1,500 bliain tar éis a bháis, tá go leor le foghlaim againn i gcónaí ó Cholmcille

Cothrom an lae seo 1,500 bliain ó shin a d’éag Colmcille ach d’fhág sé oidhreacht chomónta shaibhir ag muintir na hÉireann agus na hAlban

1,500 bliain tar éis a bháis, tá go leor le foghlaim againn i gcónaí ó Cholmcille

Bunú mainistreach Í sa bhliain 563, thar eachtra ar bith eile, a thug an deis sin d’Éirinn fadó: teacht is imeacht na manach ar fuaid an paruchia Columbae, ag breith leo seoda agus lámhscríbhinní agus eolas ar an saol mór, a thug caoi do Ghaelibh oiliúint ilghnéitheach a fháil agus sibhialtacht fhiúntach dá gcuid féin a thógáil.” (Liam de Paor, ‘Í Chuilmchille’, Comhar, Samhain 1962)

Ar an lá seo sa bhliain 597, bhásaigh Colmcille ar Oileán Í, sa mhainistir a bhunaigh sé ar oileán beag ar chósta thiar na hAlban, sa bhliain 563. Bronnadh an t-oileán beag – thart ar an méid céanna le Inis Oírr atá sé – ar Cholmcille nuair a bheartaigh sé dul ar deoraíocht.

Rugadh Colmcille 1,500 bliain ó shin i nGartán agus baisteadh Colm air, do réir fianaise Adhamhnáin, a scríobh beathaisnéis Cholmcille thart ar 100 bliain th’éis a bháis. Ach an oiread leis na soiscéalta ag cur síos ar bheatha Íosa Chríost, tá go leor den mhiotaseolaíocht i mbeathaisnéis Adhamhnáin agus sa leabhar Betha Coluimb Chille a scríobh Manus Ó Domhnaill sa 15ú aois.

Creidtear gurb é Colmcille ba chúis leis An Cathach, an lámhscríbhinn mhaisithe is sine a cuireadh le chéile in Éirinn. Tá an leabhar i seilbh Acadamh Ríoga na hÉireann faoi láthair. Sna finscéalta faoi Cholmcille tugtar le fios go ndearna Colmcille cóip gan chead de leabhar a bhí ag Finnian; nach mó ná sásta a bhí Finnian ar ndóigh; gur cuireadh an cás os comhair Diarmait Mac Cerbaill, a bhí ina rí ar Theamhair agus gur rialaigh seisean mar gur ‘le gach bó a lao agus le gach leabhar a leabhrán’. Ag éirí as an rialú sin in aghaidh Cholmcille deirtear gur troideadh Cath Chúil Dreimhne idir clanna lucht Cholmcille agus Rí Teamhar, in aice le Sligeach. De bharr an tsléachta deirtear gur cuireadh pionós ar Cholmcille go gcaithfeadh sé an tír a fhágáil.
Ach seans gur finscéal cuid mhaith den méid sin agus gur dá dheoin féin a shocraigh Colmcille dul to hAlbain. Bhí col ochtar le Colmcille ina rí ar Dhál Riada ag an am agus ceannas dá réir aige ar chuid mhaith de chósta thiar na hAlban. Ceaptar nach raibh aon chónaí ar an oileán a bronnadh ar Cholmcille lena mhainistir a bhunú.

Ceann de na finscéalta atá ann faoi Cholmcille i gConamara ná gur thug sé cuairt ar Éanna in Árainn agus gur sheol sé i mbád ó Árainn go dtí an Bhánrainn agus tá Bád Cholmcille i bhfoirm cloch mhór ar an trá in aice le Reilig Mhaírois ó shin! B’fhéidir go raibh Colmcille in Árainn ach is cinnte nach ar an mbád sin a tháinig sé i dtír ach is siombail thábhachtach an chloch den cheangal atá idir Cois Fharraige agus Colmcille, a fhágann go bhfuil dhá bhunscoil sa gceantar – Ros a’ Mhíl agus An Tulaigh – chomh maith le scoil iarbhunoideachais – Coláiste Cholmcille sna hAille – ainmnithe ina dhiaidh.

