4,650 cás nua den víreas fógartha, 643 othar sna hospidéil

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt inniu go raibh seisear eile a raibh an Covid-19 orthu tar éis bháis

4,650 cás nua den víreas fógartha, 643 othar sna hospidéil

4,650 cás eile den Covid-19 a d’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna.

643 othar atá buailte ag an ngalar atá sna hospidéil, naonúr níos mó ná mar a bhí ansin inné. Tá 118 díobhsan in aonad dianchúraim, duine níos lú ná inné.

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt inniu go raibh seisear eile a raibh an Covid-19 orthu tar éis bháis. 1,681 cás nua a fógraíodh.

419 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt agus 34 díobhsan atá in aonad dianchúraim.

Fógraíodh níos luaithe na socruithe don chóras nua tástála antaigine i mbunscoileanna an stáit.

Cuirfear tástálacha antaigine ar fáil saor in aisce i mbunscoileanna faoin 29 Samhain.

Má chruthaítear le tástáil PCR go bhfuil Covid-19 ar pháiste amháin i bpod scoile cuirfear tástáil antaigine ar fáil do na páistí eile sa ghrúpa.

Má dheimhnítear dhá chás den ghalar in imeacht seachtaine i níos mó ná pod amháin, cuirfear tástálacha antaigine ar fáil don rang go léir.

Fad is nach bhfuil comharthaí an ghalair air, is féidir le páiste nach bhfuil tástáil antaigine faighte aige freastal ar scoil fiú má tá sé i bpod le páiste eile a raibh toradh dearfach ar thástáil a cuireadh air.

Ní gá d’aon pháiste tástáil antaigine a fháil agus ní córas éigeantach a bheidh ann.

Seolfaidh Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte na tástálacha chuig tuismitheoirí na ndaltaí.

Deirtear gur cheart d’aon dalta a bhfuil comharthaí an ghalair orthu fanacht ag baile.

Idir an dá linn, dúirt Príomhfheidhmeannach an HSE, Paul Reid, inniu go raibh rian na paindéime le feiceáil níos mó ar na hospidéil faoi láthair ná mar a bhí aon uair eile ó tháinig an víreas i dtír an chéad lá.

Bhí líon níos airde othar sna hospidéil mí Eanáir seo caite ach bhí an dianghlasáil i bhfeidhm an uair sin agus ní rabhthas ag iarraidh déileáil le gach seirbhís leighis eile.

Fág freagra ar '4,650 cás nua den víreas fógartha, 643 othar sna hospidéil'