365 cás nua fógartha, an cineál Delta 70% de na cásanna den choróinvíreas atá deimhnithe sa tír

D’fhéadfadh an 1.8 milliún duine, a bhfuil an vacsaín iomlán faighte acu nó atá tagtha chucu féin ón Covid-19, pasanna a fháil le dul amach ag ithe faoi dhíon sna seachtainí beaga seo, de réir tuairiscí ó chruinniú idir lucht Rialtais agus ionadaithe earnáil an fháilteachais inniu

365 cás nua fógartha, an cineál Delta 70% de na cásanna den choróinvíreas atá deimhnithe sa tír

An Taoiseach Micheál Martin. Pictiúr: Julien Behal

365 cás eile den choróinvíreas a d’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna.

51 othar atá buailte ag an ngalar atá sna hospidéil agus tá 14 acusan in aonad dianchúraim.

Dúirt an Dr. Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis na Roinne Sláinte “gurb é an cineál Delta 70% de na cásanna den choróinvíreas atá deimhnithe sa tír faoi láthair”.

“Cé go bhfuil contúirt ag baint leis an gcineál seo i gcónaí, is féidir linne a bhfuil an vacsaín iomlán faighte againn muinín a bheith againn as an vacsaín sin agus a bheith ar ár gcompord ag bualadh le daoine eile a bhfuil an vacsaín iomlán faighte acu.

“Ar an drochuair tá an Delta contúirteach i gcónaí don chuid againn nach bhfuil an vacsaín faighte againn nó atá ag fanacht leis an dara snáthaid. Caithfidh an chuid sin againn cloí leis an gcomhairle sláinte phoiblí, a bheith cúramach faoi na daoine a mbímid ina gcomhluadar, na lámha a níochán agus thar rud ar bith an vacsaín a fháil chomh luath agus a thairgtear duit í,” a dúirt sé.

Tá seans ann go bhfaighidh an 1.8 milliún duine, a bhfuil an vacsaín iomlán faighte acu nó atá tagtha chucu féin ón Covid-19, pasanna le dul amach ag ithe agus ag ól faoi dhíon sna seachtainí beaga seo.

Bhí cruinniú ag lucht Rialtais agus ionadaithe earnáil an fháilteachais inniu, agus moladh gur dóigh gurb iad na pasanna sin an bealach le tithe ósta, bialanna agus caiféanna a athoscailt.

Tuairiscítear gur beag seans go n-úsáidfear tástálacha PCR ná antaigine ar mhaithe leis an athoscailt.  Meastar go mbeidh tuilleadh cainteanna idir an dá dhream an tseachtain seo.

Dúirt an Taoiseach Micheál Martin inniu nach mbeadh aon athrú ar chomhairle NPHET faoi earnáil an fháilteachais. Dúirt siadsan an tseachtain seo caite nárbh inmholta cead a thabhairt ithe agus ól faoi dhíon mura bhféadfaí córas pasanna a chur i bhfeidhm, córas a bheadh docht agus infheidhmithe.

Dúirt an Taoiseach “gurbh ollmhór an dúshlán riachtanais NPHET sin a shásamh”.

Agus an Taoiseach ag trácht ar an gclár vacsaínithe, dhearbhaigh sé go mbeadh vacsaín faighte ag beagnach 50% de na daoine atá ina teideal faoin lá amárach.

“Sílim go mbeidh gar do 50% vacsaínithe amárach,” a dúirt Micheál Martin.

“Tá an-dul chun cinn á dhéanamh againn cé go bhfuil an- imní orainn faoi Delta.”

Dúirt sé gur tugadh amach 343,000 dáileog de vacsaíní an tseachtain seo caite agus go raibh sé i gceist an oiread céanna a dhéanamh an tseachtain seo romhainn.  Thosaigh os cionn 750 cógaslann ag tabhairt vacsaíní do dhaoine idir 18-34 bliain d’aois inniu agus táthar ag súil go dtabharfaidh siad suas le 200,000 snáthaid de vacsaín Janssen amach an mhí seo agus ní theastaíonn ach snáthaid amháin den cheann sin.

D’fhógair Roinn Sláinte Thuaisceart Éireann inniu go raibh 420 cás nua den ghalar deimhnithe. Fógraíodh nach raibh aon duine eile básaithe ansin de dheasca an víris le 24 uair an chloig.

32 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt agus tá ceathrar acusan in aonad dianchúraim. Tuairiscíodh go bhfuil ráigeanna den ghalar i gcúig cinn d’ionaid chúraim i dTuaisceart Éireann.

Tá an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 1,173,365 duine sa Tuaisceart agus tá an dara dáileog faighte ag 897,209.

 

Fág freagra ar '365 cás nua fógartha, an cineál Delta 70% de na cásanna den choróinvíreas atá deimhnithe sa tír'