1,453 cás nua den víreas fógartha, dhá scór duine básaithe le seachtain anuas

7,803 duine a raibh an víreas orthu atá básaithe in Éirinn ó thús na paindéime, 5,249 duine ó dheas den teorainn agus 2,554 duine ó thuaidh den teorainn

1,453 cás nua den víreas fógartha, dhá scór duine básaithe le seachtain anuas

Tá 1,453 cás eile den víreas fógartha ag an Roinn Sláinte tráthnóna.

Fógraíodh go bhfuil 40 duine básaithe sa stát le seachtain anuas de dheasca an Covid-19. 5,249 duine ar fad a bhásaigh ó dheas ó thús na paindéime.

300 othar a bhí buailte ag an ngalar a bhí sna hospidéil maidin inniu, an líon céanna is a bhí I gceist inné, agus bhí 60 acusan in aonad dianchúraim, laghdú ón 63 cás a bhí i gceist inné.

7,803 duine a raibh an víreas orthu atá básaithe in Éirinn ó thús na paindéime, 5,249 duine ó dheas den teorainn agus 2,554 duine ó thuaidh den teorainn.

1,320 cás a dheimhnigh Roinn Sláinte an Tuaiscirt tráthnóna agus fógraíodh go raibh beirt eile a raibh an Covid-19 tolgtha acu tar éis bháis.

2,554 duine ar fad a raibh an víreas orthu atá básaithe ó thuaidh den teorainn ó thús na paindéime.

346 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt inniu, i gcomparáid le 362 inné, agus tá 29 díobhsan in aonad dianchúraim, beirt níos mó ná inné. Tá an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 1,311,852 duine sa Tuaisceart agus tá an dara dáileog faighte ag 1,206,919 duine.

D’fhógair an tAire Sláinte Stephen Donnelly inniu go bhfuil saoránaigh Éireannacha a fuair vacsaín taobh amuigh den Aontas Eorpach in ann cur isteach ar Theastas Digiteach Covid a bheidh bailí sa stát seo agus san AE.

Ón lá amárach, beidh saoránaigh a vacsaíníodh i dTuaisceart Éireann in ann cur isteach ar Theastas Digiteach Covid agus osclófar tairseach do shaoránaigh i dtíortha eile ar an 21 Deireadh Fómhair.

Fág freagra ar '1,453 cás nua den víreas fógartha, dhá scór duine básaithe le seachtain anuas'