1,620 cás nua den víreas fógartha, 90% de dhaoine fásta lánvacsaínithe

1,687 cás a dheimhnigh Roinn Sláinte an Tuaiscirt tráthnóna agus fógraíodh go raibh seisear eile a raibh Covid-19 tolgtha acu tar éis bháis

1,620 cás nua den víreas fógartha, 90% de dhaoine fásta lánvacsaínithe

Tá 1,620 cás eile den víreas fógartha ag an Roinn Sláinte tráthnóna.

328 othar a bhí buailte ag an ngalar a bhí sna hospidéil maidin inniu, i gcomparáid le 331 inné, agus bhí 59 acusan in aonad dianchúraim, ardú ar an 54 a bhí i gceist inné.

Fógraíodh inniu go raibh 90% de dhaoine fásta sa stát anois go hiomlán vacsaínithe agus go raibh seacht milliúin dáileog den vacsaín tugtha amach.

1,687 cás a dheimhnigh Roinn Sláinte an Tuaiscirt tráthnóna agus fógraíodh go raibh seisear eile a raibh Covid-19 tolgtha acu tar éis bháis. 2,444 duine ar fad a raibh an víreas orthu atá básaithe ó thuaidh den teorainn ó thús na paindéime.

461 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt, I gcomparáid le 472 inné, agus tá 43 díobhsan in aonad dianchúraim, le hais 44 inné. Tá an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 1,296,071 duine sa Tuaisceart agus tá an dara dáileog faighte ag 1,188,527 duine.

Fág freagra ar '1,620 cás nua den víreas fógartha, 90% de dhaoine fásta lánvacsaínithe'