2,549 cás nua fógartha, 487 othar buailte ag an víreas sna hospidéil

1,321 cás a dheimhnigh Roinn Sláinte an Tuaiscirt tráthnóna agus deimhníodh go raibh seachtar eile a raibh an Covid-19 orthu tar éis bháis

2,549 cás nua fógartha, 487 othar buailte ag an víreas sna hospidéil

Tá 2,549 cás eile den víreas fógartha ag an Roinn Sláinte tráthnóna.

481 othar a bhí buailte ag an ngalar a bhí sna hospidéil maidin inniu, síos ó 487 inné, agus bhí 97 acusan in aonad dianchúraim, beirt níos lú ná mar a bhí ansin inné.

1,321 cás a dheimhnigh Roinn Sláinte an Tuaiscirt tráthnóna agus deimhníodh go raibh seachtar eile a raibh an Covid-19 orthu tar éis bháis. 2,691 duine ar fad a raibh an víreas orthu atá básaithe ó thuaidh den teorainn ó thús na paindéime.

351 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt inniu, beirt níos mó ná inné, agus tá 34 díobhsan in aonad dianchúraim.

Tá athbhreithniú á dhéanamh ag bhFoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí cibé ar chóir leanaí scoile ar gartheagmhálaithe iad ach nach bhfuil aon chomharthaí sóirt den Covid-19 orthu a thástáil, a deir an Tánaiste Leo Varadkar inniu. Dúirt sé dá ndéanfaí aon leasú ar an gcleachtas atá i bhfeidhm faoi láthair gur dócha gur tástáil seachas rianú teagmhálaithe a dhéanfaí.

Dúirt Varadkar gur bheag an t-iontas go raibh an galar ar go leor leanaí idir 5-12 bliain mar nach raibh aon vacsaín faighte acusan.

Beidh na scoileanna ag athoscailt tar éis saoire na Samhna ar an Luan agus tá imní ar phríomhoidí. Ar an gclár Morning Ireland ar RTÉ inniu dúirt Uachtarán Chumann Múinteoirí Éireann, Joe McKeown, go raibh sé riachtanach go ngabhfadh na húdaráis sláinte i ngleic leis an líon ard cásanna den Covid-19 i measc leanaí scoile.   

“Tá an scéal an-soiléir. Caithfidh teacht a bheith ag príomhoidí ar mheasúnú riosca, rianú teagmhálaithe agus tástálacha do na leanaí, an dream is mó sa tír nach bhfuil aon vacsaín faighte acu,” a dúirt McKeown.

Tá ceardchumann na múinteoir bunscoile ag éileamh go dtabharfaí scéim phíolótach tástálacha antaigine isteach sna bunscoileanna gan mhoill ar mhaithe le fianaise a fháil faoin víreas sna scoileanna.

Fág freagra ar '2,549 cás nua fógartha, 487 othar buailte ag an víreas sna hospidéil'