£140,000 ceadaithe ag Bord na Gáidhlig do ’Scoil fhíorúil Gháidhlig’

Beidh múinteoirí in ann ábhar agus ceachtanna a roinnt sa 'scoil fhíorúil' agus beifear ábalta ‘freastal’ ar chuid de na ranganna sin trí mheán na Gáidhlig

E learning

Tá fógartha ag Bord na Gáidhlig, in Albain, go dtabharfar maoiniú ar fiú £140,000 é le “scoil fhíorúil Gháidhlig” a bhunú. Tabharfar an maoiniú thar thréimhse dhá bliain don togra ‘E-Sgoil’.

Is í an aidhm atá ag an togra ná láithreán foghlama ar líne a chruthú a dhéanfaidh naisc idir na meánscoileanna in Inse Ghall agus níos faide i gcéin. Tá sé i gceist ag Bord na Gáidhlig go gcuirfear deiseanna foghlama, roghanna gairme agus rochtain ar ábhar atá ar chaighdeán níos airde ar fáil do mheánscoileanna lán-Gháidhlig ar fud na hAlban.

Beidh múinteoirí in ann ábhar agus pleananna ceachta a roinnt sa ‘scoil fhíorúil’ agus beifear ábalta ‘freastal’ ar chuid de na ranganna sin trí mheán na Gáidhlig.

Dúirt Príomhfheidhmeannach eatramhach Bhord na Gáidhlig go bhfuil gá lena leithéid d’acmhainn fhíorúil a chuirfeadh ar chumas na bhfoghlaimeoirí agus na n-oideachasóirí an tairbhe is mó a bhaint as an teicneolaíocht.

“Cuirfidh an E-Sgoil leis na deiseanna do gach uile fhoghlaimeoir, ach go háirithe iad sin atá i meánscoileanna lán-Gháidhlig. Tarraingeoidh sé oideachasóirí le chéile i bpobail phroifisiúnta ghairmiúla agus cabhróidh sé le tuismitheoirí agus comhghleacaithe eile in earnáil an oideachais tacaíocht a thabhairt d’fhoghlaimeoirí Gáidhlig,” a dúirt sé.

Tagann an fógra seo sna sála ar an gcinneadh a rinneadh an tseachtain seo caite go mbeadh stiúrthóir oideachais Gáidhlig ag Bord na Gáidhlig.

Beidh an stiúrthóir nua i gceannas ar pholasaí oideachais an Bhoird agus cuirfidh sé comhairle ar Rialtas na hAlban maidir le hoideachas Gáidhlig. Oibreoidh sé as lámh a chéile leis na húdaráis áitiúla agus dreamanna eile le beartais oideachais an Bhoird a chur i bhfeidhm.

Fág freagra ar '£140,000 ceadaithe ag Bord na Gáidhlig do ’Scoil fhíorúil Gháidhlig’'

  • R

    An-smaoitiú is ea é seo. Sin atá déanta ag Gaelchultúr ar bhonn tráchtála agus an tseirbhís ar ardchaighdeán dá réir, is tá fostaíocht curtha ar fáil do dhaoine….