Athbhreithniú ar bhranda RnaG beartaithe

'D’fhéadfadh sé gur athshamhlú ar céard is Gaeltacht ann a bheadh mar eochair do bhranda Raidió na Gaeltachta', a deirtear i bPlean Straitéiseach RTÉ Raidió na Gaeltachta 2014-2017.

RodaiHelen14-0287
Pictiúr: Seán Ó Mainnín

 

Táthar ag féachaint ar athbhrandáil shuntasach a dhéanamh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta as seo go ceann cúpla bliain, de réir straitéis trí bliana an stáisiúin.

Deirtear i bPlean Straitéiseach RTÉ Raidió na Gaeltachta 2014-2017 go mbreathnófar “ar na féidearthachtaí a bhaineann le hathbhrandáil a dhéanamh ar ainm na seirbhíse”.

Tús 2017 atá luaite mar spriocam don athbhreithniú seo ar bhranda an chraoltóra.

Deirtear sa phlean straitéiseach go bhfuil an baol ann “nach dtugann ainm an stáisiúin san áireamh go leor do lucht labhartha na Gaeilge mar go dtugann sé le fios nach bhfuil an tseirbhís ach ag freastal ar phobal na Gaeltachta, cé gur seirbhís do lucht labhartha na Gaeilge an dualgas atá ar an stáisiún, bíodh an lucht éisteachta sin lonnaithe sa Ghaeltacht, go náisiúnta nó go hidirnáisiúnta.”

Maítear sa phlean straitéiseach go bhfuil “fadhb leanúnach ag RTÉ Raidió na Gaeltachta ó thaobh brandáil fhísiúil na seirbhíse” agus gur ghá “féachaint ar leigheas a aimsiú ar an bhfadhb sin”.

I measc na réitithe ar an ‘bhfadhb bhrandála’ seo a ndéanfar scagadh orthu sna blianta amach romhainn, moltar leasú a dhéanamh ar bhranda RTÉ Raidió na Gaeltachta le go dtabharfadh sé san áireamh “an coincheap gurb í an Ghaeltacht atá i gceist ná cibé cén áit a bhfuil éisteoirí na seirbhíse lonnaithe”.

D’fhéadfadh, a deirtear sa phlean, “gur athshamhlú ar céard is Gaeltacht ann a bheadh mar eochair do bhranda Raidió na Gaeltachta”.

Maítear go bhféachfar le “féiniúlacht” RTÉ Raidió na Gaeltachta “a aithint agus a chinntiú go láidir” mar chuid d’aon phlean athbhrandála a cheapfaí.

Deirtear sa phlean straitéiseach go dtugann “taighde agus fianaise starógach araon” le fios go bhfuil branda RnaG “bainteach le dearcadh seanaimseartha den Ghaeilge”.

Ceistítear chomh maith “an bhfuil an bhrandáil ag obair mar ba chóir dó bheith” agus maítear go bhféadfaí a áiteamh “nach bhfuil an branda físiúil/clóite/ar líne ag dul leis an mbranda craolta.

Deirtear nach “féidir a rá go bhfuil nasc nua-aimseartha cruthaithe ag cur chuige nua an bhranda do Raidió na Gaeltachta, in ainneoin go bhfuil RnaG ina phríomhghníomhaí agus ina rannpháirtí de shaolréim fhuinniúil nua na Gaeilge.”

De réir an phlean féachfaidh RTÉ Raidió na Gaeltachta le branda na seirbhíse a fhorbairt “ionas go mbeidh an stáisiún níos ábhartha do shochaí an lae inniu, agus níos ábhartha do dhéimeagrafaic Ghaeilge an lae inniu”.

 

 

 

Fág freagra ar 'Athbhreithniú ar bhranda RnaG beartaithe'

  • Aonghus Ó hAlmhain (@aonghusoha)

    Níl mé tógtha leis an mbladar seo.
    Cinnte tá freastal níos fearr dlite do phobail na Gaeilge timpeall na cruinne ó RTÉ. (Níl mórán Gaeilge ar seirbhísí digiteacha RTÉ)

    Ach is iad pobail na Gaeltachtaí a bhunaigh RTÉ RnaG, agus is láidreacht de chuid RTÉ RnaG freastal ar na pobail áitiúla sin, agus nascanna a chruthú eatarthu. Bheinn fíor bhuartha faoi aon lagú ar an láidreacht sin.

    Cuirtear le hábhar Gaeilge ar na bealaí eile, seachas baint de scoth seirbhís do phobail imeallaithe!

