Cinneadh conspóideach faoi ráiteas Gaeilge ar leac ‘ina chúis mhór bhróin’ ag Easpag Coventry

Tá a chuid ráite ag Easpag Coventry, Christopher Cocksworth, faoi chinneadh cead a dhiúltú ráiteas a bhur i nGaeilge amháin ar leac chuimhneacháin Margaret Keane

Cinneadh conspóideach faoi ráiteas Gaeilge ar leac ‘ina chúis mhór bhróin’ ag Easpag Coventry

Deir Easpag Coventry gur “cúis mhór bhróin” é an cinneadh a rinneadh i gcúirt eaglasta ina dheoise féin cead a dhiúltú d’iarratas ráiteas i nGaeilge amháin a chur ar leac chuimhneacháin.

An Breitheamh Stephen Eyre, Seansailéir Dheoise Coventry Shasana, a dhiúltaigh don iarratas go gcuirfí an ráiteas ‘inár gcroíthe go deo’ i nGaeilge amháin ar leac chuimhneacháin Margaret Keane, arbh as Éirinn ó dhúchas di.

Ba í an bhreith a thug Eyre ná go bhféadfaí a cheapadh gur ráiteas ‘polaitiúil’ a bheadh ann mura mbeadh aistriúchán Béarla taobh leis ar an leac.

Dúirt Easpag Coventry, Christopher Cocksworth gur “cúis mhór bhróin” dó é nuair a dhéantar daoine “a ghortú nó a mhaslú” agus go raibh sé ag guí go dtiocfaí ar réiteach sásúil ar an scéal do mhuintir Keane a fágadh “an-chorraithe” de bharr na breithe.

Bhí an tOirmhinneach Trevor Sargent, Iarcheannaire an Chomhaontas Ghlais agus iar-Aire rialtais i measc na ndaoine eile a cháin an cinneadh a rinne an Breitheamh Eyre diúltú don ráiteas i nGaeilge amháin ar leac.

Dúirt an tOirmhinneach Sargent, i bhfíseán a scaip sé ar na meáin shóisialta thar ceann Chumann Gaelach Eaglais na hÉireann, gur léiriú é an cás ar “aineolas” an Bhreithimh maidir le “cearta daonna agus prionsabail Aoine an Chéasta”.

“Más féidir le Banríon Eilís a dó an Ghaeilge a labhairt ní thuigimid cén fáth nach féidir le Breitheamh na banríona cead a thabhairt na focail ‘Inár gcroíthe go deo” a scríobh ar leac agus tá muid ag impí ar an mbreitheamh athmhachnamh a dhéanamh ar an gcinneadh agus seasaimid le clann Margaret.”

Chuir Eaglais Shasana ráiteas amach an tseachtain seo caite faoin chinneadh conspóideach a rinneadh i gcúirt eaglasta i nDeoise Coventry maidir leis an Ghaeilge agus moladh do mhuintir Keane go bhféadfaidís achomharc a dhéanamh i gcúirt níos sinsearaí de chuid na heaglaise.

Dúradh i ráiteas na hEaglaise “gur cuid thábhachtach í an Ghaeilge d’oidhreacht Eaglais Shasana” agus go bhféadfaí achomharc a dhéanamh maidir leis an chinneadh i gcúirt eaglasta níos sinsearaí, Cúirt Phroibhinseach an Ardeaspaig, sa chás seo Cúirt Arches Canterbury.

Dheimhnigh muintir Keane le Tuairisc.ie an tseachtain seo caite go raibh tús curtha acu leis an phróiseas achomhairc.

Ag labhairt di le Tuairisc.ie, dúirt Bernadette Martin, iníon Mhargaret Keane, go raibh siad “an-bhuíoch” as an tacaíocht a fuarthas ó Eaglais Shasana agus gur thug sé údar dóchais dóibh leanúint lena n-achomharc.

“Éireannaigh iad athair agus máthair s’againne. Leac chuimhneacháin don bheirt acu a bheidh inti mar is anseo a chuirfear m’athair nuair a thiocfaidh a lá féin. Seo an rud a theastaíonn ó m’athair ar an leac agus is eisean an bhaintreach agus is é atá ina cheann feadhna ar an éileamh seo.”

Dúirt Bernadette Martin nach raibh san inscríbhinn ach cuid den léiriú a bheidh á dhéanamh ar an leac.

“Beidh cros Cheilteach agus lógó Chumann Lúthchleas Gael uirthi chomh maith agus is cuid lárnach de dhearadh na leice an Ghaeilge.

“Seasann siad ar fad dár máthair agus ár n-athair, an cultúr a raibh oiread sin bróid orthu as, a n-oidhreacht agus an saol a chaith siad mar chuid de Chumann Lúthchleas Gael agus iad an-bhródúil á chur chun cinn.

“Caithfidh an leac chuimhneacháin a bheith dáiríre, meáite agus an bhean ba mháthair dúinn a chur in iúl,” a dúirt Bernadette Martin.

Idir an dá linn, tá fondúireacht Margaret Keane agus feachtas Gofundme curtha ar bun ag muintir Keane chun tacú le club áitiúil CLG agus leis an chomhionannais a chur chun cinn in Coventry.

Fág freagra ar 'Cinneadh conspóideach faoi ráiteas Gaeilge ar leac ‘ina chúis mhór bhróin’ ag Easpag Coventry'