25% de phobal an Tuaiscirt a chuaigh i ngleic le ‘cultúr agus oidhreacht na hÉireann’ i 2014/2015 – suirbhé nua

Ba iad ‘féilte Gaeilge’ agus ‘fleánna ceoil’ ba mhinice a luadh mar imeachtaí cultúrtha Éireannacha sa suirbhé

c-lann1-e1436008111712Chuaigh 23% de phobal an Tuaiscirt i ngleic le ‘cultúr agus oidhreacht na hÉireann’ sna blianta 2014/15 – nach mór an céatadán céanna a bhí ann sa dá bhliain roimhe sin.

De réir na staitisticí i dtuarascáil a d’fhoilsigh an Roinn Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta inniu, chuaigh beagnach 40% de Chaitlicigh fásta agus beagán le cois 10% de Phrotastúnaigh fásta i ngleic le cultúr agus oidhreacht na hÉireann le linn na mblianta 2014 agus 2015.

Ba iad ‘féilte Gaeilge’, ‘fleánna ceoil’ agus ‘casadh ceoil’ ba mhinice a luadh mar imeachtaí cultúrtha Éireannacha sa suirbhé agus ‘féilte’, ‘paráidí’ agus ‘rincí’ ba mhó a luadh mar ‘ócáid chultúrtha Éireannach’ in Experience of Irish culture and heritage by adults in Northern Ireland 2014/15.

Dúirt formhór de dhaoine fásta (84%) go raibh “meas éigin” acu ar chultúr agus traidisiúin na hÉireann agus thug beagnach 20% acu le fios go raibh tuiscint mhaith acu ar chultúr agus ar thraidisiúin na hÉireann. Thug 17% le fios nach raibh tuiscint dá laghad acu ar na rudaí sin agus dúirt 7% nach raibh aon mheas acu orthu.

Ba mhó an meas i measc an phobail Chaitlicigh (91%) ar “chultúr agus oidhreacht na hÉireann” i gcomparáid leis an bpobal Protastúnach (79%).

Tá na figiúirí seo (23%) nach mór mar a chéile leis na figiúirí a fuarthas nuair a rinneadh suirbhé ar an ábhar céanna i 2013/14, ach tá ardú tagtha ar líon na ndaoine a chuaigh i ngleic leis an gcultúr Éireannach ó bhí 2012/13 ann (16%).

Ba iad an dream is sine ar fad, 65 bliain nó níos sine, ba lú a ghlac páirt in ‘imeachtaí cultúrtha Éireannacha’ (7%) agus ba é an dream óg , idir 16 agus 24 bliain d’aois, ba mhó a ghlac páirt ina leithéid d’imeachtaí (17%).

Ba mhó i bhfad an céatadán de dhaoine a d’fhreastail ar imeacht ‘Éireannach’ i gceantair atá faoi mhíbhuntáiste sóisialta (22%) ná mar a d’fhreastail i gceantair atá níos fearr as (9%). Ba bheag an difríocht a bhí ann idir ceantair uirbeacha agus tuaithe, 14% agus 13% faoi seach.

Bhí na mná beagán chun cinn ar na fir; d’fhreastail 15% de mhná agus 12% d’fhir ar imeacht a bhain leis an gcultúr Éireannach.

Tugtar mioneolas ar na cineálacha éagsúla imeachtaí a luadh sa suirbhé. Bhí ranganna teanga ar an liosta ach níor fhreastail ach 2% den phobal ar rang den chineál sin. Ar na himeachtaí eile a luadh, taobh amuigh de na trí cinn mhóra – ‘féilte Gaeilge’, ‘fleánna ceoil’ agus ‘casadh ceoil’ – bhí ‘drámaí’, ‘ranganna staire’, ‘ranganna litríochta’, ‘feiseanna’ agus ‘rincí’.

Déantar idirdhealú sa suirbhé idir páirt a ghlacadh in ‘imeacht cultúrtha Éireannach’ agus freastal ar ‘ócáid chultúrtha Éireannach’.

Ba mhó an líon daoine a d’fhreastail ar ócáidí cultúrtha Éireannacha ná mar a ghlac páirt in imeachtaí iad féin. Bhí 22% de dhaoine i láthair ag ócáid le linn na mblianta 2014/2015 agus arís eile, ba iad na mná (25%) seachas na fir (18%) is mó a d’fhreastail ar na hócáidí sin.

Ba é an chúis ba mhó a tugadh maidir le cén fáth nach bhfreastalódh duine ar ócáidí cultúrtha Éireannacha ná easpa spéise. Thug 44% de na daoine a ceistíodh “níl mórán spéise agam ann” mar fhreagra ar an gceist. Dúirt 14% gur easpa ama a chuir bac ar a bhfreastal ar ócáidí Éireannacha agus 7% a dúirt nach ndearnadh a dhóthain poiblíochta ar ócáidí Éireannacha ina cheantar.

Luadh costas (2%), cúrsaí sláinte (6%) agus easpa áiseanna sa cheantar áitiúil (4%) mar chonstaicí freisin. Thug 4% le fios nach n-aireodh siad “ar a gcompord” ag ócáid chultúrtha Éireannach.

Fág freagra ar '25% de phobal an Tuaiscirt a chuaigh i ngleic le ‘cultúr agus oidhreacht na hÉireann’ i 2014/2015 – suirbhé nua'