14 mórscéal Gaeilge ó 2014

Cérbh iad na mórscéalta Gaeilge a d’fhág a rian ar shaol na teanga i 2014? Tá 14 acu roghnaithe ag Tuairisc.ie. Foilsítear anseo na scéalta ó 14-8 agus foilseofar amárach na scéalta ó 7-1..

14. Athbhrandáil Raidió na Gaeltachta

D’éirigh le Tuairisc.ie greim a fháil ar chóip de Phlean Straitéiseach Raidió na Gaeltachta níos túisce i mbliana. Ceann de na ráitis is suntasaí atá sa cháipéis seo is ea go bhféachfaí “ar na féidearthachtaí a bhaineann le hathbhrandáil a dhéanamh ar ainm na seirbhíse”. RnaG (Pictiúr-Seán Ó Mainnín)

Deirtear sa cháipéis gur athshamhlú ar an mbrí atá leis an bhfocal ‘Gaeltacht’ a bheadh taobh thiar den athbhrandáil sin.

Ní féidir neamhaird a thabhairt ar an ardú suntasach atá tagtha ar an líon cainteoirí laethúla Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht le tamall de bhlianta, a deirtear sa phlean, agus ba cheart cláracha a chur in oiriúint don athrú sin sa tslí is go mbeidh siad ina scáthán air.

Ceist thábhachtach eile a tarraingíodh anuas sa cháipéis chéanna ná easpa acmhainní agus deirtear go mb’fhéidir go rachfaí i muinín na fógraíochta agus na hurraíochta amach anseo chun an easpa sin a chur ina cheart.

13. Cuíchóiriú agus ceann eagraíochtaí

Míchuibheasach go maith a bhí an ‘cuíchóiriú’ a rinne Foras na Gaeilge ar an earnáil teanga, dar le mórán, ach pé tuairim a bheadh ag duine faoi, is cinnte gur athrú stairiúil a bhí ann.Ceanneagrachtaí

Sé cheann-eagraíocht anois atá á maoiniú ag an bhForas in áit naoi gcinn déag. Ba iad na heagraíochtaí a tháinig slán ó thua an Fhorais ná Conradh na Gaeilge, Cumann na bhFiann, Gael Linn, Gaelscoileanna, Glór na nGael agus Oireachtas na Gaeilge.

I measc na n-eagraíochtaí ar cuireadh deireadh leo mar thoradh ar an bpróiseas fada, bhí Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge. Gan amhras, ní mó ná sástsa a bhí pobal na Gaeilge ó thuaidh nach raibh aon eagraíocht sa tuaisceart i measc na gceanneagraíochtaí a roghnaíodh.

Tá an chuma ar an scéal go bhfuil instealladh beochta faighte ag eagraíochtaí ar nós Conradh na Gaeilge, ach beidh le feiceáil an chun leas na teanga nó a mhalairt a bheidh ‘cuíchóiriú’ 2014.

12. Curry my yoghurt can coca coalyer

Cuireadh cosc lae ar Ghregory Campbell labhairt i gComhthionól Stormont ag tús mhí na Samhna mar gheall ar an scigaithris a rinne sé ar an abairt Ghaeilge ‘Go raibh maith agat, a Cheann Comhairle’. “Curry my yoghurt can coca coalyer,” a dúirt Campbell agus más iarracht ar ghreann a bhí ann ba bheag duine, seachas Campbell féin, a rinne gáire faoi. Gregory Campbell (Pictiúr-Mark Stedman:Photocall Ireland)

Bhí Campbell fós ag gáire leis féin ag Comhdháil an DUP cúpla seachtain ina dhiaidh nuair a dúirt sé nach raibh san Acht Teanga, atá á lorg le fada ag pobal na Gaeilge, ach éileamh ar ‘liosta aislingeach’ arb ionann é agus ‘páipéar leithris’.

Thug Campbell le fios do chomhdháil an DUP, atá ar siúl in Óstán La Mon i mBéal Feirste an deireadh seachtaine seo, nach ngéillfeadh a pháirtí ‘go deo’ don éileamh ar Acht Teanga.

Thagair sé arís do chonspóid an ‘iógairt’ ag an gcomhdháil agus pota iógairt ina láimh aige ag tús a óráide. Thuill a fhrapa bualadh bos dó ón slua sa halla agus dúirt sé go mbeadh ‘curaí’ aige am lóin.

11. An Celtic Noir

Níor éirigh leis an leagan scannáin den tsraith teilifíse An Bronntanas ainmniúchán Oscar a fháil sa deireadh, ach bhí an scéinséir molta go hard ag na léirmheastóirí agus figiúirí lucht féachana ard chomh maith aige. An Bronntanas

B’fhéidir gur róshaoráideach a tharraingíonn léirmheastóirí chucu an lipéad ‘Celtic Noir’ chun cur síos a dhéanamh ar chláracha éasgsúla ar nós An Bronntanas agus Corp agus Anam, ach is cinnte gur bliain mhaith a bhí i 2014 do TG4 ó thaobh na drámaíochta de.

