50 duine maraithe sa sladmharú gunna is measa riamh i SAM

Gortaíodh níos mó ná 200 duine san ionsaí a tharla ag ceolchoirm ag óstán an Mandalay Bay i Las Vegas

50 duine maraithe sa sladmharú gunna is measa riamh i SAM

Tá an eachtra lámhaigh a tharla i Las Vegas anois ar an eachtra is measa dá leithéid i stair Stáit Aontaithe Mheiriceá agus ar a laghad 50 duine marbh ina diaidh, níos mó ná mar a maraíodh sa sladmharú a tharla sa chlub oíche Pulse in Orlando anuraidh.

Is é Stephen Paddock, 64 bliain d’aois, an té atá ainmnithe ag póilíní Las Vegas, mar an fear gunna a rinne an sléacht.

Gortaíodh os cionn 200 duine san ionsaí san Óstán Mandaly Bay i Las Vegas, áit a raibh féile cheoil ar siúl.

Meastar go raibh fear an ghunna ag scaoileadh urchar anuas ar an slua ón 32ú hurlár san óstán. Tá an chosúlacht ar an scéal gur luchtaíodh an gunna a bhí in úsáid arís agus arís eile. Phléasc foireann póilíní speisialta doras an tseomra a raibh Paddock istigh ann agus creidtear anois gur chuir sé lámh ina bhás féin.

Dúirt sirriam na bpóilíní i Las Vegas, Joseph Lombardo, gur aimsíodh roinnt mhaith gunnaí sa seomra óstáin agus go bhfuil cuardach le déanamh anois ar theach cónaithe Paddock in Mesquite in Nevada.

Tá amhras ar na póilíní chomh maith faoi Marilou Danley, 62 bliain d’aois, ar chara le Paddock í. Bhí sí ag taisteal le fear an ghunna agus creidtear go raibh sí in éineacht leis sular thosaigh an t-ár.

Tá póilín de chuid an Las Vegas Police Department i measc na marbh agus póilín eile gortaithe go dona.

Tá Uachtarán Mheiriceá, Donald Trump, tar éis comhbhrón a dhéanamh leis na mairbh, na daoine a gortaíodh agus a muintir.

Fág freagra ar '50 duine maraithe sa sladmharú gunna is measa riamh i SAM'

  • Breathnóir

    Mar a dúirt éigin cheana ar Twitter nó áit éigin mar sin : tá rud éigin cearr le tír ina measann a lán daoine go bhfuil sé níos tábhachtaí go mbeadh sé de cheart ag gach duine gunna a bheith acu ná go mbeadh cúram ceart sláinte acu. Ach is dócha go leanfaidh siad orthu ag rá gurb é Meiriceá an tír is fearr ar domhan. Aidhe raight, leaids…

  • Pól Réamonn

    Buíochas le Dia nach raibh an té mar ainm Mohammed.