  • Ciarán Ó B

    Is breá liomsa cláir RnaG, Rónán, Cormac, is Adhmhaidin ach go háirithe ach aontaím go mór go bhfuil fadhb ann ó thaobh an bhranda de. Déanaim iarracht na daoine óga lena n-oibrímse a spreagadh chun éisteachta ach tá siad go léir den tuairim, is cosúil, gur rud seanchaite é a bhaineann le seandaoine ag scéalaíocht ar an tseanaimsir cois tine faoin tuath. Agus a bhformhór acu gan oiread is nóiméad caite ag éisteacht leis riamh. N’fheadar cén leigheas atá air.

  • Gabhán Ó Dochartaigh

    Níl aon fhadhb agamsa le branda RnaG agus dar liom gur ceart go mbeadh freastal ar mhuintir na nGaeltachtaí i gcónaí ag croílár na dtéarmaí tagartha s’acu. Sílim go bhfuil fiúntas as cuimse ag baint leis na seirbhísí nuachta áitiúla agus pobail a sholáthraíonn siad do na pobail Ghaeltachta – mar atá aibhsithe ag Aonghas thuas. Mholfainn go hard gairmiúlacht agus ardchaighdeáin na láithreoirí agus tá a fhios agam gur bhoichte i bhfad mar náisiún a bheadh muid gan RnaG. D’fhéadfaí a aithint, áfach, go bhfuil gréasáin (seachas pobail per se) de Ghaeilgeoirí i ndiaidh teacht chun cinn in áiteanna eile ar fud na tíre, nár dhochar freastal de chineál éigin a dhéanamh orthu. D’fhéadfaí rud beag níos mó poiblíochta a thabhairt d’imeachtaí srl, scéalta a mbeadh tionchar acu ar na pobail seo – go háirithe sa tuaisceart (6 chontae). Tá pobal suntasach Gaeilge in oirthuaisceart na tíre seo a dtiocfadh le RnaG caitheamh níos fearr leo, corruair. Ba cheart d’eagarthóirí nuachta RnaG agus do láithreoirí i gcoitinne bheith níos meabhraí ar an Acht Craolacháin 2009, agus ar Ráiteas Misin RTÉ féin, mar a bhfuil sé ráite go sainiúil gur seirbhís NÁISIÚNTA, NEAMHCHLAONTA ba cheart a chur ar fáil. Ní hionann síorthagairt do ‘Thuaisceart Éireann’ mar a bheadh tír eile ar fad ann, na céadta míle ar shiúl ó Chasla (gan trácht ar an chlaonadh agus an bagáiste polaitiúil a bhaineann le hainm an stáitín féin) ná ní hionann na téarmaí ‘náisiúnta’ nó ‘ar fud na tíre’ a úsáid agus tagairt á déanamh do na 26 chontae amháin agus cloí leis na cuspóirí misin sin. Ba cheart fáilte a chur roimh aiseolas ó phobal Dhoire, Aontroma, Thír Eoghain, Fhear Manach, an Dúin agus Ard Mhacha ar GACH clár, trí na sonraí teagmhála iomchuí a fhógairt nuair is iomchuí (mar a dhéantar go hiondúil, ach gan an pholaitíocht a thabhairt isteach sa scéal trí ‘Thuaisceart Éireann’ a lua – nach bhfuil ‘an tuaisceart’ intuigthe??). Ní dhéantar clúdach leorga cothrom coibhneasta ar scéalta nuachta a bhfuil baint acu leis an taobh seo tíre. Dar liom nach bhfuil sé le leas RnaG, ná duine ar bith sa tír seo, go mbeadh an tseirbhís á reáchtáil le freastal ar dhlínse amháin den dá dhlínse atá sa tír seo. Níl ionainn, Gaeil, ach pobal beag. Tá go leor deighilteanna sa tír seo cheana, ní gá deighilt eile a chothú idir Ghaeil ar an dá thaobh den teorainn, dar liom. An chéad chéim le níos mó éisteoirí óga a mhealladh, sa taobh seo tíre cibé, ná caitheamh níos báúla agus ar bhonn cothrom, le gach duine sa tír.

  • Gabhán Ó Dochartaigh

    *na mílte míle ar shiúl ó Chasla ba cheart dom a rá :-)

  • Din Gruamach

    Cé go bhfuil i bhfad níos mó daoine lasmuigh des na Gaeltachtaí ag lorg slite chun teacht ar Ghaoluinn, ní dóigh liom gur cheart do mhuintir an raidió athrú chomh mhór san is go mbeadh ath-bhrandál ar siúil. Is gá na cláracha phobail a choimeád mar gan iad tá seans mhaith ann go rachfaidh na pobail sin níos faide i dtreo a bháis, go háirithe na cinn níos laige.