Fuair an dara sraith de Corp agus Anam ardmholadh chomh maith ó na léirmheastóirí as feabhas na scéalaíochta agus na haisteoireachta ann, agus bhí tráchtairí éagsúla den tuairim gur fhág saothar Dharach Mhic Con Iomaire comhléiriú mór RTÉ agus an BBC The Fall in áit na leathphingine.

10. Tacaíocht an phobail don Ghaeilge

Ceann de na ceisteanna a cuireadh ar mhuintir na tíre i bpobalbhreith Tuairisc.ie/Millward Brown is ea ar cheart an Ghaeilge a choimeád ina hábhar éigeantach don Ardteist.

Dúirt 55% de na daoine a ceistíodh nár cheart aon athrú a dhéanamh ar a stádas mar ábhar ‘éigeantach’ don scrúdú sin.

Dúirt 58% de mhná gur cheart go bhfanfadh an Ghaeilge mar ábhar éigeantach.

I measc na ngrúpaí eile a thacaigh go láidir le stádas na teanga ar churaclam na hArdteiste, bhí daoine idir 45- 54 bliain d’aois, ar thacaigh 60% acu leis an nGaeilge éigeantach.

Bhí daoine atá go maith as, nó ABs, go láidir ar son na Gaeilge eigeantaí chomh maith (62%), mar a bhí daoine a bhfuil conaí orthu i gCúige Chonnacht agus i gcCúige Uladh (62%).

Ní raibh ach 34% de dhaoine a ceistíodh ag iarraidh go gcuirfí deireadh leis an nGaeilge mar ábhar éigeantach don Ardteist.

9. Gaeloideachas i dTuaisceart Éireann

Mura raibh fanacht ar phobal Gaeilge Dhoire le meánscoil Ghaeilge a bhunú sa chontae sin, ní lá fós é, ach cheadaigh an tAire Oideachais John O’Dowd a n-iarratas sa deireadh ag tús mhí na Nollag.

An tAire John O'Dowd
An tAire John O’Dowd

Coláiste Dhoire a thabharfar ar an aon mheánscoil lán-Ghaeilge taobh amuigh de Bhéal Feirste i dTuaisceart Éireann. Tosaíodh an feachtas úr i mí Feabhra agus in aineoinn cur i gcoinne láidir ó pholaiteoirí áirithe, d’éirigh leis an Aire móramh a thabhairt leis sa deireadh agus buille dearfach a bhualadh don teanga ó thuaidh.

Buille eile ar son na teanga a bhí in oscailt lárionad Gaeilge i gceantar aontachtach i mBéal Feirste.

Bíonn ranganna ar siúl don phobal protastúnach in áras Turas in Oirthear Bhéal Feirste. Osclaíodh an lárionad Gaeilge ar Bhóthar Nua na hArda mar gheall ar an éileamh ar ranganna agus imeachtaí Gaeilge i measc na nAontachtach.

Chuir Linda Ervine tús le Turas trí bliana ó shin agus tá an Ghaeilge á cur chun cinn aici i measc an phobail aontachtaigh ó shin i leith.

8. Ceapachán an bheirt Rónán

Ba iad na ceapacháin is mó a deineadh i saol na Gaeilge i 2014 ná ainmniú Rónán Uí Dhomhnaill mar chomharba ar Sheán Ó Cuirreáin agus ceapachán Rónán Mhic Con Iomaire mar Ghrúpcheannasaí na Gaeilge ag RTÉ. Rónán Ó Dómhnaill (Pictiúr-Seán Ó Mainnín)

Is cinnte go mbeidh dúshláin mhór roimh an mbeirt Rónán sa bhliain úr agus iad ag cur i gcoinne patuaire institiúidí stáit i leith na Gaeilge.

Idir an dá linn, d’fhág ardú céime Mhic Con Iomaire go raibh cúpla folúntas le líonadh in RTÉ RnaG. Ba é Gearóid Mac Donncha a roghnaíodh le teacht i gcomharbacht Mhic Con Iomaire mar Leascheannasaí agus is sa bhliain nua a cheapfar Eagarthóir Stiúrtha Nuachta in áit Mhic Dhonncha.

Ceapadh Mícheál Ó Leidhin mar Eagraí Polaitíochta RnaG in 2014 agus ba í Sorcha Ní Riada a roghnaíodh mar Chomhfhreagraí Polaitíochta Nuacht TG4 nuair a d’fhág Rónán Ó Domhnaill an post sin chun glacadh le post an Choimisinéara.

 

Fág freagra ar '14 mórscéal Gaeilge ó 2014'

  • Brian Patterson

    Is leir damh go bhfuil an glun seo sa Ghaeltacht ag fagail slan ag an Ghaeilge agus gur cheart aitheantas a thabhairt don dream siuid ata ag cur an teanga chun chinn sa ghalltacht ‘lár’.