4,764 cás nua den víreas fógartha, líon na n-othar sna hospidéil tite

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt inniu go raibh cúigear eile a raibh an Covid-19 orthu tar éis bháis

4,764 cás nua den víreas fógartha, líon na n-othar sna hospidéil tite

4,764 cás eile den Covid-19 a d’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna.

Tá líon na n-othar sna hospidéil tite don tríú lá as a chéile agus beagnach 600 othar atá san ospidéal inniu ag an víreas.

598 othar atá buailte ag an ngalar atá sna hospidéil, 13 duine níos lú ná mar a bhí ansin inné. Tá 126 díobhsan in aonad dianchúraim, seisear níos lú ná mar a bhí i gceist inné.

Thug an Phríomhoifigeach Sláinte, an Dr Tony Holohan le fios go bhfuil 62,401 cás deimhnithe le coicís anuas agus gur ábhar imní go fóill é líon na gcásanna nua atá ag teacht chun cinn.

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt inniu go raibh cúigear eile a raibh an Covid-19 orthu tar éis bháis. 1,549 cás nua a fógraíodh.

395 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt agus 35 díobhsan atá in aonad dianchúraim.

Dúirt Anne O’Connor, Príomhoifigeach Oibríochtaí Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, inniu gur údar imní don Fheidhmeannacht an líon ard dá bhfoireann atá as láthair ón obair de bharr cúrsaí Covid-19, cuid acu ag clutharú, cuid ag leithlisiú mar ghartheagmhálaithe, agus cuid acu a bhfuil an víreas tolgtha acu. Tá 5,100 ball foirne amuigh agus an galar orthu nó teagmháil déanta acu leis agus níos mó ná 5800 duine ar fad nach bhfuil in ann freastal ar a gcuid dualgas. Anuas air sin bíonn thart ar 4% den fhoireann amuigh breoite de ghnáth ar chúiseanna éagsúla nach mbaineann in aon chor leis an gcoróinvíreas. 

Dúirt O’Connor go rabhthas ag súil go gcuideodh na teanndáileoga leis an easnamh sin a laghdú. Tá an teanndáileog faighte ag leath d’oibrithe cúram sláinte na tíre, a dúirt an tAire Sláinte. 

Ceann de na moltaí a bhí le plé ag an bhFoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí [NPHET] inniu cibé ar cheart iarraidh ar dhaoine mascanna a chaitheamh ag ócáidí faoin aer agus sna bunscoileanna.  

Dúirt ball de NPHET, an tOllamh Mary Horgan inniu go raibh líon ard leanaí sna bunscoileanna ag tolgadh an víris le cúpla mí agus go mb’fhéidir go gcuideodh mascanna leis an bhfadhb a mhaolú.  

Tá an vacsaín faighte ag 93.3% de dhaoine fásta na tíre seo, a dúirt Príomhoifigeach Cliniciúil an HSE, Colm Henry agus cé go bhfuil líon an-ard cásanna againn, dúirt sé go raibh dea-thionchar na teanndáileoige le feiceáil ar an titim ar líon na ndaoine os cionn 65 atá á gcur sna hospidéil le déanaí. 

Fág freagra ar '4,764 cás nua den víreas fógartha, líon na n-othar sna hospidéil tite'