18 bunscoil lán-Ghaeilge ag fanacht 20 bliain nó níos faide ar chóiríocht bhuan

Breis is 5,000 páiste i mbunscoileanna lán-Ghaeilge nach bhfuil cóiríocht bhuan acu

18 bunscoil lán-Ghaeilge ag fanacht 20 bliain nó níos faide ar chóiríocht bhuan

Tá ar a laghad 36 bunscoil lán-Ghaeilge sa stát nach bhfuil cóiríocht bhuan acu agus tá leath acu sin, 18 scoil, ag fanacht 20 bliain nó níos faide ar chóiríocht bhuan.

Breis is 5,000 páistí atá ag freastal ar na scoileanna sin.

Bhí ceist chóiríocht na nGaelscoileanna i mbéal an phobail arís an tseachtain seo caite nuair a tarraingíodh aird ar chás Ghaelscoil Chnoc Liamhna i ndeisceart Bhaile Átha Cliath, scoil atá lonnaithe i seomraí réamhdhéanta le breis agus scór bliain. 

De réir figiúirí nua a chuir an eagraíocht Gaeloideachas ar fáil do Tuairisc.ie, thug naoi scoil lán-Ghaeilge eile le fios nach bhfuil an chóiríocht bhuan atá acu “feiliúnach”. Breis is 2,200 dalta atá ag freastal ar na naoi scoil sin.

Trí scoil a thug le fios go bhfuil láthair a scoileanna  “contúirteach” de dheasca staid na cóiríochta. I measc na gcúiseanna a luadh leis an gcóiríocht ‘chontúirteach’ sin, bhí adhmad lofa, ráillí meirgeacha, cúrsaí sábháilteachta tine, urláir dhainséaracha, easpa uisce te, agus díon a mbíonn braon anuas ann.

Ag an iar-bhunleibhéal, 12 scoil a thug le fios nach bhfuil cóiríocht bhuan acu agus 2,700 dalta atá ag freastal ar na scoileanna sin.

Baineann na figiúrí seo le statisticí a bhailigh Gaeloideachas don scoilbhliain 2016-2017.

178 bunscoil agus 42 iarbhunscoil a thug eolas don eagraíocht maidir le ceist na córióchta.

Tá 145 bunscoil agus 44 iar-bhunscoil lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht, agus 125 bunscoil agus 22 iar-bhunscoil atá sa Ghaeltacht.

Gan freagra a bheith faighte ó na scoileanna sin ar fad ní féidir figiúr cruinn a thabhairt maidir le céatadán na scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta atá i gcóiríocht neamhbhuan ach bunscoileanna lasmuigh den Ghaeltacht iad formhór na scoileanna atá i gcóiríocht dá leithéid.

In 2014 bhí 39% de bhunscoileanna lán-Ghaeilge na tíre, atá taobh amuigh den Ghaeltacht, agus gan cóiríocht bhuan acu.

14 Gaelscoil a bhí ag fanacht le cóiríocht bhuan le breis is fiche bliain an tráth sin,

Fág freagra ar '18 bunscoil lán-Ghaeilge ag fanacht 20 bliain nó níos faide ar chóiríocht bhuan'