Ní leor seanmóireacht le dul i ngleic le ciníochas

Tá fíordheacrachtaí sa tír seo, deacrachtaí a thugann deis dóibh siúd a dteastaíonn uathu teachtaireacht chiníoch a chur chun cinn

Ní leor seanmóireacht le dul i ngleic le ciníochas

Maidir leis na círéibeacha i mBaile Átha Cliath, tá aird na meán ar fad nach mór ar theip an rialtais córas fiúntach a bheith i bhfeidhm acu le smacht a choinneáil ar eachtraí mar sin.

Luaitear lagmhisneach a bheith ar ghardaí agus faitíos orthu go dtiocfadh GSOC ina ndiaidh dá ndéanfaidís póilíniú fórsúil.

Ar an taobh eile, tá Liam Herrick ó Chomhairle na hÉireann um Chearta an Duine ag rá nach cóir gur leithscéal a bheadh sna círéibeacha leis an ruaig a chur ar chearta dlíthiúla is daonna.

Tá daoine eile ag gearán nach bhfuil Baile Átha Cliath slán le tamall fada, agus polaiteoirí an fhreasúra ag rá gur ar an Aire Dlí is Cirt, Helen McEntee, agus ar Choimisinéir an Gharda Síochána, Drew Harris, atá an milleán.

Díospóireacht thábhachtach í sin agus leanfar léi gan dabht.

Ach tá gné eile den scéal atá, ceapaim, níos tábhachtaí, agus sin é cén chaoi ar fhás an ciníochas agus céard is cóir a dhéanamh le ciníochas a dhíbirt amach as an tsochaí seo?

Glacaim leis gur gnáthchoirpigh, an lumpen proletariat nó fo-phrólatáireacht, cuid mhaith díobh siúd a bhí ag dó busanna, ag creachadóireacht sna siopaí is ag déanamh ionsaithe ar ghardaí, ach ba é an ciníochas an inspioráid a bhí acu siúd a d’fhógair ar na meáin shóisialta gur chóir ‘bally up, tool up’ (aghaidh a chumhdach agus uirlis a thabhairt leat) agus eachtrannaigh a mharú.

Tá a fhios againn na scéalta. Eachtrannaigh is teifigh atá taobh thiar den choiriúlacht, de na hionsaithe ar mhná, go bhfuil Moslamaigh ag iarraidh fuath do mhná is déistin le sibhialtacht na hÉireann a chothú, gurb iad na teifigh is cúis le géarchéim na tithíochta, gur mionlach inár dtír féin a bheidh ionainn, is eile.

Níl fianaise dá laghad d’aon cheann de na ráitis sin ach scaiptear is athinsítear go forleathan iad ar na meáin shóisialta.

Ach nílimid ag dul i ngleic leis na hargóintí, feictear dom. Ní leor seanmóireacht a dhéanamh; ní leor labhairt go postúil, amhail is gur daoine gan fiúntas, gan luach, iad seo.

Caithfear dul i ngleic lena bhfuil á rá ag daoine. Céard iad na fíorfhigiúirí maidir le coiriúlacht sa tír, maidir le foréigean is eile? Más daoine a rugadh thar lear 20% de lucht oibre na hÉireann, an ag cur le saibhreas na tíre atá siad nó ag baint de?

Ní hin le rá gur chóir ardán a thabhairt dóibh gan cheist ach baq chóir argóint shoiléir a dhéanamh bunaithe ar fhíricí an scéil.

Mar caithfimid cuimhneamh air freisin go bhfuil fíordheacrachtaí sa tír seo, deacrachtaí a thugann deis dóibh siúd a dteastaíonn uathu teachtaireacht chiníoch a chur chun cinn.

Tá géarchéim tithíochta ann. Ni féidir linn dídean cheart a chur ar fáil dár muintir. Níl na hacmhainní nó an phleanáil againn le déileáil i gceart le 90,000 teifeach ón Úcráin ná na mílte eile nach ón Úcráin iad.

Ní dhéanann an rialtas aon iarracht labhairt leis an bpobal faoina gcuid pleananna, sa mhéad is go bhfuil pleananna acu. Chuir Calafort Ros Láir (sráidbhaile dhá mhíle duine) fáilte mhór roimh 300 teifeach. An toradh? 400 duine eile le teacht, ach gan aon phleanáil do na seirbhísí sláinte, scolaíochta, cearta oibre is eile a bheidh ag teastáil.

Agus má thagann sé go dtí an pointe nach féidir linn cúram ceart a thabhairt dá thuilleadh inimirceoirí is teifigh, admhaímis é sin. Nó, má chreideann an rialtas go gcaithfimid é a dhéanamh, bíodh plean cuimsitheach oibrithe amach acu.

Is cinnte ag deireadh thiar go bhfuil fadhbanna tithíochta, éadóchais is coimhthís fite fuaite le baol an chiníochais. Ní féidir leath den scéal a réiteach gan leigheas a fháil ar an leath eile.

Maidir le póilíniú, tá leisce orm leigheas na láimhe láidre a mholadh. Is cuimhin liom an heavy gang is eile, agus tá sé tábhachtach go gcloífeadh gardaí leis an dlí is go ndéantar fiosrú ceart ar líomhaintí ina gcoinne, ach fiosrú tapa, éifeachtach, cruinn is cóir a bhíonn ag teastáil i gcásanna mar seo.

Beidh fadhb na mionchoiriúlachta againn go ceann i bhfad chomh maith leis an gcoimhthíos a spreagann é, ach is trí fhreastal ar fhíor-riachtanais an phobail – an pobal dúchasach, an pobal inimirceach, teifigh is lucht iarrtha dídine – a réiteoidh muid an fhadhb mhór.

Má bhíonn áit chónaithe cheart ag chuile dhuine, ní bheidh aon achrann faoin scéal.

Ach sin í croí na faidhbe, mar is iad na tógálaithe, lucht talún is lucht airgid, a bheadh thíos leis dá gcuirfeadh muid leas an phobail roimh chearta lucht an bhrabúis.

Cén praghas atá muid sásta a íoc le dul i ngleic le ciníochas?

 

Fág freagra ar 'Ní leor seanmóireacht le dul i ngleic le ciníochas'

  • Siob

    Go bhfóire Dia orainn. Níl ann don chiníochas in Éirinn.

  • Seosamh Ó Beirgın

    Mar pointe eolais, is é an “fhó-phrólataireacht nó “the lumpen proletariat” an téarma a úsáideann lucht tacaíochta Karl Marx chun chur síos ar an chuid sin den lucht oibre nach bhfuil spéis acu i ndul-chun-chinn réabhlóideach. Is téarma díspeagtha é.

    Oxford Dictionary of English
    lumpenproletariat /ˌlʌmpənprəʊlɪˈtɛːrɪət /
    ▸ noun [treated as singular or plural] (especially in Marxist terminology) the unorganized and unpolitical lower orders of society who are not interested in revolutionary advancement.