1,592 cás eile fógartha, trí scór othar buailte ag an víreas in aonad dianchúraim

1,320 cás eile a dheimhnigh Roinn Sláinte an Tuaiscirt tráthnóna agus d’fhógair siad go raibh naonúr eile a raibh an Covid-19 orthu tar éis bháis

1,592 cás eile fógartha, trí scór othar buailte ag an víreas in aonad dianchúraim

Tá 1,592 cás eile den víreas fógartha ag an Roinn Sláinte tráthnóna.

318 othar a bhí buailte ag an ngalar a bhí sna hospidéil maidin inniu agus bhí 60 acusan in aonad dianchúraim.

Thug an Dr Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis na Roinne Sláinte, le fios tráthnóna go raibh 32 duine curtha isteach in aonaid dianchúraim de bharr an Covid-19 le seachtain anuas.

Dúirt sé go raibh leath na n-othar Covid-19 atá ag fáil cóir leighis in aonad dianchúraim faoi bhun 55 bliain d’aois.

“Ar na drochuair, léiríonn na figiúirí seo nach bhfuil an mhaidhm seo den Covid-19 i mbarr láin go fóill agus go bhfuil go leor daoine an-tinn go deo de bharr an Covid-19.

“Cé gur an-údar dóchais dúinn an clár vacsaínithe, níl aan vacsaín iomlán faighte fós ach ag 53% de na daoine óga idir 16-29 bliain. Is iad na daoine san aoisghrúpa is mó atá ag tolgadh an víris anois,” a dúirt an Dr Holohan.

1,320 cás eile a dheimhnigh Roinn Sláinte an Tuaiscirt tráthnóna agus d’fhógair siad go raibh naonúr eile a raibh an Covid-19 tolgtha acu tar éis bháis. 2,311 duine ar fad atá básaithe de dheasca an víris ó thuaidh ó thús na paindéime.

352 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt agus tá 43 díobhsan in aonad dianchúraim.

Tá an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 1,268,173 duine sa Tuaisceart agus tá an dara dáileog faighte ag 1,146,016 duine.

 

 

Fág freagra ar '1,592 cás eile fógartha, trí scór othar buailte ag an víreas in aonad dianchúraim'