5 amhrán ón taobh tuathail…

Ina ‘Thuairisc ón dTaobh Tuathail’ roghnaíonn Cian Ó Cíobháin ceithre cinn d’amhráin a bhíonn á gcasadh go rialta aige mar aon le ‘Ceann ón gCartlann’, seanphort a bhfuil draíocht ag baint leis i gcónaí…

Cian-image

Bob Dylan – Don’t Think Twice, It’s Alright (Animal Collective Remix)

Seo ceann a chruthaigh Deakin agus Geologist ón mbanna ceannródaíoch Animal Collective don chúigiú breithlá is seachtó ag Bob Dylan agus tá a léamh nua ar an amhrán ón albam ‘The Freewheeling Bob Dylan’ i bhfad Éireann níos cumhachtaí ná mar a bhíos ag súil leis.  Is breá liom an chodarsnacht idir fuaimeanna spéiriúla an bhanna agus glór gairgeach an bhaird. Ceann le sásamh ceart a bhaint as ar na cluasáin.


Dawn Richard – How I Get It

Tá an t-amhránaí R&B Dawn Richard tar éis EP nua a chumadh i dteannta an léiritheora Kingdom.  Ceithre rian atá le clos ar an Infrared EP agus tar éis cluas a thabhairt dó cúpla uair, seo an ceann a sheasann amach.  Tá an cóiriú fíor-lom agus an bhéim ar ghlór Richard d’fhormhór an amhráin, ach ag pointí cuí, pléascann an dord tríd is spreagann sé na céadfaí chun rince.


John Tejada – Integrator

Cé go bhfuil an spotsolas ar rian eile ar EP úr an léiritheora seo, sin an rian ‘Lakeside Drive’ a thug teideal don EP agus a bhfuil físeán cumtha dó, seo an rian atá tar éis sceitimíní a chur ormsa agus ar éisteoirí mo chláir le déanaí.  Tá foinn tharraingteacha meallta ag an léiritheoir cumasach Meiriceánach óna chuid sintéiseoirí agus máistreacht aige ar conas airpéitse éifeachtach a chruthú freisin.


Lone – Backtail Was Heavy

Spreagann singil nua Lone cuimhní ar ré rave órga na nóchaidí luatha lena bhuillí briste ramhra agus rifeanna milse atá fite fuaite tríd.  Seo an chéad singil óna shéú albam ‘Levitate’ agus is breá liom an físeán scéalach seo faoi stiúir  Hugo Jenkins.  Ní sceithfidh mé mórán faoi, ach bí cinnte súil a chaitheamh air ó thús deireadh.


Ceann ón gCartlann

Kate Bush – Army Dreamers

Seo amhrán mar gheall ar mháthar atá ag fulaingt tar éis dá mac bás a fháil ar láthair an chogaidh.vTá an chodarsnacht le mothú go tréan idir théamaí troma, duairce na liricí is cóiriú éadrom an amhráin.  Chomh maith leis an gcóiriú macánta, is í rithim an válsa atá mar bhonn leis an amhrán, rithim éadromchroíoch nach samhlófá le téama uaigneach na liricí.

“What could he do?

Should have been a father,

But never made it to his twenties”.

Cuireann Cian Ó Cíobháin An Taobh Tuathail i láthair ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, ó Luan go hAoine, 22.00 – 00.00 https://www.rte.ie/rnag/an-taobh-tuathail/

Fág freagra ar '5 amhrán ón taobh tuathail…'