‘1916 agus an Ghaeilge’ á phlé in Éigse Loch Lao agus Cumann na mBan faoi chaibidil in iarthar Chorcaí

Is é ‘1916 agus an Ghaeilge’ an téama a bheidh faoi chaibidil ag Éigse Loch Lao agus, ó dheas, beidh neart léachtaí agus imeachtaí ceoil agus filíochta ar siúl ag Daonscoil an Fhómhair i gCorcaigh

Screen-Shot-2015-08-27-at-21.07.15

Tá tús á chur inniu le hÉigse Loch Lao a bheidh ar siúl as seo go ceann dhá lá in Ollscoil Uladh agus in Áras Mhic Reachtain i mBéal Feirste. Is é ‘1916 agus an Ghaeilge’ an téama a bheidh faoi chaibidil ag éigse na bliana seo.

Ar na cainteoirí a chloisfear ag an Éigse, beidh Fionntán de Brún, Alan Titley, Róisín Ní Ghairbhí agus Aindrias Ó Cathasaigh. Cloisfear cainteanna freisin ó leithéidí Ríona Nic Congáil agus Hugh Rowland.

Idir an dá linn, beidh Daonscoil an Fhómhair faoi lánseol arís inniu in Óstán Ghuagán Barra in iarthar Chorcaí agus mairfidh sé go dtí an Domhnach.

Beidh neart imeachtaí ceoil agus filíochta ar siúl mar chuid den cheiliúradh, mar aon le roinnt léachtaí ar Chumann na mBan, téama na Daonscoile i mbliana.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt Nollaig Ó Donnabháin, duine de Choiste na Daonscoile, go raibh “Daonscoil de shaghas éigin ann le breis agus 30 bliain anuas”, ach gur beartaíodh í a bhogadh go Guagán Barra ar mhaithe le héascaíocht tuairim is cúig bliana déag ó shin, agus go bhfuil sí ann ó shin. “Bíonn an t-óstán lán go barra i gcónaí,” a dúirt sé.

Mhínigh Ó Donnabháin gur eascair an Daonscoil as Daonscoil na Mumhan, a bhíonn ar siúl i nGaeltacht na Rinne gach bliain. Ba í an scoil sin a thug inspioráid do mhuintir Chorcaí a gceann féin a thosnú.

Bunaíodh Daonscoil na Mumhan chun deis a thabhairt do dhaoine teacht le chéile agus gnéithe éagsúla d’oidhreacht na tíre agus na teanga a phlé. Is dlúthchuid den Daonscoil an ceol, an amhránaíocht agus ceist an oideachais agus tá muintir Mhúscraí tar éis a ndaonscoil siúd a bhunú ar na hábhair chéanna agus ar an gcur chuige céanna.

Bíonn idir lúibíní, agallaimh bheirte, siúlóidí, amhránaíocht agus filíocht mar chuid lárnach den Daonscoil i gCorcaigh agus ní bheidh aon easpa imeachtaí ar siúl i mbliana.

Cuirfear tús leis an Daonscoil tráthnóna le bronnadh duaiseanna ar scoláirí mheánscoileann Mhúscraí i mBéal Átha an Ghaorthaidh agus déanfaidh an Feisire Eorpach, Liadh Ní Riada, an scoil a oscailt go hoifigiúil ag 6:30 ag dinnéar na scoile.

Ina dhiaidh sin, cloisfear caint ó Thadhg ó Súilleabháin ar Chumann na mBan.

Labharfaidh Dónal Ó Loingsigh ar chúrsaí saibhreas teangan maidin Dé Sathairn agus cloisfear corrstéibh d’amhrán ó Mháire Ní Chéilleachair tar éis lóin an lá céanna.

Léireofar dráma le Liam Ó Mathúna dar teideal ‘Séadna an Lae Inniu’, a bheidh ar siúl ag 8.30 agus beidh seisiún oscailte amhránaíochta le hEilís Uí Thuama ar siúl ina dhiaidh sin.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoin Daonscoil anseo.

Fág freagra ar '‘1916 agus an Ghaeilge’ á phlé in Éigse Loch Lao agus Cumann na mBan faoi chaibidil in iarthar Chorcaí'