Ar mo bhealach amach as an ollmhargadh lá an tseachtain seo chonaic mé carnán de phluid in aice leis an doras. Ar an dara hamharc thugas faoi deara go raibh fear caite ar an talamh agus an phluid á chlúdach. Ó bhí sé ina chodladh ní raibh deis chomhrá agam leis.
Cá bhfios cén scéal cráite pearsanta atá aige. Is iomaí cúis ag daoine a bheith gan dídean ach den chuid is mó, is easpa tithíochta nó easpa deis ar thithíocht is cúis leis. Chomh maith leis na daoine dearóile ar na sráideanna tá na sluaite ar liosta feithimh atá ag dul i bhfad an t-am ar fad. Tá roinnt pacáilte isteach i dtithe beaga sa mhullach ar a muintir, daoine ar thoilg a gcairde nó i seomraí ar cíos nach bhfuil feiliúnach do theaghlaigh.
Ní bhíonn oiread airde ar an bhfadhb i dTuaisceart Éireann is atá sa Phoblacht ach is cruacheist í a bhfuil gá le gníomh deimhneach ó Stormont ina leith. Áirítear go bhfuil suas le 29,000 teaghlach a bhfuil gá práinneach acu le tithíocht phoiblí.
Más tús maith leath na hoibre caithfear fáilte a chur roimh an bplean a d’fhógair an tAire Pobal in Stormont le déanaí. Tá Feidhmeannacht Tithíochta chun tithe sóisialta a thógáil den chéad uair le scór bliain.
Cumainn tithíochta a sholáthair na tithe sa tréimhse sin agus níor leor iad. Le seacht mbliana anuas thógadar timpeall 1,500 teach gach bliain ach san tréimhse chéanna bhí 1,000 iarrthóir sa bhreis á gcur leis an liosta feithimh gach bliain. Ina theannta sin bhí drochbhail ar chuid mhór den stoc a bhí ar fáil nó díoladh tithe le tionóntaí; ní raibh an Fheidhmeannacht in acmhainn an stoc a dheisiú.
Anois ta rún ag Roinn Pobal san Fheidhmeannas an NIHE (Feidhmeannacht Tithíochta Thuaisceart Éireann) a chur i mbun na hoibre, an cuspóir a bhí leis nuair a bunaíodh é in 1971. Is í Carál Ní Chuilinn, an tAire Pobal eatramhach, a d’fhógair an plean. Tá sí i mbun na Roinne fad is atá a comhghleacaí as Sinn Féin, an tAire Deirdre Hargey ar shaoire bhreoiteachta.
Tá an plean casta ach go bunúsach tabharfaidh sé an t-údarás dó airgead a fháil ar iasacht chun tithe a thógáil agus don bhrainse a bheith ag feidhmiú mar thiarna talún chun an stoc a fheabhsú.
Dúirt an tAire gur léirigh anailís in 2018 go mbeadh gá le £7 billiún chun 85,000 teach a thabhairt suas chun dáta sa scór go leith bliain atá amach romhainn agus £3 billiún de sin riachtanach idir seo agus 2030. Ní bheadh an Fheidhmeannacht – mar atá – in acmhainn ach leath na hoibre sin a mhaoiniú.
Is cosúil go sásódh sé sin an riachtanas ach beidh le feiceáil cén fhad a thógfaidh sé chun a dhul i mbun gnímh. Dúirt Cathaoirleach na Feidhmeannachta go raibh siad ag fanacht ar an bplean seo le seacht mbliana. Caithfear a bheith ag súil nach dtógfaidh sé blianta chun an scéim a chur i bhfeidhm.
Is iad tuaisceart agus iarthar Bhéal Feirste agus Doire na ceantair is mó ina bhfuil gá le tithe nua nó gá leis an stoc a fheabhsú. Bhí fadhb ar leith ag an bhFeidhmeannacht maidir le tógáil ar thailte atá ina seilbh féin i dtuaisceart Bhéal Feirste. B’fhéidir go mbeadh daoine ‘ón taobh eile’ ag iarraidh cur fúthu i dtithe nua in eastáit nach mbeadh fáilte rompu iontu. Is minic a chonacthas bratacha agus fógraí imeaglacha á gcur ar thithe chun a chur in iúl nach mbeadh sé sábháilte ag daoine áirithe cur fúthu iontu.
Ní sháróidh airgead amháin an chonstaic sin. ’Sí an aisling i gcónaí eastáit mheasctha a thógáil ach níor éirigh go hiontach le ceann in oirthear Bhéal Feirste mar ar deineadh imeaglú ar dhaoine toisc gur ceapadh gur Chaitlicigh iad. Mar is léir don saol is dúshlán do gach páirtí sa bhFeidhmeannas agus don tsochaí fré chéile é an seicteachas sin. Ní féidir é a fhágáil faoin bhFeidhmeannacht Tithíochta amháin ach is léir nach mbeidh rath ar phlean ar bith, dá fheabhas é, go dtí go mbeidh daoine sábháilte is iad ag baint leas as tithíocht, beag beann ar a gcúlra.
Adam Lawson
Maith iadsan san Fheidhmeannas. Is dóigh liom gur iomaí ceachtanna a d’fhéadfadh linn a fhoghlaim sa Stát ón dóigh a ndéantar an pholaitíocht sa Tuaisceart – bíonn an chuma ar an scéal go bhfuil an pholaitíocht níos gaire leis an phobal ansin, agus an Feidhmeannas níos fearr ag oibriú ar son leas an phobail ar fad ná mar atá an rialtas anseo. Céard a cheapann daoine eile?