50 cás den choróinvíreas aimsithe in Éirinn

Is é seo an t-ardú is mó in aon lá amháin ar chásanna den choróinvíreas in Éirinn ó deimhníodh an chéad chás ag deireadh na míosa seo caite

50 cás den choróinvíreas aimsithe in Éirinn

Tá 10 gcás nua den ghalar Covid-19 deimnithe in Éirinn agus 50 cás ar fad anois ann, 34 cás ó dheas agus 16 cás ó thuaidh den teorainn.

Ó dheas den teorainn atá na deich gcás is déanaí.

Is é seo an t-ardú is mó in aon lá amháin ar chásanna den choróinvíreas in Éirinn ó deimhníodh an chéad chás ag deireadh na míosa seo caite.

Baineann cúig cinn de na cásanna nua le taisteal thar lear chuig áit a bhí buailte go dona ag an ngalar. Fir is ea ceathrar acusan, triúr i ndeisceart na tíre agus duine san oirthear. Tá an galar tolgtha thar lear chomh maith ag bean in oirthear na tíre.

Baineann trí cinn eile de na cásanna le hothair a raibh gartheagmháil acu le hothair eile atá buailte ag an ngalar in Éirinn. Fear agus bean in iarthar na tíre agus fear ó dheas atá i gceist leis na cásanna sin.

Oibrithe sláinte is ea an bheirt eile is déanaí a raibh toradh  dearfach ar an tástáil a cuireadh orthu le haghaidh Covid-19. Fear i ndeisceart na tíre a tholg an galar in ospidéal is ea duine den bheirt oibrithe sláinte agus creidtear gurb amhlaidh an cás leis an oibrí sláinte eile, bean san oirthear.

Tá uasdátú déanta ar na treoirlínte d’oibrithe sláinte a bheidh ag filleadh ar an obair tar éis treimhse a chaitheamh ag coinneáil amach ó dhaoine.

D’fhógair an Roinn Sláinte chomh maith tráthnóna go raibh tástáil curtha ar 1,784 duine don ghalar faoin tráth seo.

Dúirt an Roinn Oideachais tráthnóna nach bhfuil sé i gceist faoi láthair go ndúnfaí scoileanna nó go dtabharfaí laethanta saoire na Cásca chun tosaigh mar gheall ar an gcoróinvíreas.

Sa ráiteas a chuir an Roinn Oideachais ar fáil, dúradh go mbeadh aon chinneadh faoi dhúnadh scoileanna bunaithe ar chomhairle maidir leis an tsláinte phoiblí.

“Ní ann d’aon chomhairle dá leithéid ag an bpointe seo,” a dúirt urlabhraí ón Roinn.

Bhí tuairiscí ann le tamall go bhfuil sé i gceist scoileanna a dhúnadh ar feadh trí seachtaine mar chuid den iarracht scaipeadh an ghalair Covid-19 a shrianadh.

Níos túisce inniu deimhníodh ceithre chás nua den ghalar ó thuaidh den teorainn. Daoine fásta an ceathrar sin. Baineann cás amháin acu le duine a bhí i dtuaisceart na hIodáile le déanaí agus tá nasc idir na trí chás eile agus othar a tholg an galar sa cheantar sin.

Tá na heitiltí go léir atá ag Ryanair agus Aer Lingus chun na hIodáile, as an Iodáil agus laistigh den Iodáil féin á gcur ar fionraí mar gheall ar an gcoróinvíreas.

Meán oíche san oíche amárach a chuirfear stop le heitiltí Ryanair laistigh den Iodáil agus meán oíche Dé hAoine a chuirfear stop leis na heitiltí idirnáisiúnta. Beidh eitiltí Ryanair ar fionraí go dtí an 8 Aibreán.

Cuirfear stop le heitiltí Aer Lingus chun na hIodáile agus as an Iodáil amárach agus ní thosóidh siad arís go dtí an 3 Aibreán.

Tá srianta taistil curtha i bhfeidhm ar fud na hIodáile ar fad ón lá inniu ar aghaidh agus cosc curtha ar chruinnithe poiblí. 9,172 cás den ghalar Covid-19 atá deimhnithe san Iodáil go dtí seo agus tá 463 duine curtha den saol aige.

Fógraíodh chomh maith tráthnóna go mbeidh an cluiche cáilithe do EURO 2020 idir Éirinn agus an tSlóvaic le himirt agus gan aon lucht féachana i láthair.

I ráiteas a chuir an FAI amach tráthnóna, dúradh gur ordaigh rialtas na Slóvaice nach mbeadh aon lucht féachana i láthair ag an gcluiche a imreofar ar an 26 Márta.