Oileán Í

Ní gá na finscéalta lena thuiscint go mba dhuine as an ngnáth é Colmcille, a raibh tionchar an-mhór aige ar leathnú na Críostaíochta, in Albain agus i dTuaisceart Shasana.

‘Agus is ón oileán beag sin le hais chósta na hAlban do leath creideamh Chríost amach ar fud chríocha na gCruithne sa tuaisceart agus críocha na Sasanach sa deisceart…’ [Deoraí Chríost, An tAthair Colmcille]

Níl aon rian den mhainistir a bhunaigh sé Oileán Í, fágtha ach tá macalla na mainistreach le fáil i logainmneacha an oileáin: Trá Bán na Manach, Maol na Manach agus Carn Cúl le Éirinn.

Tá sé ráite go mba é Colmcille é féin a bhaist Carn Cúl le Éirinn ar an gcnocán ba airde ar an oileán.

‘Ansin is ea do chuaigh Colmcille go mullach cnocáin a bhí san áit gur ghabh ag féachaint na farraige ar gach leith ina thimpeall, gur fhéach fá dheoidh thar farraige siar i dtreo na hÉireann. Ní raibh le feiscint fad a radhairc uaidh ach aibhéis imleathan na mórmhara. Bhí Éire i bhfolach air feasta agus ar an ábhar sin ghair sé Carn-cúl-re hÉirinn den chnocán sin agus do lean an t-ainm sin de ó shin i leith.’ [Deoraí Chríost, An tAthair Colmcille]

Ar ndóigh ní raibh aon Bhéarla in Éirinn, in Albain, ná in aon áit eile, nuair a shocraigh Colmcille a cheanncheathrú a lonnú ar Í. Dhá theanga a bhí ag na manaigh: Gaeilge agus Laidin! Tá sé spéisiúil nach bhfuil Béarla curtha ar na logainmneacha ar léarscáil oifigiúil an oileáin: Baile Mór, Stac Liath, Tráigh Mhór, Carraig an Daimh, Rubha na Carraig, Port a’ Churraich, Clachanach, Cladh an Disirt, Eilean na h’Aon Chaorach, Sítheán Mór, agus Tráigh Bhan nam Manach.

An Bíobla i nGaeilge a tugadh go Oileán Í
Thréig na manaigh an t-oileáin i lár an naoú haois, de bharr ionsaí na Lochlannach ar an oileán. Deirtear gur ann a scríobhadh is a maisíodh Leabhar Cheanannais agus gur tugadh an leabhar maisithe go Ceanannas Mór nuair a bhí ar na manaigh teitheadh. Tógadh mainistir as an nua thart ar an mbliain 1200, ar shuíomh na mainistreach a tréigeadh. Leis an Athrú Creidimh cuireadh an mhainistir faoi chois, mar a tharla le linn réimeas Henry VIII sa tír seo chomh maith. Ach tá beocht arís sa mhainistir, atá athchóirithe agus in úsáid mar ionad spioradálta.

Tionscadal an-mhór ab ea é na fothraigh a athchóiríodh le linn Chogadh Mór na 1940idí. Sa lá atá inniu ann tá beocht nua san oileán. Gach seachtain mealltar na céadta cuairteoirí chuig an oileán de bharr oidhreacht Cholmcille agus a chuid manach.

Taobh istigh de dhoras na mainistreach athchóirithe tá cóipeanna den Bhíobla i go leor leor teangacha ar sheastán don té ar mhian leis an Bíobla a léamh ina theanga dhúchais.

An chéad uair a thugas cuairt ar an oileán bhí Bíobla in os cionn 30 teanga éagsúil ann: Hindi, Bengali, Arabais, Sínis, Eabhrais, Kiswahili chomh maith le Gaidhlig na hAlban, Cornais, Breatnais. Ach ní raibh aon Bhíobla i nGaeilge na hÉireann. Tá anois mar gur tugadh cóip ar an mbád seoil, ‘Ar Seachrán’, bád Paddy Barry -go hOileán Í sa bhliain 2011 agus bronnadh an Bíobla Gaeilge, sínithe ag Pádraig Ó Fiannachta, ar an mainistir.

