5 amhrán ón taobh tuathail…

Ina ‘Thuairisc ón dTaobh Tuathail’ roghnaíonn Cian Ó Cíobháin ceithre cinn d’amhráin a bhíonn á gcasadh go rialta aige mar aon le ‘Ceann ón gCartlann’, seanphort a bhfuil draíocht ag baint leis i gcónaí…

Cian image

Augustus & John – Tokyo, New York

Grúpa atá lonnaithe sa Gaillimh is ea Augustus & John, a chuman popcheol tarraingteach leictreonach. Duine acu is ea ealaíontóir ón Íodáil, Matteo Grassi atá ag cur faoi i gCathair na dTreabh le roinnt blianta anois.

Cúpla bliain ó shin, bhí sé ar thóir duine éigin a raibh taithí aige ar cheol a léiriú le snas a chur ar a chuid ceoil nuachumtha féin. Tharla gur moladh dó casadh le Mike Smalle – fear a d’eisigh albaim ar leith faoi ainmeacha mar Cane 141 agus B-Movie Lightning – ach in áit ceol Grassi a léiriú, bheartaigh Mike ar amhráin nua a chumadh in éineacht leis.

As an gcomhoibriú seo, d’eascair albam nua dar teideal ‘Above Water Hull’, atá lán d’amhráin shuntasacha le foinn thar a bheith mealltach. Is é Peter Kelly a léirigh an físéan don rogha seo uaidh. Beidh Augustus & John ag seoladh a n-albam úr sa Blue Note, Gaillimh oíche Dé Sathairn, an 28ú Samhain.


Julia Holter – Lucette Stranded On The Island

Táimse i ngrá le ceol is amhráin Julia Holter ó Los Angeles, ó chuireas aithne ar a dara albam ‘Ekstasis,’ a heisíodh sa bhliain 2012. Cumann sí amhráin dhraíochtúla, shíiúla, a chuireann leithéidí Bjork nó Kate Bush nó na Cocteau Twins i gcuimhne dom. Is albam ar leith a saothar nua ar Domino ‘Have You In My Wilderness’. Tá an ceann seo ar na cluasáin agam gan stad ná staonadh le gairid:

“The birds can sing a song

How unnaturally I gaze”.


Pilooski feat. Jarvis Cocker – Completely Sun

Tá an léiritheoir ceol leictreonach Pilooski ón bhFrainc tar éis teacht le chéile le Jarvis Cocker, iaramhránaí Pulp cúpla babhta cheana. Dhein Pilooski amhrán le Jarvis ‘You’re In My Eyes (Disco-song)’ a athmheascadh cúpla bliain ó shin agus thug sé cúnamh do Jarvis is taispeáinteas ealaíne á chur i láthair aige i bPáras le gairid.

Mura gcuirfidh an rian féin – fonn diamhair an léiritheora is Jarvis ag insint scéil go fuairchúiseach – driuch ort, seans maith go ndéanfaidh an físeán scanrúil seo an bheart.


Peter Prautzsch – Victorian Dove

Lonnaithe i bpríomhchathair na Gearmáine, bhí cáil ar an bhfear seo as a chuid saothair ciúine aimbiacha tráth. Tá réimse níos leithne fuaime nua á úsáid aige ar a albam úr ‘Fever Drawings’, ina measc buillí house is tionchar ó dhomhan an snagcheoil, ach is léir ar rianta mar an ceann seo go bhfuil an cur chuige macánta séimh a bhí á chleachtadh aige i gconaí fós beo is buan.


Ceann ón gCartlann

Shocking Blue – Love Buzz

Bhíos i láthair sa Triskel i gCorcaigh le gairid nuair a bhí dioscmharcaigh Optimo ó Ghlasgú ag casadh na gceirníní. Ag pointe amháin, chasadar an ceirnín seo agus dúirt leis an té a bhí cliathánach liom: ‘Wow, déarfainn gur leagan clúdaigh é seo d’amhrán atá le clos ar chéad-albam Nirvana’.

Ach nuair a scrúdaíos an scéal i gceart, fuaireas amach gur a mhalairt scéil atá i gceist; is leagan clúdaigh an amhrán atá le clos ar chéad-albam Nirvana d’amhrán a d’eisigh an grúpa Shocking Blue ón mBeilg sa bhliain 1967.

Cuireann Cian Ó Cíobháin An Taobh Tuathail i láthair ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, ó Luan go hAoine, 22.00 – 00.00

Fág freagra ar '5 amhrán ón taobh tuathail…'