15 cuairt a thug fiontraithe ar láithreacha de chuid ÚnaG i dTír Chonaill anuraidh

Fás ar fhiosrúcháin d’fhorbairtí gnó i nGaeltacht Dhún na nGall ach tuilleadh infheistíochta ag teastáil leis na hionaid tionsclaíochta atá folamh ansin a athchóiriú, dar le hÚdarás na Gaeltachta

Pairc Gnó Ghaoth Dobhair
Páirc Ghnó Ghaoth Dobhair

Thug fiontraithe agus lucht gnó 15 cinn de chuairteanna ar ionaid de chuid Údarás na Gaeltachta i dTír Chonaill le linn 2014 agus tionscnaimh nua á mbeartú acu. Is ionann sin agus beagán le cois cuairt amháin in aghaidh na míosa ar ionaid de chuid an Údaráis i nGaeltacht Thír Chonaill.

An tAire Stáit na Gaeltachta, Joe McHugh, a thug an méid sin le fios i bhfreagra ar cheist Dála ón Teachta Dála, Charlie McConalogue (FF). Dheimhnigh urlabhraí de chuid an Údaráis do Tuairisc.ie go bhfuil 9 dtogra gnó ag teacht chun cinn as na fiosrúcháin sin.

“Is toradh sláintiúil é seo agus tá fás ag teacht ar líon na bhfiosrúchán gnó”, a dúirt urlabhraí an Údaráis. Dúradh freisin go mbeadh 124 post nua á gcruthú mar thoradh ar thograí úra a cheadaigh Údarás na Gaeltachta do Thír Chonaill anuraidh agus os cionn €6.5 milliún d’infheistíocht beartaithe nuair a bheidh na tograí sin faoi lánseol.

Tugadh le fios sa bhfreagra ar an gceist Dála freisin go bhfuil 17 bpíosa talún ar fáil ag Údarás na Gaeltachta le díol nó le n-úsáid ag infheisteoirí i nGaeltacht Dhún na nGall agus os cionn 160 acra i gceist leo.

Sa bhreis air sin, tá 32 foirgneamh folamh ag an Údarás sa chontae faoi láthair, ach tá gá le hathchóiriú ar go leor acu. “Tá gá le hinfheistíocht suntasach leis na foirgnimh a thabhairt chuig an chaighdeán atá de dhíth ar fhiontair nua-aimseartha an lae inniu,” a dúirt urlabhraí an Údaráis le Tuairisc.ie.

Tá 68 aonad ligthe ar cíos ag an Údarás sa chontae céanna.