Agus muid ag ceiliúradh Cholmcille 1,500 bliain tar éis dhó teacht ar an saol tá oidhreacht chomónta fágtha aige d’Éireannaigh is d’Albanaigh, do Chaitlicigh is do Phrotastúnaigh.

Samhlaítear dom go bhféadfaí an oidhreacht shaibhir sin a úsáid le droichid a thógáil idir daoine le cúlraí difriúla sa tír seo, ó thuaidh agus ó dheas, a chabhródh linn chomhthuiscint níos fearr a chothú idir gach duine ar an oileán beag seo.

Fág freagra ar '1,500 bliain tar éis a bháis, tá go leor le foghlaim againn i gcónaí ó Cholmcille'

  • Séamas de Barra

    Ábhar an–inspéise atá saothraithe le chéile ag Donncha Ó hÉallaithe san alt ‘1,500 bliain tar éis a bháis, tá go leor le foghlaim againn i gcónaí ó Cholmcille’, tuairisc.ie, Dé Céadaoin, Meitheamh 9, 2021.
    Arsa Donncha i ndeireadh an ailt:
    Agus muid ag ceiliúradh Cholmcille 1,500 bliain tar éis dhó teacht ar an saol tá oidhreacht chomónta fágtha aige d’Éireannaigh is d’Albanaigh, do Chaitlicigh is do Phrotastúnaigh.
    Samhlaítear dom go bhféadfaí an oidhreacht shaibhir sin a úsáid le droichid a thógáil idir daoine le cúlraí difriúla sa tír seo, ó thuaidh agus ó dheas, a chabhródh linn chomhthuiscint níos fearr a chothú idir gach duine ar an oileán beag seo.
    De réir dealraimh, tá Donncha ag glacadh leis gur Caitliceach nó Protastúnach is ea gach uile dhuine ar Oileán na hÉireann, ach tá a fhios againn nach mar sin atá. Is mó an méid duine sa Stát theas a deir nach bhfuil creideamh ar bith acu, ná an méid a deir gur Protastúnaigh iad. Níl ach 30% de na daoine ar de chúlra Caitliceach iad sa Stát theas a bhíonn ag éisteacht Aifreann na Sabóide. Ní miste a fhiafraí cén spéis a bheadh ag an 70% nach mbíonn ag éisteacht Aifreann na Sabóide, i gColm Cille, ná in Í Cholm Cille? Táim cinnte go bhfuil Éireannaigh ann nach bhfuil creideamh ar bith acu, ach a bhfuil spéis i gColm Cille, agus in Í Cholm Cille acu, mar gur daoine iad sin a bhfuil spéis i stair agus i saoithiúlacht na hÉireann trí chéile acu. Ach seans gur mionlach beag go leor iad sin, faraor. Cé mhéad Caitliceach dílis a bhfuil a oiread eolais ar Cholm Cille agus ar Í Cholm Cille acu is atá ag Donncha? Tá a lán Éireannach anois ann nach ‘rod leo a n–athardha’, mar a deir Máirtín Ó Direáin, sa dán ‘Blianta an Chogaidh’ [Ó hAnluain (2010), lch 123].

