1,978 cás nua fógartha, breis is 10,000 cás fógartha le seachtain anuas

1,389 cás eile a dheimhnigh Roinn Sláinte an Tuaiscirt tráthnóna agus d’fhógair siad go raibh ceathrar eile a raibh an Covid-19 orthu tar éis bháis

1,978 cás nua fógartha, breis is 10,000 cás fógartha le seachtain anuas

Tá 1,978 cás eile den víreas fógartha ag an Roinn Sláinte tráthnóna.

221 othar a bhí buailte ag an ngalar a bhí sna hospidéil maidin inniu agus bhí 43 acusan in aonad dianchúraim.

De réir na bhfigiúirí is deireanaí, tá dáileog amháin faighte ag 3,242,688 duine atá 16 bliain d’aois nó os a chionn, agus tá dhá dáileog faighte ag 3,046,066 duine.

Dúirt an Leas-Phríomhoifigeach Leighis, an Dr Ronan Glynn go bhfuil breis is 10,000 cás nua deimhnithe le seachtain anuas. Dúirt sé go raibh ráta scaipthe an víris an-ard i nDún na nGall, Muineachán, Maigh Eo, Gaillimh, Ros Comáin, contae an Lú agus an Cabhán ach go raibh méadú ag teacht ar líon na gcásanna i ngach contae sa stát.

Tá beagnach 65,000 de dhéagóirí an stáit idir 12 agus 15 bliain tar éis clárú do vacsaín in aghaidh an Covid-19 agus coinne socraithe do chuid acu cheana féin.

1,389 cás eile a dheimhnigh Roinn Sláinte an Tuaiscirt tráthnóna agus d’fhógair siad go raibh ceathrar eile a raibh an Covid-19 tolgtha acu tar éis bháis. 2,240 duine ar fad atá básaithe de dheasca an víris ó thuaidh ó thús na paindéime.

359 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt agus tá 44 díobhsan in aonad dianchúraim.

Tá an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 1,246,907 duine sa Tuaisceart agus tá an dara dáileog faighte ag 1,109,693 duine.

Fág freagra ar '1,978 cás nua fógartha, breis is 10,000 cás fógartha le seachtain anuas'