17 duine eile básaithe ó dheas agus 331 cás nua deimhnithe

193 duine atá básaithe in Éirinn go dtí seo ó thosaigh an ráig, 137 ó dheas den teorainn agus 56 ó thuaidh di agus 5,602 cás atá deimhnithe

17 duine eile básaithe ó dheas agus 331 cás nua deimhnithe

Baile Átha Cliath tráthnóna. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Tá 17 duine eile a bhí buailte ag an gcoróinvíreas básaithe in Éirinn.

193 duine atá básaithe in Éirinn go dtí seo ó thosaigh an ráig, 137 ó dheas den teorainn agus 56 ó thuaidh di.

Deimhníodh níos túisce inniu go raibh ochtar eile básaithe sa Tuaisceart.

331 cás nua a deimhníodh ó dheas tráthnóna.

5,602 cás atá deimhnithe in Éirinn, 4,604 cás ó dheas agus 998 cás ó thuaidh.

Maidir leis an seachtar déag is déanaí a bhásaigh ceathrar bean agus triúr fear déag a bhí i gceist. San oirthear a bhí cúigear déag de na daoine a bhásaigh, bhí duine amháin agus in iarthar na tíre a bhí an duine eile. 77 an mheánaois a bhí acu agus bhí fadhbanna sláinte eile ag cúigear déag acu.

Údar imní ar leith i gcónaí é scaipeadh an ghalair in ionaid altranais agus fógraíodh a thuilleadh beartas tráthnóna chun dul i ngleic leis an bhfadhb sin.

Dúirt Príomh-Oifigeach Leighis na Roinne Sláinte an Dr Tony Holohan gur mór an “spreagadh” an iarracht a bhí á déanamh ag muintir na hÉireann chun srian a chur le scaipeadh an víris, “Caithfimid coinneáil orainn leis an  iarracht seo chun na daoine is leochailí sa tsochaí a chosaint agus an cuar a chothromú sa deireadh,” arsa an Dr Tony Holohan.

Tugadh le fios chomh maith tráthnóna go raibh laghdú suntasach tagtha ar an líon daoine eile a ndéanann othar le Covid-19 ionfhabhtú orthu.

8,034 tástáil atá déanta sa Tuaisceart. Maidir le cúrsaí tástála ó dheas, dúirt an Dr Tony Holohan tráthnóna inné go raibh i “bhfad níos mó” ná an 30,000 tástáil a tuairiscíodh cheana déanta.

Ar an 16 Márta tholgadh 4.3 duine eile an galar ó othar amháin ar an meán, ach faoi dheireadh na míosa seo caite ní raibh i gceist ach 2.5 duine eile d’othar amháin.

Dúirt an tAire Sláinte Simon Harris “nach n-éireodh leis an víreas maireachtáil sa phobal” dá laghdófaí an figiúir ó 2.5 go dtí faoi bhun 1.

Dúradh chomh maith go raibh líon na na ngartheagmhálaithe a bhíonn ag othar ar an meán laghdaithe ó 20 duine roinnt seachtainí ó shin go dtí triúr, comhartha eile go bhfuil na beartais ag obair, dar le lucht sláinte..

De réir an eolais is déanaí ón Roinn Sláinte ó dheas, eolas a bhain leis an 4,014 cás a bhí deimhnithe faoi mheán oíche Déardaoin seo caite:

  • Fir a bhí i gceist le 48% de na cásanna agus mná iad 52%
  • 206 braisle cásanna a bhí i gceist ar bhain 838 cás leo san iomlán
  • An aois ar an meán a bhí ann i measc na n-othar ná 48 bliain d’aois
  • Cuireadh cúram san ospidéal ar 1,118 duine, 28%
  • As na daoine sin, cuireadh 158 duine in ICU, nó Aonad Dianchúraim
  • Oibrithe sláinte a bhí i gceist le 1,084  cás, nó 27%
  • I mBaile Átha Cliath a bhí an líon is mó cásanna le 2,251 cás, nó 56%, agus bhí Corcaigh sa dara háit, le 304 cás, nó 8%
  • 105 cás a bhí i gcontae na Gaillimhe (2.6%), 84 a bhí i gcontae Chiarraí (2.1%), 80 cás a bhí i nDún na nGall (2%), 63 cás a bhí i Maigh Eo (1.6%), 43 cás a bhí i bPort Láirge (1.1%) agus 93 cás a bhí i gcontae na Mí (2.3%)
  • Scaipeadh sa phobal ba chúis le 62% de chásanna, gartheagmháil le hothar eile ba chúis le 23% agus taisteal thar lear ba chúis le 15%

Fág freagra ar '17 duine eile básaithe ó dheas agus 331 cás nua deimhnithe'