Tabharfar luach a thicéid ar ais d’aon duine a raibh sé i gceist acu freastal ar an gcluiche sa Bhratasláiv.

Idir an dá linn, d’fhógair an comhlacht Apple tráthnóna go raibh Covid-19 tolgtha ag duine dá bhfostaithe i gCorcaigh.

Dúirt lucht an chomhlachta go rabhthas ag obair go dlúth leis na seirbhísí sláinte agus gur mheas siad nach mór an baol a bhí ann d’fhostaithe eile.

I mBaile Átha Cliath, d’fhógair Coláiste na Tríonóide go raibh na léachtaí go léir san ollscoil le cur ar ceal ó mhaidin amárach agus gur ar líne a bheadh na léachtaí agus ranganna acu.

Dúirt an Tánaiste agus an tAire Gnóthaí Eachtracha Simon Coveney níos túisce inniu nár cheart d’aon duine as an tír dul go dtí  aon áit san Iodáil mura bhfuil fíorphráinn lena dturas. 

I dtvuít a chuir sé amach dúirt an tAire Coveney go raibh an chomhairle sin á cur orainn i bhfianaise “cúrsaí mar atá laistigh den Iodáil” faoi láthair. 

Tá an 60 milliún duine a chónaíonn san Iodáil gaibhnithe ón lá inniu amach agus na srianta taistil i bhfeidhm sa tír uilig seachas sna ceantair sa tuaisceart ba mheasa a bhí buailte ag an gcoróinvíreas amháin, mar a bhí go dtí seo.

Dúirt Simon Coveney gur iarrachtaí chun an galar a shrianadh atá ar siúl anseo in Éirinn go fóill agus gur as Tuaisceart na hIodáile a tháinig an chuid is mó den 24 cás atá aimsithe sa tír seo.

“Táimid ag iarraidh déileáil leis an ráig seo ar bhealach cuí. Is mian linn cloí le comhairle na saineolaithe sláinte phoiblí. Caithfear éisteacht le comhairle na saineolaithe sin,” a dúirt an Tánaiste.

 Táthar á thuar go mbeidh an ráig den choróinvíreas sa Ríocht Aontaithe i mbarr a nirt sa gcoicís seo amach romhainn, dar leis an bpríomhoifigeach leighis i Sasana. 

Chosain an Dr Jenny Harries cinneadh an rialtais thall gan na scoileanna a dhúnadh ná srianta dochta eile a thabhairt isteach go fóill toisc, a dúirt sí, go raibh na saineolaithe ag déanamh measúnú ar chásanna nua gach uair an chloig ionas go mbeidh siad faoi réir le teacht ar  “réiteach stuama”.

Tá a gcuid eitiltí ar fad chun na hIodáile agus as an Iodáil curtha ar ceal ag British Airways.

Bhí a gcuid eitiltí go dtí tuaisceart na hIodáile curtha ar ceal acu ó inné. 

Tá 116,000 duine buailte ag Covid-19 ar fud an domhain anois agus breis is 4,000 duine curtha den saol aige, ach tá biseach tagtha ar bhreis is 64,000 ón ngalar.

Tá socruithe éagsúla á gcur i bhfeidhm sa 105 tír atá buailte ag an ngalar.

D’fhógair Príomh-Aire na Polainne Mateusz Morawiecki go raibh cosc ar aon ollchruinnithe de bharr an ghalair. 

17 cás den ghalar atá deimhnithe sa Pholainn go dtí seo agus deir lucht leighis ansin go bhfuil drochbhail ar chuid de na hothair sin. 

Tá Poblacht na Seice chun gach scoil sa tír a dhúnadh agus níl aon dáta socraithe acu lena n-oscailt arís. Chomh maith leis sin tá cosc le cur ar aon ócáid ar a mbeadh níos mó ná 100 duine ag freastal. 

Sa tSín thug an tUachtarán Xi Jinping cuairt ar Wuhan, an chéad uair aige dul ansin ó  bhuail an coróinvíreas an áit ar dtús. Meastar gur comhartha atá sa gcuairt seo go gcreideann na húdaráis i mBéising go bhfuil ag éirí lena gcuid iarrachtaí sláinte. 

Tá scaipeadh an ghalair sa tSín maolaithe go mór le seachtain agus tá na húdaráis ansin ag díriú anois ar chosc a chur ar iompórtáil an ghalair as na háiteanna is measa atá buailte – an Iaráin, an Iodáil agus an Chóiré Theas.

 

Fág freagra ar '50 cás den choróinvíreas aimsithe in Éirinn'