5 amhrán ón taobh tuathail…

Ina ‘Thuairisc ón dTaobh Tuathail’ roghnaíonn Cian Ó Cíobháin ceithre cinn d’amhráin a bhíonn á gcasadh go rialta aige mar aon le ‘Ceann ón gCartlann’, seanphort a bhfuil draíocht ag baint leis i gcónaí…

Cian image

Tame Impala – Let It Happen (Soulwax Remix)


Tá an bunleagan den amhrán seo ar cheann d’amhráin mhóra na bliana seo agus, mar is nós dóibh a dhéanamh lena macasamhail d’amhráin, tá deartháireacha Dewaele ó Ghent na Beilge AKA Soulwax tar éis cruth nua a chur air. Chun an fhírinne a insint, ní raibh an tslí ar leagadh amach an bunleagan ró-oiriúnach don úrlár rince is tá feabhas mór curtha ar chúrsaí ag Soulwax. Tá an dordlíne ataithe acu chomh maith. Éist leis ag teacht isteach ag 01.48 is dún do shúile is samhlaigh go bhfuil tú i spás Despacio ag Electric Picnic, áit ar chuala mórán againn an rian seo den gcéad uair nuair a chas James Murphy is Soulwax é i gCo. Laoise an mhí seo caite é.


 

Saint Sister – Madrid


Taifeadta i gCo. Chiarraí ag Alex Ryan, dordghiotaraí le grúpa Hozier, seo an chéad bhlaiseadh againn de chéadeisiúint an ghrúpa, sin an Madrid EP, a bheidh ag teacht amach ar Trout Recordings i mí na Samhna. Is iad Gemma Doherty agus Morgan MacIntyre a bhronn an t-amhrán galánta seo orainn agus idir an amhránaíocht siúil is an cóiriú ciúin, macánta, seo amhrán ná beadh as alt ar aon cheann de scoth-EPanna na Cocteau Twins.


 

Ghost Culture – Lucky


Léiritheoir óg ó Londain é Ghost Culture agus agus Ghost Culture is teideal dá chéad albam freisin, a eisíodh ar Phantasy Sound, lipéad leis an dioscmharcach clúiteach Erol Alkan, mí Eanair seo caite. Tá ‘Lucky’ ar cheann de bhuaicphointí an albaim. Amhrán searbh-mhilis electro-pop atá ann agus tá sé ar fáil anois mar shingil, agus físeán iontach cruthaithe ag John Christian Ferner Apalnes dó. Tá athmheascán nótáltha cruthaithe ag Audion don amhrán seo freisin a chloisfidh tú ag déanamh díobhála do challairí na gclubanna cóire sna seachtainí romhainn.


 

Inni-K – Hold Tight


An chéad rud a thugas fé ndeara nuair a chuala Eithne Ní Chatháin ó Chontae Chill Dara ag canadh den gcéad uair ná go bhfuil guth thar a bheith gleoite aici. D’eisigh sí a céad albam The King Has Two Horse’s Ears, léirithe ag Stephen Shannon, faoina hainm cleite Inni-K níos luaithe i mbliana. Seo an singil is déanaí uaidh agus scuabann sé na cosa fúm gach uair a chloisim é.


 

Ceann ón gCartlann

Spacemen 3 – Big City (Everybody I Know Can Be Found Here)

Bhí lucht leanta ar leith ag an amhrán seo i measc dheagóirí Chorca Dhuibhne is mise ag fás aníos, amhrán a bhíodh le clos ag sileadh ó chluasáin ógánaigh áirithe ar an mbus scoile fadó. Amhrán is ea é ón albam deireanach a d’eisigh an banna Spacemen 3 ó bhaile Rugby sa Bhreatain, Recurring, sa bhlian 1990.

Iontas na n-iontas, ach bhí an rian sícideileach seo, atá fáiscithe as as canbhás daite leathan, le clos ar eagrán den gclár The Simpsons le déanaí (thit Homer i ngrá le spéirbhean agus chuadar le gealaigh ag slogadh siar piollaí). Dúirt Pete Kember AKA Sonic Boom ón mbanna gur iarradh go minic air an rian a chur ar fáil do chláracha is scannain éagsula ach gur dhiúltaigh sé do gach iarratas. Ghéill sé do chlár cailiúil Matt Groening an turas seo, áfach, mar gur thaitin an comhthéacs leis. Ar ndóigh, bhí cáil ar an mbanna Spacemen 3 as dúil ar leith a bheith acu i ndrugaí: thugadar Taking Drugs To Make Music To Take Drugs To ar shaothar a d’eisíodar sna hochtóidí.

Cuireann Cian Ó Cíobháin An Taobh Tuathail i láthair ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, ó Luan go hAoine, 22.00 – 00.00
https://www.rte.ie/rnag/an-taobh-tuathail/

Fág freagra ar '5 amhrán ón taobh tuathail…'