2,950 cás nua den víreas fógartha, ardú ar líon na n-othar sna hospidéil

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt inniu go raibh duine amháin eile ar a raibh an Covid-19 tar éis bháis

2,950 cás nua den víreas fógartha, ardú ar líon na n-othar sna hospidéil

2,950 cás nua den Covid-19 a d’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna.

536 othar atá buailte ag an ngalar atá sna hospidéil, 33 duine níos mó ná mar a bhí ansin inné. Tá 110 díobhsan in aonad dianchúraim, ceathrar níos lú ná mar a bhí inné.

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt inniu go raibh duine amháin eile ar a raibh an Covid-19 tar éis bháis. 1,635 cás nua a fógraíodh ansin.

301 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt agus 34 díobhsan atá in aonad dianchúraim.

Fág freagra ar '2,950 cás nua den víreas fógartha, ardú ar líon na n-othar sna hospidéil'