‘Caithfear an bhean ba mháthair dúinn a chur in iúl’ – achomharc á dhéanamh faoi Ghaeilge ar leac chuimhneacháin

Tá a mbuíochas curtha in iúl ag muintir Margaret Keane d’Eaglais Shasana as tacaíocht a léiriú dá n-éileamh go mbeadh ráiteas i nGaeilge amháin ar leasc chuimhneacháin a máthar

‘Caithfear an bhean ba mháthair dúinn a chur in iúl’ – achomharc á dhéanamh faoi Ghaeilge ar leac chuimhneacháin

Tá sé deimhnithe ag Tuairisc.ie go bhfuil tús curtha le hachomharc i gcoinne an chinnidh a rinneadh i gcúirt eaglasta i nDeoise Coventry cead a dhiúltú d’iarratas ráiteas i nGaeilge amháin a chur ar leac chuimhneacháin.

An Breitheamh Stephen Eyre, Seansailéir Dheoise Coventry Shasana, a dhiúltaigh don iarratas go gcuirfí an ráiteas ‘Inár gcroíthe go deo’ i nGaeilge amháin ar leac chuimhneacháin Margaret Keane, arbh as Éirinn ó dhúchas di.

Ba í an bhreith a thug Eyre ná go bhféadfaí a cheapadh gur ráiteas ‘polaitiúil’ a bheadh ann mura mbeadh aistriúchán Béarla taobh leis ar an leac.

Ach ba bheag an mhoill a bhí ar Eaglais Shasana fad a chur idir iad féin agus cinneadh an Bhreithimh Eyre, agus spreag an ráiteas láidir a rinne an Eaglais faoin scéal muintir Margaret Keane le hachomharc a dhéanamh chun cúirt eaglasta níos sinsearaí.

Tugadh le fios i ráiteas Eaglais Shasana go bhféadfaí achomharc a dhéanamh maidir leis an chinneadh i gcúirt eaglasta níos sinsearaí, Cúirt Arches Canterbury, agus dheimhnigh Bernadette Martin, iníon Margaret Keane, do Tuairisc.ie go bhfuil tús curtha anois leis an bpróiseas sin.

“Leis an fhírinne ghlan a dhéanamh, bhí iontas orainn go ndearna Eaglais Shasana ráiteas faoin gcás agus bhíomar an-bhuíoch di as an tacaíocht a bhí le sonrú ann. Thug sé beagán muiníne dúinn agus  tá léas beag dóchais againn anois,” a dúirt Bernadette Martin.

“Éireannaigh iad athair agus máthair s’againne. Leac chuimhneacháin don bheirt acu a bheidh inti mar is anseo a chuirfear m’athair nuair a thiocfaidh a lá féin. Seo an rud a theastaíonn ó m’athair ar an leac agus is eisean an bhaintreach agus is é atá ina cheann feadhna ar an éileamh seo.”

Dúirt Bernadette Martin nach raibh san inscríbhinn ach cuid den léiriú a bheidh á dhéanamh ar an leac.

“Beidh cros Cheilteach agus lógó Chumann Lúthchleas Gael uirthi chomh maith agus is cuid lárnach de dhearadh na leice an Ghaeilge.

“Seasann siad ar fad dár máthair agus ár n-athair, an cultúr a raibh oiread sin bróid orthu as, a n-oidhreacht agus an saol a chaith siad mar chuid de Chumann Lúthchleas Gael agus iad an-bhródúil á chur chun cinn.

“Caithfidh an leac chuimhneacháin a bheith dáiríre, meáite agus an bhean ba mháthair dúinn a chur in iúl.”

Dúirt Bernadette Martin gur mór aici féin agus ag a muintir an tacaíocht atá léirithe ag daoine dá n-éileamh.

“Tá an-iontas go deo orainn faoin tacaíocht a fuaireamar ó phobal na nGael sa tír seo, muintir na hÉireann sa mbaile agus daoine nach Éireannaigh iad in aon chor, ach a léigh breith abhcóide na banríona agus a léirigh a dtacaíocht dúinne.”

Fág freagra ar '‘Caithfear an bhean ba mháthair dúinn a chur in iúl’ – achomharc á dhéanamh faoi Ghaeilge ar leac chuimhneacháin'

  • Máire Úna Nì Bheaglaoich

    Cearta teanga do gach éinne!

  • Roibeard

    Tá tabhacht leis an nGaeilge!
    Go n-éirítear as an leatrom i gcoinnibh na teangan so.

    The Irish language matters! ;-)
    Stop discriminating this language…!