1,558 cás nua fógartha, breis is leathchéad in aonad dianchúraim

1,306 cás eile a dheimhnigh Roinn Sláinte an Tuaiscirt tráthnóna agus d’fhógair siad go raibh triúr eile a raibh an Covid-19 orthu tar éis bháis

1,558 cás nua fógartha, breis is leathchéad in aonad dianchúraim

Tá 1,558 cás eile den víreas fógartha ag an Roinn Sláinte tráthnóna.

262 othar a bhí buailte ag an ngalar a bhí sna hospidéil maidin inniu agus bhí 51 acusan in aonad dianchúraim.

Dúirt an Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte inniu gur ag ócáidí sóisialta agus in ionaid oibre is mó a tharlaíonn ráigeanna den víreas. Dúradh go mbíonn breis is 100 ráig nua ann gach seachtain.

1,306 cás eile a dheimhnigh Roinn Sláinte an Tuaiscirt tráthnóna agus d’fhógair siad go raibh triúr eile a raibh an Covid-19 tolgtha acu tar éis bháis. 2,251 duine ar fad atá básaithe de dheasca an víris ó thuaidh ó thús na paindéime.

334 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt agus tá 47 díobhsan in aonad dianchúraim.

Tá an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 1,249,597 duine sa Tuaisceart agus tá an dara dáileog faighte ag 1,116,681 duine.

Fág freagra ar '1,558 cás nua fógartha, breis is leathchéad in aonad dianchúraim'