3.5 milliún focal an Fhoclóra Nua Béarla-Gaeilge ar fáil ar aip nua a seoladh tráthnóna

Dúirt Cathaoirleach Fhoras na Gaeilge, Pól Ó Gallchóir go bhfuil sé ‘an-tábhachtach’ go mbeadh foclóirí na Gaeilge ‘ar fáil ar na meáin agus ar na hardáin nua-aimseartha’

3.5 milliún focal an Fhoclóra Nua Béarla-Gaeilge ar fáil ar aip nua a seoladh tráthnóna

Tá aip don Fhoclóir Nua Béarla-Gaeilge seolta ag Cathaoirleach Fhoras na Gaeilge, Pól Ó Gallchóir, ag ócáid san Aula Maxima in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, tráthnóna inniu.

Tá beagnach 50,000 iontráil, 140,000 brí agus 3.5 milliún focal Béarla agus Gaeilge san fhoclóir, mar aon le comhaid ghramadaí agus comhaid fuaime.

Ag labhairt dó ag an seoladh inniu, dúirt Cathaoirleach Fhoras na Gaeilge, Pól Ó Gallchóir go bhfuil sé “an-tábhachtach” go mbeadh foclóirí na Gaeilge “ar fáil ar na meáin agus ar na hardáin nua-aimseartha”.

“Tá 1.7 milliún úsáideoir sa bhliain ag tarraingt ar shuíomh focloir.ie ó gach áit ar fud an domhain, agus tá súil againn go mbeidh éileamh mór ar an aip anois agus í ar fáil saor in aisce.

“Leis an leagan seo is mian le Foras na Gaeilge go mbeadh an foclóir nua ina bpóca ag gach dalta scoile agus ag gach mac léinn ollscoile,” a dúirt Cathaoirleach Fhoras na Gaeilge, Pól Ó Gallchóir.

In 2015 a seoladh an chéad aip don fhoclóir Gaeilge agus Béarla, agus tá an leagan is déanaí á chur ar fáil saor in aisce mar chuid de Bhliain na Gaeilge 2018.

Tugtar le fios ar shuíomh foclóir.ie go bhfuil aon duine, a cheannaigh an aip roimhe seo, sular cuireadh ar fáil saor in aisce í, i dteideal aip eile a fháil anois gan aon táille a íoc.

Le linn na hócáide céanna i nGaillimh inniu, seoladh an séú heagrán den iris ‘Léann Teanga: An Reiviú’ a fhoilsítear mar chuid den chúrsa MA sa Léann Teanga le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Seoladh chomh maith Scoláireacht Mhic Dhonncha, dhá scoláireacht nua ar fiú €6,015 iad agus a bhfuil urraíocht á déanamh ag Foras na Gaeilge orthu.

Is i gcuimhne ar Joe Mac Donncha (1953-2016), iar-iománaí na Gaillimhe agus iarPhríomhfheidhmeannach de chuid Fhoras na Gaeilge atá Scoláireacht Mhic Dhonncha á cur ar fáil.

Inniu chomh maith a bronnadh a gcuid teastas ar na haistritheoirí creidiúnaithe Béarla-Gaeilge ar éirigh leo i scrúdú an tSéala Creidiúnaithe d’Aistritheoirí in 2017.

Fág freagra ar '3.5 milliún focal an Fhoclóra Nua Béarla-Gaeilge ar fáil ar aip nua a seoladh tráthnóna'