    Rinne Éanna Johnson dochtúireacht ar chúrsaí caiticéise in Éirinn ábhar blianta ó shin, agus fuair seisean amach nach raibh Teagasc Críostaí ar bith arbh fhiú ‘Teagasc Críostaí Caitliceach’ a thabhairt air á mhúineadh ar bhunscoileanna, ná ar iar–bhunscoileanna na tíre, ar feadh 45 bliana. Ní haon iontas mar sin go mbeadh na daoine éirithe fuar i gcúrsaí creidimh. Níl éirithe leis an Dr Johnson teacht ar fhoilsitheoir in Éirinn a d’fhoilseodh an dochtúireacht sin dó. Iar–Ard–Easpag Caitliceach ar Ard–Deoise Bhaile Átha Cliath, an Dr Diarmuid Martin, d’admhaigh seisean cúpla bliain ó shin gurb iad na paróistí is ‘liobrálaí’ agus is gustalaí in Ard–Deoise Bhaile Átha Cliath, na hAifreannaigh is fearr, agus gur ar éigean atá aon duine ag éisteacht Aifreann na Sabóide sna paróistí is boichte. D’admhaigh an Dr Martin chomh maith gur éirigh na húdaráis eaglasta, i lár bhlianta 1960, as pionóis an Dlí Chanónta a chur ar shagairt, agus ar lucht na beatha rialta, a bheadh ciontach i ndroch–íde chollaí a thabhairt ar aosánaigh agus ar leanaí.
    Tá pointí go leor nach bhfuil Caitlicigh agus Protastúnaigh ag aontú orthu [bíodh na Protastúnaigh ina ‘nAlbanaigh’ (i.e. ina bPreispitéirigh) nó ina ‘Sasanaigh’ (i.e. baill d’Eaglais na hÉireann)]. Cuir i gcás: tá Protastúnaigh go leor nach mbeadh ómós ar bith do na naoimh acu, mar go measann siad gur rud Caitliceach é sin, agus gurb amhlaidh a bhíonn na Caitlicigh ag adhradh na naomh agus na Maighdine Muire. Ar an taobh eile den scéal tá aithne agam féin ar Anglacánach ó Shasana, ar ball de Chumann Éacúiméineach na Maighdine Muire é.
    Ach ní bheadh formhór mór na gCríostaithe ag aontú le Donncha go bhfuil miotaseolaíocht go leor sna Soiscéil sa chur síos ar bheatha Íosa Críost. Déarfadh formhór na gCríostaithe go bhfuil an Bíobla ar fad do–earráide, agus ní i gcúrsaí creidimh agus moráltachta amháin é, ach i gcúrsaí staire chomh maith. Ós ag caint air sin é, ní miste a rá gurb é teagasc na hEaglaise Caitlicí, ó aimsir San Agaistín i leith, nach cur síos eolaíochta atá sa Bhíobla, agus dá réir sin, nach féidir dó earráidí eolaíochta a dhéanamh [‘Inspiration’, Catholic Bible Dictionary (Nua–Eabhrac 2009) faoi Eagarthóireacht Ghinearálta Scott Hahn, lch 390]. Tá Cailvínigh liobrálacha a chreideann i ndo–earráideacht an Bhíobla, agus a chreideann san eolaíocht san am céanna, a deir go bhfuil bearnaí móra sa ghinealach a thugann Matha 1: 1–17 ar Chríost, ach an méid atá ann, go bhfuil sé cruinn.
    Tuairiscítear i dtaobh Edwin Poots, an ceannaire nua ar an bPáirtí Aontachtach Daonlathach, go gcreideann seisean nach bhfuil an Domhan ach 5000–6000 bliain d’aois. Ach tá mionlach beag de Chaitlicigh, muintir The Kolbe Center for the Study of Creation, a áitíonn, nach faide an cine daonna ar an Talamh ná 10,000 bliain. Á bhunú sin atá siad seo ar léimh Charbón 14, agus ar na léimh radaiméadracha. Bheadh fonn orm féin glacadh le léimh na n–iseatóp muirí, agus dá réir seo, is idir 130,000 agus 70,000 bliain ó shin a tháing homo sapiens sapiens chun cinn. Ach ráineodh ‘an mícheart’ a bheith agam, mar a deir Muintir Chonamara. Noam Chomsky, an teangeolaí mór le rá ó Mheiriceá, déanann seisean amach gur 60,000 bliain ó shin a tháinig teanga shofaisticiúil ag homo sapiens sapiens, agus mar gheall air sin, tá ‘cruthaíochtaí’ baiste ag lucht Theoiric na hÉabhlóide ar Chomsky.

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Tá mé buíoch do Shéamas as an stró a chur ar féin trácht chomh iomlán a chur le mo alt faoi Cholmcille.

    Seans maith go dtuigeann Séamas nach bhfuilimse le fada an lá i measc an 30% de dhaoine le cúlra Caitliceach a chleachtann an creideamh lenar tógadh iad. Mar sin féin níl mórán áiteacha a chuaigh i bhfeidhm orm chomh mór le Í Cholmcille.

