5 amhrán ón taobh tuathail…

Ina ‘Thuairisc ón dTaobh Tuathail’ roghnaíonn Cian Ó Cíobháin ceithre cinn d’amhráin a bhíonn á gcasadh go rialta aige mar aon le ‘Ceann ón gCartlann’, seanphort a bhfuil draíocht ag baint leis i gcónaí…

Cian image


Inventions – Springworlds

Is mó aithne atá ar na cumadóirí ceoil Matthew Cooper agus Mark T Smith as a ngaiscí le grúpaí eile.  Bíonn Mark ag casadh le Explosions In The Sky is Matthew ag eisiúint ceoil mar Eluvium.  D’eisíodar a gcéad albam in éineacht anuraidh agus ní fada go dtáinig an saothar nua Maze Of Woods sna sálaí air sin. Is breá liom an port seo: an fonnadóireacht aingealda, cnagadh ciúin na ndrumaí is na córdaí drámatúla.


Scuba – Why You Feel So Low

Seo é an chéad singil ó Claustrophobia, albam úr Paul Rose, nó Scuba mar is fearr aithne air. Is mó cosán atá taistealta ag an léiritheoir agus rianta house, techno is dub á chumadh aige mar Scuba nó SCB le nach mór deich mbliana anois. Chaith sé cúig bliana ag cur i láthair an oíche cheoil ‘Sub:stance’ i mBerghain, an mecca techno i bpríomhchathair na Gearmáine, is braithim go bhfuil an port seo déanta don dteampall techno úd. Tá ‘spás’ iontach cruthaithe aige sa rian seo is níl amhras ar bith orm ach go mbeidh seo á chasadh go rialta ag dioscmharcaigh na cruinne an samhradh seo.


Kendrick Lamar – How Much A Dollar Cost

Is scéalaí cumasach é Kendrick Lamar agus ar an amhrán seo, insíonn sé eachtra mar gheall ar fhear gan dídean a thosnaíonn ag iarraidh déirce ar thráchtaire an amhráin lasmuigh de stáisiúin pheitril san Aifric Theas. Tá drogall ar an dtráchtaire aon phingin a thabhairt dó (cé nach aon fhear mór bíobla mé, cloisim go bhfuil na liricí bunaithe ar eachtra atá scríte in Exodus). Ag deireadh an amhráin, deir an té atá ag iarraidh déirce leis an dtráchtaire go fíréanta gurb é Dia féin é is ná beidh aon spás dó choíche sna flaithis. Cuireann an ríf ‘Pyramid Song’ le Radiohead i gcuimhne dom ach nílím céad fán gcéad cinnte an as san a thagann sé.


Faruk Green – Ozgur

Tá meascán leathan de stíleanna éagsula ceoil ar an albam Jeff Ozdemir & Friends.  Jeff is ea duine de na ceoltóirí a bhunaigh an banna Faruk Green agus tá siopa ceirnín – 33RPM – aige i mBerlin. Is cuma cibé a thaitníonn snag-cheol nó pop-cheol nó amhráin indie leat, tá spás dóibh ar fad ar an albam seo. Táim an-tógtha leis an bport uirlise seo a chuireann stíl mhacánta an ghrúpa Cane 141 ón nGaillimh fadó i gcuimhne dom.


Ceann ón gCartlann

Ennio Morricone – A Fistful Of Dynamite (Main Theme)

Ní thosnaíos ag féachaint ar phictiuirí buachaillí bó an mháistir Sergio Leone go dtí le déanaí agus tá scannáin cosúil leis an gceann seo tar éis dul i bhfeidhm go mór orm. Is é Ennio Morricone a chum na ceoltéamaí áille, allúracha do scannáin Leone agus scuab an ceann seo na cosa fúm nuair a chuala é is an pictiúr á thaispéaint ar TG4 le déanaí. Cordaí rómánsúla is glór ag fógairt, ‘sea, ‘Sean, Sean, Sean’ óir is é an sceimhlitheoir IRA Sean Mallory, duine de príomhphearsain an scannáin, atá i gceist.