‘Is cuid thábhachtach dár n-oidhreacht í an Ghaeilge’– a cuid ráite ag Eaglais Shasana maidir le conspóid faoi leac

Deir Eaglais Shasana nach aon léiriú ar aon pholasaí náisiúnta dá cuid an cinneadh a rinneadh i gcúirt eaglasta in Coventry faoi achainí go gcuirfí ráiteas i nGaeilge amháin ar leac chuimhneacháin

‘Is cuid thábhachtach dár n-oidhreacht í an Ghaeilge’– a cuid ráite ag Eaglais Shasana maidir le conspóid faoi leac

Margaret Keane. Rinneadh iarratas an ráiteas ‘Inár gcroíthe go deo’ a chur ar a leac chuimhneacháin

Deir Eaglais Shasana nach polasaí náisiúnta dá cuid é diúltú do dhaoine Gaeilge a chur ar leaca cuimhneacháin.

Chuir an Eaglais ráiteas amach aréir faoin chinneadh conspóideach a rinneadh i gcúirt eaglasta i nDeoise Coventry cead a dhiúltú d’iarratas ráiteas i nGaeilge amháin a chur ar leac chuimhneacháin.

Dúradh i ráiteas na hEaglaise “gur cuid thábhachtach í an Ghaeilge d’oidhreacht Eaglais Shasana” agus tugadh le fios go bhféadfaí achomharc a dhéanamh maidir leis an chinneadh i gcúirt eaglasta níos sinsearaí, Cúirt Phroibhinseach an Ardeaspaig, sa chás seo Cúirt Arches Canterbury.

Bhain conspóid leis an chinneadh a rinneadh  i nDeoise Coventry cead a dhiúltú d’iarratas ráiteas i nGaeilge amháin a chur ar leac chuimhneacháin.

Ach ba bheag an mhoill a bhí ar Eaglais Shasana fad a chur idir iad féin agus cinneadh an Bhreithimh Stephen Eyre, Seansailéir Dheoise Coventry Shasana, diúltú don achainí go gcuirfí an ráiteas ‘Inár gcroíthe go deo’ i nGaeilge amháin ar leac chuimhneacháin Margaret Keane, arbh as Éirinn ó dhúchas di.

“Tá an Ghaeilge ina dlúthchuid d’oidhreacht Eaglais Shasana. Tar éis an tsaoil, Gaeilge a labhair na manaigh in Lindisfarne agus áiteanna eile a raibh baint mhór acu le bunú na hEaglaise san áit a dtugtar Sasana inniu uirthi,” a dúradh i ráiteas Eaglais Shasana.

Dúirt an Breitheamh Eyre sa rialú de chuid na cúirte eaglasta, go raibh an “baol ann” go bhféachfaí ar an ráiteas i nGaeilge amháin a mhol muintir Margaret Keane mar “mana de shórt éigin” nó mar “ráiteas polaitiúil”. Bheadh an scéal amhlaidh a mhaígh sé mar gheall ar “an paisean agus na mothúcháin a bhaineann le húsáid na Gaeilge”.

Bean a bhí gníomhach i gCumann Lúthchleas Gael ab ea Margaret Keane a bhí bródúil as an chúltúr Gaelach i rith a saoil, a dúradh san achainí.

Dúirt an Breitheamh chomh maith nach dtuigfeadh ach “mionlach beag” an ráiteas dá mbeadh sé i nGaeilge amháin. Ní bheadh sé “cuí” , a dúirt sé, a leithéid a chur ar an leac gan aistriúchán Béarla in Coventry Shasana, áit a labhraítear Béarla.

“Scéal eile ar fad” a bheadh ann dá mbeadh an rialú á dhéanamh aige i bPoblacht na hÉireann, a dúirt an Breitheamh Eyre.

San achainí a rinne iníon Margaret Keane, Mrs Newey, lorgaíodh cead cros Cheilteach, ar a mbeadh suaitheantas CLG le feiceáil, a chrochadh mar leac chuimhneacháin. Bhíothas ag iarraidh go mbeadh an frása ‘Inár gcroíthe go deo’ le feiceáil ar an leac i nGaeilge amháin.

Dúirt Mrs Newey nach ráiteas polaitiúil a bhí sa fhrása Gaeilge ach cuid thábhachtach d’oidhreacht a tuismitheoirí.

Bhí Margaret Keane 73 bliain d’aois nuair a bhásaigh sí i mí Iúil 2018.

Rialaigh an Breitheamh Eyre go bhféadfaí cros Cheilteach agus suaitheantas CLG a ghearradh ar chlár na leice cuimhneacháin agus go bhféadfaí an ráiteas Gaeilge a chur ar an leac in éineacht le haistriúchán Béarla ‘In our hearts forever’. Bheadh an t-aistriúchán “i gcló níos lú”.

Fág freagra ar '‘Is cuid thábhachtach dár n-oidhreacht í an Ghaeilge’– a cuid ráite ag Eaglais Shasana maidir le conspóid faoi leac'

  • Feargal Mac Amhlaoibh

    Ba léir nach raibh fhios nó go raibh dearmad déanta ar Spike Milligan agus atá greanta ar chloch a uaighe ag Eaglais N. Thomáis, Winchelsea, East Sussex: “Dúirt mé leat go raibh mé breoite”.

  • Sorcha B.

    Is mór an trua nach aon idirlíon ná foclóiri i Coventry Shasana.

  • Áine Ní Fhiannusa

    Is scéal truabhéileach agus scanallach í seo. Caitfidh go bhfuil daoine as tiortha eile curtha sa reilg so agus cuid dá dteangacha féinigh ar na leaca. Ní thuigim é.