Tá Micheál Martin cúig bliana déag ina cheannaire ar Fhianna Fáil an tseachtain seo. Bhí an seans ann nuair a roghnaíodh é mar cheannaire ar an bpáirtí in 2001 go mbeadh sé ar an gcéad cheannaire ar an bpáirtí nach mbeadh ina Thaoiseach go brách.
Is dona a chreid an páirtí an scrios a bheadh i ndán dóibh san olltoghchán mí dár gcionn. Bhí Fianna Fáil taobh le fiche suíochán tar éis an olltoghcháin sin agus obair mhór le déanamh ag Micheál Martin leis an bpáirtí a tharrtháil.
Inniu, tá Micheál Martin ina Thaoiseach agus ceaptha a bheith go ceann bliana eile go ndéanfaidh sé an ról a mhalartú le Simon Harris. Tá uachtaránacht an Aontais Eorpaigh romhainn sa dara leath den bhliain agus aghaidh na mballstát ar fad le bheith orainn. Beag beann ar an achainí ar fad fanacht sa mbaile agus gan an chuairt a thabhairt, tá sé i gceist ag Micheál Martin freastal ar imeachtaí na Féile Pádraig agus casadh leis an Uachtarán Trump sa Teach Bán. Tá borradh in athuair faoin ngeilleagar agus gan de rogha ag an rialtas ach guaim a choinneáil ar chaiteachas.
Tá Fianna Fáil ar an bpáirtí is mó sa Dáil agus sa Seanad agus sa rialtas áitiúil. Tá go leor dá bhuíochas sin ag dul do Mhicheál Martin as an obair a ghlac sé air féin cúig bliana déag ó shin leis an bpáirtí a thógáil as an nua. Ní mó ná buíoch, i dtús 2026, atá go leor den pháirtí don cheannaire faoi láthair. Tá siad in ísle bhrí sna pobalbhreitheanna agus a mhilleán sin ar Mhicheál Martin, dar le lucht a cháinte.
An phraiseach a deineadh de thoghchán na huachtaránachta agus roghnú Jim Gavin an t-údar cáinte an babhta seo. Mar is dual don Chorcaíoch ar feadh a shaoil pholaitiúil, ghlac sé air féin in éineacht le duine nó beirt eile, iarrthóir a lorg agus a roghnú. Ní dheachaigh sé i gcomhairle leis an bpáirtí parlaiminte go dtí an soicind deiridh. Tá baill an pháirtí náirithe os comhair an tsaoil, dar leo, agus dochar déanta nach gcneasófar go héasca.
Fírinne an scéil, go ndearna Mícheál Martin mar atá déanta aige ó roghnaíodh mar cheannaire é an chéad lá. Níor ghéill sé d’aon dream eile, ghlac sé air féin cinntí a dhéanamh agus sheas sé go daingean lena chuid tuairimí féin. Cáintear go minic é as gan a bheith in ann cinneadh a dhéanamh – rinne sa gcás sin agus is mó cáineadh dá bharr atá air. Tá an páirtí ag fulaingt sna pobalbhreitheanna freisin mar thoradh ar an gcur agus cúiteamh ar fad le tamall anuas.
An cheist anois cén uair a bheidh duine éigin sa bpáirtí sásta a dhúshlán mar cheannaire a thabhairt? Nó mar is dual don Mháirtíneach an bhfuil próiseas mall réidh cúramach curtha sa tsiúl ag an Taoiseach cheana féin a cheadóidh dó fanacht san áit a bhfuil sé go deireadh na bliana agus a oidhre a chur in áit ag an bpointe sin?
Tá cáil an chúraim agus, go minic, na moilleadóireachta air, ach má chaitheann muid súil siar cúig bliana déag, cé i measc lucht leanta dílis Fhianna Fáil a chreid go mbeidís ar an bpáirtí is mó sa Dáil, go mbeadh oifig an Taoisigh ina seilbh, más go sealadach féin é, agus glúin nua Teachtaí acu san áit nach raibh ach scrios i ndán dóibh in 2011?
Fág freagra ar '15 bliain de Mhicheál Martin – an ceannaire a tharrtháil Fianna Fáil faoi bhrú'