288 duine san iomlán básaithe ó dheas agus bhain 54% acusan le hionaid altranais

380 duine a raibh Covid-19 orthu atá básaithe in Éirinn faoin tráth seo, 287 duine ó dheas den teorainn agus 92 duine ó thuaidh di

288 duine san iomlán básaithe ó dheas agus bhain 54% acusan le hionaid altranais

Tá 25 duine eile a raibh Covid-19 orthu básaithe ó dheas.

380 duine a raibh Covid-19 orthu atá básaithe in Éirinn faoin tráth seo, 288 duine ó dheas den teorainn agus 92 duine ó thuaidh di.

Thug Príomh-Oifigeach Leighis na Roinne Sláinte an Dr Tony Holohan le fios chomh maith gur bhain 156 den 288 cás ina fuair daoine bás le hionaid altranais, nó 54% den iomlán. San ospidéal a bhásaigh formhór na ndaoine a bhí ag cur fúthu in ionad altranais.

480 cás nua a deimhníodh ó dheas tráthnóna.

De réir fhigiúirí na ranna sláinte, 8,643 cás san iomlán atá in Éirinn faoin tráth seo, 7,054 cás ó dheas agus 1,589 ó thuaidh.

Ach bhí ceist chomh maith ann tráthnóna faoi fhigiúirí oifigiúla na Roinne Sláinte ó dheas.

Thug an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú (ECDC) le fios go raibh 12% níos mó cásanna ann ná mar a tugadh le fios sa phreasráiteas is déanaí ón Roinn inné. An figiúir atá ag an ECDC ná 8,089 cás ó dheas, figiúir atá níos suas chun dáta. Fágann sin go bhfuil 9,678 cás in Éirinn, thuaidh agus theas.

Fógraíodh níos túisce tráthnóna go raibh deichniúr eile a bhí buailte ag an ngalar básaithe sa Tuaisceart. 112 cás nua den choróinvíreas a deimhníodh ó thuaidh níos luaithe tráthnóna.

Cuireadh tástáil don choróinvíreas ar 11,006 duine sa Tuaisceart go dtí seo agus os cionn 50,000 tástáil atá déanta ó dheas.

Tá os cionn 500 cás deimhnithe anois i mBéal Feirste, an áit is mó ina bhfuil cásanna deimhnithe den ghalar, beagnach aon trian de na cásanna ó thuaidh.

Tá síneadh ama fógartha ag an Taoiseach Leo Varadkar ar na srianta atá i bhfeidhm ar shaol sóisialta agus eacnamaíochta na tíre.

Is go dtí Dé Máirt an 5 Bealtaine a mhairfidh na srianta.

Fógraíodh an síneadh ama i ndiaidh d’oifigigh shinsearacha na sláinte poiblí cruinniú a bheith acu inniu chun na chéad chéimeanna eile san fheachtas i gcoinne scaipeadh an choróinvíris a phlé.

Dúirt an Taoiseach go raibh an cinneadh na srianta a chur i bhfeidhm ar feadh trí seachtaine eile bunaithe ar chomhairle na Foirne Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí.

Dúirt sé gurb é “mian a chroí” go gcuirfí deireadh leis na srianta de réir a chéile tar éis an 5 Bealtaine, ach ní fhéadfadh sé geallúint a thabhairt faoi sin. Bheadh maolú na srianta ag brath ar na hiarrachtaí a dhéanfaí sna seachtainí romhainn, ar sé.

Agus focail Sheamus Heaney á dtarraingt chuige aige, dúirt sé, “má chuireann muid an geimhreadh seo dínn, beidh cead a gcinn againn teacht an tsamhraidh”.

Ag baint macalla eile as Heaney, dúirt an Taoiseach:
“Sna laethanta seo amach romhainn, caithfimid leanúint orainn ag iompú ar ár sála agus ag fanacht amach óna chéile. Dá mhéid a fhanann muid óna chéile is fearr a bheidh muid lena chéile. Fanaigí láidir, fanaigí slán agus fanaigí sa mbaile.”

Fógraíodh chomh maith tráthnóna go bhfuil scrúduithe na hArdteiste á gcur siar go dtí deireadh mhí Iúil nó mí Lúnasa agus go bhfuil scrúduithe an Teastais Shóisearaigh curtha ar ceal.

In áit scrúduithe an Teastais Shóisearaigh, déanfaidh daltaí scrúduithe sa rang sa bhfómhar.

Mhol an tAire Oideachais Joe McHugh do scoláirí sos a ghlacadh i rith na Cásca, “a n-anáil a tharraingt agus scíth a ligean” agus sos eile a ghlacadh i mí an Mheithimh. Foilseofar an clár ama nua do na scrúduithe i mí an Mheithimh agus socrófar dátaí eile do na scrúduithe praiticiúla.

Dúirt an tAire Sláinte Simon Harris go mb’fhéidir go raibh daoine tinn tuirseach dó á rá ach nach stopfadh sé ag rá le muintir na hÉireann gur féidir “le dochtúirí beatha na gcéadta  duine a shábháil  le linn na paindéime seo ach gur féidir linne, an pobal,  beatha “na mílte a shábháil”.
I dtús na ráige seo, bhíodh duine a tholg an galar i dteagmháil le 20 duine eile. Faoi láthair tá líon na dteagmhálaithe íslithe go dtí beirt, a dúirt Harris.
Dúradh arís tráthnóna gurb í an sprioc a chaithfí a bhaint amach chun go bhféadfaí na srianta a mhaolú ná  an líon daoine eile a ndéanann othar le Covid-19 ionfhabhtú orthu a bheith faoi bhun 1. Tá sé gar go maith do 1 faoi láthair.

Ar an 16 Márta tholgadh 4.3 duine eile an galar ó othar amháin ar an meán agus faoi dheireadh na míosa seo caite ní raibh i gceist ach 2.5 duine eile d’othar amháin.

Is ar éigean go bhféadfadh an galar maireachtáil sa phobal dá dtitfeadh an líon daoine eile a ndéanann othar le Covid-19 ionfhabhtú orthu faoi bhun 1, ach fad is go bhfanann sé fiú oiread na fríde os cionn 1 leanfaidh líon na gcásanna nua ag fás “go mall ach go seasta”.

Fág freagra ar '288 duine san iomlán básaithe ó dheas agus bhain 54% acusan le hionaid altranais'