‘1916 agus an Ghaeilge’ a bheidh mar théama ag Éigse Loch Lao i mbliana

Déanfar scagadh i mBéal Feirste ag tús na míosa seo chugainn ar ghnéithe éagsúla den athbheochan agus d’Éirí Amach na Cásca

Screen Shot 2015-08-27 at 21.07.15

Is chun léann agus litríocht na Gaeilge a cheiliúradh agus a bhuanú i gcathair Bhéal Feirste a cuireadh Éigse Loch Lao ar bun, agus is é ‘1916 agus an Ghaeilge’ an téama a bheidh faoi chaibidil ag éigse na bliana seo, atá ar siúl ag tús mhí Dheireadh Fómhair.

Ar na cainteoirí a chloisfear ag an Éigse, beidh Fionntán de Brún, Alan Titley, Róisín Ní Ghairbhí agus Aindrias Ó Cathasaigh. Cloisfear cainteanna freisin ó leithéidí Ríona Nic Congáil agus Hugh Rowland.

Is léachtóir sinsearach le Gaeilge é Fionntán de Brún agus is é stiúrthóir Éigse Loch Lao é. Tá ailt éagsúla scríofa aige ar théama na hathbheochana, ina measc, ‘We want no Gothic Revival’: Pádraig Mac Piarais, an Gotachas agus an athbheochan’ in Féilscríbhinn do Chathal Ó Háinle (Cló Iar-Chonnacht, 2012). An t-ábhar cainte a bheidh aigesean ag an éigse ná ‘Pádraig Mac Piarais, Scoil Éanna, agus neamhspleáchas intleachtúil na hÉireann’.

Scagadh ar óráid an Phiarsaigh ag uaigh Uí Dhonnabháin Rossa a dhéanfaidh Róisín Ní Ghairbhí, léachtóir sinsearach i gColáiste Mhuire gan Smál, Luimneach. Bhí Róisín ina comheagarthóir ar Patrick Pearse: Collected Plays/ Drámaí an Phiarsaigh (Irish Academic Press, 2013) agus is í a scríobh beathaisnéis Willie Pearse don tsraith ‘16 Lives’, a d’fhoilsigh O’Brien Press i mbliana. ‘Clanna Gael: ‘An Síogaí Rómhánach’ agus óráid an Phiarsaigh ag uaigh Uí Dhonnabháin Rossa’ is teideal dá caint.

Bheadh aithne mhaith faoi seo ar Aindrias Ó Cathasaigh as an dá shraith teilifíse ar an Éirí Amach atá scríofa aige, chomh maith leis na leabhair a ghabhann leo: 1916 Seachtar na Cásca (2010) agus 1916 Seachtar Dearmadta (2013).

Scríobh sé An Modh Conghaileach ar pholaitíocht Shéamais Uí Chonghaile (1996), agus tá leabhair scríofa aige ar Mháirtín Ó Cadhain, Pádraic Ó Conaire, Karl Marx agus Friedrich Engels chomh maith. ‘An teanga i gcnó caoch na Cásca’ a bheidh mar ábhar cainte aige ag an éigse.

Is as Contae Mhaigh Éo ó dhúchas do Hugh Rowland, ar bronnadh Ph.D air níos túisce i mbliana. Ba é an LFM ábhar a mhórthráchtais agus cuirfidh sé dearcadh agus fealsúnacht na heagraíochta sin i gcomórtas le hidé-eolaíocht na heagraíochta Misneach i gcaint dar teideal ‘Comóradh 50 bliain an Éirí Amach i 1966: coimhlint idé-eolaíochta idir Misneach agus an LFM’.

Caithfidh an léachtóir Ríona Nic Congáil súil ar ‘Mná na hAthbheochana agus imeachtaí 1916’ agus pléifidh an tOllamh Alan Titley ‘Spiorad na Saoirse’ i scríbhinní Phádraig Uí Dhuinnín i 1915.

– Beidh Éigse Loch Lao Dé hAoine ar siúl ón Aoine an 2 Deireadh Fómhair go dtí Dé Sathairn an 3 Deireadh Fómhair in Ollscoil Uladh, Béal Feirste agus in Áras Mhic Reachtain

Fág freagra ar '‘1916 agus an Ghaeilge’ a bheidh mar théama ag Éigse Loch Lao i mbliana'