20 ceist do na hiarrthóirí i dtoghchán na huachtaránachta…

Tá fiche ceist ag ár gcolúnaí don seisear atá san iomaíocht i Rás an Árais…

20 ceist do na hiarrthóirí i dtoghchán na huachtaránachta…
  1. Cáideo a bhí tú ag cluiche páirce?
  2. An mbeifeá sásta freastal ar leathchéad cluiche spóirt as seo go ceann bliana (na céadta sna seacht mbliana)?
  3. An bhfuil tú siocrach do shlaghdáin? Beidh go leor lámha smaoiseacha agus póga aicídeacha ag cuimilt duit go ceann seacht mbliana.
  4. An bhfuil tú ceanúil ar bheadaíocht nó an bhfuil galar an chraois ag gabháil duit? Fiafraigh den dochtúir faoin gcontúirt a bhaineann leis an ampla agus an placadh ag ócáidí ceiliúrtha.
  5. An bhfuil tú in ann do chuid óil a iompar? Beidh neart de thart ort.
  6. An bhfuil greim ar do theanga agus ar do pheann agat? Cloisfidh tú neart pápaireachta agus deargbhréaga agus caithfidh tú guaim a choinneáil ort féin.
  7. An mbuaileann fonn ragúis thú scaití? Fainic! Fan leis an ióga.
  8. An bhfuil spás ar do chába don fháinne, don dá phoipín agus don lile?
  9. An miste leat na huachtaráin a bhí ansin romhat a bheith ag faire ort ar na pasáistí?
  10. An gcuirfidh taibhsí fhir ionaid an rí san áras aon mhairg ort?
  11. An maith leat a bheith ag tiomáint?
  12. An bhfuil sléachtaí Chogadh na gCarad fós á reic agat?
  13. An bhfuil acmhainn agat ar an bhfuacht? Is iomaí gaoth fhuar fheanntach a bhuailfidh thú ag na hócáidí cuimhneacháin sin go léir.
  14. Ar fhan tú in aon phost eile ar feadh seacht mbliana?
  15. Dá bhfaighfeá tairiscint níos fearr as seo go ceann seacht mbliana, an imeofá?
  16. An bhfuil tú ceanúil ar shochraidí is aifrinn agus ráitis neamhchonspóideacha faoi na mairbh? Go leor acu romhat.
  17. An bhfuil aon ainmhithe agat? An dtabharfaidh tú leat go dtí an tÁras iad agus an dtabharfaidh tú aire mhaith dóibh?
  18. An leanfaidh tú leis na cóisirí sa ngairdín?
  19. An labhróidh tú Gaeilge ag an insealbhú agus an ngabhfaidh tú ar aistear teanga ina dhiaidh?
  20. An nglacfaidh tú an mhóid ar an mBíobla?

Fág freagra ar '20 ceist do na hiarrthóirí i dtoghchán na huachtaránachta…'