5 amhrán ón taobh tuathail…

Ina ‘Thuairisc ón dTaobh Tuathail’ roghnaíonn Cian Ó Cíobháin ceithre cinn d’amhráin a bhíonn á gcasadh go rialta aige mar aon le ‘Ceann ón gCartlann’, seanphort a bhfuil draíocht ag baint leis i gcónaí…

Cian image

Low – What Part Of Me

Tá an banna Low ó Duluth, Minnesota ag cumadh popamhrán áille indie le breis is fiche bliain anuas agus seo an chéad bhlaiseadh óna 11ú albam Ones & Sixes, a bheidh ar fáil ar Sub Pop ar an 11 Meán Fomhair.  Mar is gnáth, seo amhrán rómánsúil le teolaíocht ar leith cruthaithe as creatha an ghiotáir is an bealach álainn a chanann Alan Sparhawk agus Mimi Parker le chéile.

Alias Empire – A Fire For Your Work

Chuireas aithne ar cheol an bhanna seo ón ardchathair, nuair a d’eisíodar albam faoin ainm Dry County sa bhliain 2007. Bhí an t-albam san ‘Unexpected Falls’ ar ghearrliosta ghradaim Choice na bliana úd. Tá a dara albam faoin ainm Alias Empire díreach eisithe acu agus seo buaicphointe an tsaothair: ón tús séimh ar an bpianó, an lár spleodarach is an chríoch le rian na foirfeachta uirthi…

King Midas Sound / Fennesz – Waves

Tá an-taithí go deo ag Kevin Martin (aithne air as a dub-shaothair from faoin ainm The Bug) as comhoibriú le ceoltóirí is amhránaithe éagsula. Tá dhá albam dub gleoite eisithe aige i dteannta Kiki Hitomi is Roger Robinson faoi scáth an ainm King Midas Sound. Mar sin, ní haon ábhar iontais go bhfuil sé beartaithe ag King Midas Sound ceithre EP a eisiúint amach anseo le léiritheoirí is ceoltóirí difriúla. Ar an gcéad cheann de na saothair seo, ‘Editions 1’, cloisfidh tú an rian seo curtha le chéile acu i dteannta giotáraí is léiritheoir ón Ostair, Christian Fennesz (luaigh mé a phort cailiúil ‘Endless Summer’ sa cholún seo le déanaí). Seo amhrán le cur ar na cluasáin is tú ag síneadh siar ar an urlár siar amach san oíche, má tharlaíonn sé go bhfuil cleachtadh agat ar an nós seo.

Kevin Knapp – Heft

Is breá liom rianta suntasacha house cruthaithe chun daoine a chur le gealaigh ag an bpointe cuí den deireadh seachtaine agus áirím an ceann nua seo ón léiritheoir Meiricéanach Kevin Knapp ar cheann acu. Tá na gneithe cóire ar fad leagtha amach go snasta aige: guth doiléir ag fógairt cá bhfios, blípeanna a shamhlófa le ‘French Kiss’ le Lil Louis, preabanna ramhara ón dord is ós na drumaí a éiríonn níos fiaine nuair a bhíonn an port ina bhuaic.

Ceann ón gCartlann

My Bloody Valentine – Sometimes

Dá gcaithfinn aon amhrán amháin a roghnú ó stór saibhir My Bloody Valentine, seo é an ceann. Táim ag éisteacht leis an amhrán seo le nach mór ceathrú céad bliain anois agus coraíonn sé mo chroí gach uair a thugaim cluas le héistéachta dó. Samhlaíom é i gconaí leis an tráth seo den bhliain is an samhradh ag dul i dtrá. Ní mé amháin atá faoi gheasa aige. Bhain an stiurthóir scannán, Sofia Coppola, leas as an amhrán ar cheolthéama a scannáin Lost in Translation agus tá duine éigin tar éis radharcanna ón scannán a ghearradh leis an leagan athmháistrithe seo ó 2012 ar an bhfíseán seo ar YouTube.  

Mura bhfuil sé agat cheana féin, aimsigh an t-albam a bhfuil sé le clos air, ‘Loveless’. Thar aon albam eile a cumadh riamh, seo é an ceann atá ag uimhir a haon domsa.

Cuireann Cian Ó Cíobháin An Taobh Tuathail i láthair ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, ó Luan go hAoine, 22.00 – 00.00

Fág freagra ar '5 amhrán ón taobh tuathail…'