    In ainneoin mó easpa creidimh níl mé dall ar oidhreacht na manach ón tír seo – Colmcille ar duine acu – a chabhraigh le leathnú cultúir shaibhir ar fud na hEorpa, sa ré th’éis dul i léig do Impireacht na Róimhe. Ní hamháin gur leathnaigh na manaigh spioradáltacht na Críostaíochta ach leathnaigh siad chomh maith ealaín, litríocht, maisiúchán na lámhscríbhinní, déanamh na hardchroisithe ornáideacha, forbairt scríobh teangacha etc. Tá rian a gcuid saothraithe in Éirinn, in Albain, Tuaisceart Shasana agus go leor áiteacha ar fud Iarthar na hEorpa mar ábhar bróid dom agus aithním é mar chuid mhór de oidhreacht chomónta gach Éireannach, cuma cén creideamh, cúlra creidimh nó easpa creidimh atá acu.

    Maidir leis an mBíobla is íontach an leabhar atá ann. Taobh le taobh i mo bhailiúchán leabhar tá Bíobla Gaeilge Bedell ón 17ú aois agus Bíobla Gaeilge Uí Fhiannachta ón 20ú aois, agus níos mó meas agam ar an dá leabhar sin ná aon leabhar eile dá bhfuil agam. Ní ionann san is a rá go gcreidim mórán a bhfuil iontu ach tá saibhreas litríochta agus spioradáltacht inspioráideach i gcuid mhaith de na scéalta íontacha. Breathnaím orthu ar an gcaoi céanna is a bhreathnóinn ar an scéalta miotaseolaíochta na Gréige nó na scéalta Fiannaíochta na hÉireann.

  • Séamas de Barra

    Ní i gCois Fharraige, ná i dTír Chonaill, ná in Albain amháin, atá deabhóid do Cholm Cille. Tá deabhóid i gCo. Bhaile Átha Cliath chomh maith dó. Tá tobar 5 nó 6 de mhílte siar ó dheas uaimse anseo i Ráth Fearnáin, ar de Cholm Cille atá sé ainmnithe. Is i mBaile na Coille i bParóiste Dlí na Craobhaí, ar Bhóthar Bhaile Uí Chuilinn agus na Sean–Chúirte, gairid go maith do Theach Orlaigh ag na hAgaistínigh, atá an tobar sin. Meitheamh 9 Lá Fhéile Cholm Cille –– ag an Ath. Benedichtus, O.C.D., An Leabhar Aifrinn (Baile Átha Cliath 1952) lch 1547. Nuair a bhí mise i m’aosánach, thugainn féin, agus an deartháir is sine agam, nó cara dom as Meánscoil Shráid Synge, turas, uair umá seach, ar Chlub Thine Ifrinn, in airde i mbarr Chnoc Choill an Chaoich, i bParóiste Dlí Thamhlachta, agus is amhlaidh a ghabhaimis thart le Tobar Cholm Cille ar ár slí go dtí Club Thine Ifrinn, fothrach club ag boicíní ó Chathair Bhaile Átha Cliath san 18ú céad. Thagaimis de na rothair ag an Tobar, agus bhuailimis isteach chuige, go n–ólaimis bolgam d’uisce fuar an Tobair, ar ár sláinte.
    Nuair a mhaolófar a thuilleadh ar shrianta an Choróinvíris, an bhfuil aon seans go gcuirfeadh TG4 Donncha Ó hÉallaithe agus Bob Quinn abair, go hÍ Cholm Cille, chun clár faisnéise a dhéanamh ar Cholm Cille, agus ar Í Cholm Cille? Tá a chuma air go bhfuil cuid mhaith den taighde saothraithe le chéile ag Donncha cheana.

  • Séamas de Barra

    Uasdátú
    Ní leis na hAgaistínigh Teach Orlaigh a thuilleadh. Is nóibhíseacht agus lár–ionad cúrsaí spioradálta ba ea é sin go dtí 2017. Ach dhíol na hAgaistínigh é, agus is óstán is ea inniu é, arb ainm dó Orlagh Country House. Is faoi chúram Pharóiste Caitliceach Chnoc Lín atá Tobar Cholm Cille inniu.