1,631 cás nua fógartha, 67 duine básaithe le seachtain anuas de dheasca an víris

Tá líon na n-othar in aonad dianchúraim atá buailte ag an víreas imithe os cionn 100 den chéad uair ó thús an Mhárta

1,631 cás nua fógartha, 67 duine básaithe le seachtain anuas de dheasca an víris

Tá 1,631 cás eile den víreas fógartha ag an Roinn Sláinte tráthnóna.

Fógraíodh go bhfuil 67 duine básaithe sa stát le seachtain anuas de dheasca an Covid-19. 5,436 duine ar fad a bhásaigh ó dheas ó thús na paindéime.

Tá líon na n-othar atá buailte ag an víreas in aonad dianchúraim anois os cionn 100 den chéad uair ó thús an Mhárta.

503 othar a bhí buailte ag an ngalar a bhí sna hospidéil maidin inniu, síos ó 513 inné, agus bhí 101 acusan in aonad dianchúraim, ceathrar níos mó ná mar a bhí ansin inné.

Dúirt Príomhoifigeach Leighis na Roinne Sláinte, an Dr Tony Holohan, gur údar imní a bhí san ardú a bhí tagtha ar ráta scaipthe an víris le seachtain anuas. Dúirt sé go raibh go raibh 2,043 cás nua sa lá, ar an meán, á ndeimhniú le seacht lá anuas, suas ó 1,183 trí seachtaine ó shin.

Thug an Dr Holohan le fios go raibh ardú tagtha ar líon na gcásanna i ngach aoisghrúpa ach gur i measc gasúir idir 5-12 bliain d’aois is mó a tháinig fás.

1,291 cás a dheimhnigh Roinn Sláinte an Tuaiscirt tráthnóna agus deimhníodh go raibh seisear eile a raibh an Covid-19 orthu tar éis bháis. 2,675 duine ar fad a raibh an víreas orthu atá básaithe ó thuaidh den teorainn ó thús na paindéime.

354 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt inniu, ceathrar níos lú ná inné, agus tá 33 díobhsan in aonad dianchúraim, duine níos mó ná inné.

8,111 duine a raibh an víreas orthu atá básaithe in Éirinn ó thús na paindéime, 5,369 duine ó dheas den teorainn agus 2,635 duine ó thuaidh den teorainn.

Fág freagra ar '1,631 cás nua fógartha, 67 duine básaithe le seachtain anuas de dheasca an víris'