeilge agus leis an gComhairle Ealaíon, agus sheol an tAire Foley agus Áine Ní Ghlinn inné é.

Dúirt an tAire Foley go raibh “lúcháir” uirthi an tionscadal a sheoladh agus ghlac sí buíochas le hÁine Ní Ghlinn as a chinntiú go mbeidh páistí ar fud na tíre in ann taitneamh a bhaint as a bheith ag léamh i nGaeilge.

Seán Ó Coinn le Ola Majekodunmi, Áíne Ní Ghlinn agus Maureen Kennelly le daltaí ó Gaelscoil Lios na nÓG in Ranalegh. Pictiúr: Julien Behal Photography

“Is deacair teacht ar aon chaitheamh aimsire a thugann níos mó taitnimh nó tairbhe ná léitheoireacht agus caithfimid gach rud gur féidir linn a dhéanamh chun an tsuim sin a spreagadh i ndaoine óga,” a dúirt an tAire Foley.

Tá sé mar aidhm ag Áine Ní Ghlinn ina ról mar Laureate na nÓg léitheoireacht na Gaeilge a spreagadh mar chaitheamh aimsire, seachas mar ‘obair bhaile’ amháin. Is ise an séú Laureate na nÓg, agus an chéad údar sa ról a scríobhann i nGaeilge amháin.

“’Tá ríméad orm go bhfuil An Bosca Leabharlainne ar an mbealach anois chuig scoileanna ar fud na tíre. Tá an-chuid oibre déanta ag gach duine a raibh baint acu leis an togra ollmhór seo,” a dúirt Ní Ghlinn.

“Tá 55,000 leabhar d’ardchaighdeán imithe amach anois chuig scoileanna ar fud na tíre agus tá súil agam go mbainfidh páistí agus múinteoirí spraoi agus sult, taitneamh agus tairbhe as na Boscaí Leabharlainne go léir.”

Séard atá sa Bhosca Leabharlainne ná bosca ina bhfuil 25 leabhar Gaeilge, roghnaithe ag Ní Ghlinn féin, agus ina dteannta sin acmhainní breise don seomra ranga le cuidiú le múinteoirí tairbhe a bhaint as na leabhair.

Tá gach Gaelscoil, scoil Ghaeltachta agus scoil DEIS sa tír i measc na scoileanna a mbronnfar An Bosca Leabharlainne orthu.

Fág freagra ar '55,000 leabhar Gaeilge á seoladh chuig scoileanna ar fud na tíre'

  • múinteoir

    Is bunscoileanna amháin atá i gceist. Ba cheart go mbeadh sin san alt. An mbeidh déagóirí ag fáil an deis chéanna? Bheidís faoi chúram an Laureate na nÓg chomh maitb nach mbeadh ?