5% den ardú buiséid a lorg an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta a bhain leis an nGaeilge

De réir comhfhreagras atá faighte ag Tuairisc.ie faoin Acht Um Shaoráil Faisnéise, €46 milliún breise a lorg an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta roimh bhuiséad 2020

5% den ardú buiséid a lorg an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta a bhain leis an nGaeilge

Ní raibh sa mhéid airgid a lorg an Roinn Ealaíon Oidhreachta agus Gaeltachta don Ghaeilge in 2020 ach thart ar 5% den mhaoiniú breise a lorg siad san iomlán ón Roinn Airgeadais.

De réir comhfhreagras atá faighte ag Tuairisc.ie faoin Acht Um Shaoráil Faisnéise, €46 milliún breise a lorg an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta roimh bhuiséad 2020.

€2 milliún a lorgaíodh faoin dteideal ‘Our Language’ san aighneacht réamhbhuiséid a chuir an Roinn faoi bhráid na Roinne Airgeadais.

Luadh chomh maith Údarás na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge agus €2 milliún breise eile á lorg chun dul i ngleic leis an mBreatimeacht.

Maidir leis €2 milliún breise a lorgaíodh faoin teideal ‘Our Language’, dúradh gur theastaigh sé don phleanáil teanga i réimsí an luathoideachais, an teaghlaigh, na hóige agus na n-ealaíon traidisiúnta.

Dúradh san aighneacht gur “am cinniúnach” a bhí ann maidir leis an gcóras pleanála teanga sa Ghaeltacht agus oifigigh pleanála teanga á gceapadh.

Bhain an chuid is mó den mhaoiniú breise a lorg an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, €19 milliún, le hairgead a chur ar fáil d’institiúidí cultúir amhail an Chomhairle Ealaíon, An Músaem Náisiúnta, Screen Ireland agus an Cheolfhoireann Náisiúnta.

Bhain €12 milliún eile den airgead a lorg an Roinn le cúrsaí timpeallachta agus bithéagsúlachta. Lorgaíodh €4 milliún eile chun clár comórtha chogadh na saoirse a chur i gcrích.

€2m a lorgaíodh do sheirbhís iompair na n-oileán agus €4 milliún breise a theastaigh ón Roinn do chúrsaí earcaíochta, pá agus riaracháin.

Luadh chomh maith €1 milliún do cúrsaí pinsin in eagraíochtaí amhail Foras na Gaeilge agus Údarás na Gaeltachta a mbíonn billí pinsin le n-íoc acu féin rud a dúradh a mbíonn “negative impact” aige ar aon ardú a cheadaítear dóibh. 

Dúirt an Roinn nach raibh ach €1 milliún á lorg acu in airgead caipitil breise do 2020, faoi mar a bhí leagtha síos in Project Ireland 2040.

Sa deireadh cuireadh €2.4 milliún breise ar fáil don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hoileáin i mBuiséad 2020. B’ionann sin agus leath an méid a fógraíodh don Chomhairle Ealaíon amháin agus cháin Conradh na Gaeilge agus polaiteoirí an fhreasúra a laghad maoinithe a cuireadh ar fáil do chiste na Gaeilge.

Méadú beag 2% a cuireadh ar fáil don Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta do chomhoibriú thuaidh/theas (an Foras Teanga, Gníomhaireacht na hUltaise agus Uiscebhealaí Éireann). 

Ceadaíodh €10 milliún do bhuiséad caipitil Údarás na Gaeltachta in 2020, méadú ar an €9 milliún a fógraíodh dó in 2019. Ach ó tharla gur tugadh €700,000 eile don eagraíocht in 2019 le caitheamh ar thograí caipitil, níl ach €300,000 níos mó le caitheamh acu in 2020.

Ceadaíodh sa bhuiséad €1 milliún breise don Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, do chúrsaí iompair chuig na hoileáin (€275,000) agus in airgead reatha don Údarás. San áireamh ansin chomh maith bhí €500,000 don phleanáil teanga. 

€200,000 breise a fógraíodh do na comharchumainn Ghaeltachta a bhfuil breis is 30 acu ann.

Ardú 3.1% a rinneadh ar bhuiséad reatha na Roinne Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta agus ardú 10% a bhí i gceist ar a mbuiséad caipitil.

Fág freagra ar '5% den ardú buiséid a lorg an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta a bhain leis an nGaeilge'