14 duine eile le Covid-19 básaithe agus os cionn 4,000 cás deimhnithe in Éirinn

115 duine atá básaithe in Éirinn de dheasca an choróinvíris faoin tráth seo, 85 duine ó dheas den teorainn agus 30 duine ó thuaidh di

14 duine eile le Covid-19 básaithe agus os cionn 4,000 cás deimhnithe in Éirinn

115 duine atá básaithe in Éirinn de dheasca an choróinvíris faoin tráth seo, 85 duine ó dheas den teorainn agus 30 duine ó thuaidh di.

D’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna go raibh 14 duine eile básaithe, seachtar fear agus seachtar ban. Bhí deichniúr de na daoine is déanaí a bhásaigh in oirthear na tíre agus bhí ceathrar acu i ndeisceart na tíre. Bhí fadhbanna eile sláinte ag ochtar acu.

Ba í 82 bliain d’aois an mheánaois i measc an 85 duine a bhásaigh go dtí seo.

Deimhníodh chomh maith 212 cás nua de Covid-19.

Fágann sin gur 4,136 cás atá in Éirinn, 3,447 cás ó dheas den teorainn agus 689 cás ó thuaidh.

De réir an eolais is déanaí ón Roinn Sláinte,  a bhain leis an 2,667 cás a bhí deimhnithe faoi mheán oíche Dé Luain:

  • Fir a bhí i gceist le 48% de na cásanna agus mná iad 50%
  • Bhí 134 braisle i gceist ar bhain 563 cás leo
  • An aois ar an meán a bhí ann i measc na n-othar ná 48 bliain d’aois
  • Cuireadh cúram san ospidéal ar 834 duine, 28%
  • As na daoine sin, cuireadh 126 duine in ICU, nó Aonad Dianchúraim
  • Oibrithe sláinte a bhí i gceist le 752 cás, nó 25%
  • I mBaile Átha Cliath a bhí an líon is mó cásanna le 1,645 cás, nó 55%, agus bhí Corcaigh sa dara háit, le 255 cás, nó 8%
  • 88 cás a bhí i gcontae na Gaillimhe (2.9%), 68 a bhí i gcontae Chiarraí (2.3%), 63 cás bhí i nDún na nGall (2.1%), 48 cás a bhí i Maigh Eo (1.6%), 37 cás a bhí i bPort Láirge (1.2%) agus 66 cás a bhí i gcontae na Mí (2.2%)
  • Scaipeadh sa phobal ba chúis le 60% de chásanna, gartheagmháil le hothar eile ba chúis le 21% agus taisteal thar lear ba chúis le 18%

De réir suirbhé nua a rinneadh inniu don Roinn Sláinte, tá 94% den phobal sásta go bhfuil ar a gcumas cloí leis na srianta atá tugtha isteach chun dul i ngleic leis an ngéarchéim.  Dúirt 89% gur cheap siad go raibh na srianta maidir leis an scoitheadh sóisialta cuí.

Thug 85% le fios go mbraitheann siad go bhfuil siad imithe i dtaithí ar na hathruithe sa saol ó thosaigh an ráig agus dúirt an céatadán céanna daoine go raibh a fhios acu cad ba chóir dóibh a dhéanamh dá dtiocfadh comharthaí sóirt an ghalair orthu. Tá teagmháil ar líne á dhéanamh ag 65% de dhaoine lena gcairde agus a muintir.

Bhí imní ar dhuine as gach triúr faoina sláinte agus bhí imní ar thriúr as gach ceathrar faoi shláinte a ngaolta agus a gcairde.

Fógraíodh níos túisce tráthnóna go raibh beirt eile básaithe sa Tuaisceart de dheasca na paindéime.

103 cás nua den choróinvíreas a deimhníodh sa Tuaisceart tráthnóna. 6,450 tástáil atá déanta ó thuaidh.

Fógraíodh na figiúirí is déanaí tráth a ndúirt an Roinn Sláinte ó thuaidh go bhféadfadh 3,000 duine bás a fháil sa ‘chéad ráig’ den phaindéim sa chás is measa.

Deir Príomh-Oifigeach Leighis an Tuaiscirt, an Dr Michael McBride, gur gearr uainn an Meabhrán Tuisceana maidir le comhoibriú thuaidh/theas i dtaobh scaipeadh Covid-19 in Éirinn.

Ghabh an HSE leithscéal inniu le daoine a bhí ag fanacht ar thástálacha don ghalar. Dúirt an tAire Sláinte Simon Harris go mbeidh deich lá eile ann sula mbeidh saotharlanna tástála ag obair mar ba chóir.

Dúirt an tAire nach raibh ach 1,500 duine á thástáil do Covid-19 in aghaidh an lae. 15,000 tástáil in aghaidh an lae an sprioc atá ag an Rialtas.

Beagán sa bhreis ar 30,000 tástáil a bhí déanta faoin lá inné.

Dúirt Príomhfheidhmeannach an HSE Paul Reid tráthnóna go raibh socrú déanta ag an bhfeidhmeannacht maidir le 100,000 fearas tástála Covid-19 a fháil in aghaidh na seachtaine.

Tá dul chun cinn déanta maidir le fearais tástála a fháil ach fadhb mhór is ea an ganntanas den imoibrí á úsáidtear i scagadh ceimiceach chun samplaí a thástáil sna saotharlanna.

Dúirt an tAire Sláinte go raibh go raibh gach ar féidir á dhéanamh chun dul i ngleic leis an bhfadhb soláthair ó thaobh tástála de ach gur fadhb dhomhanda í.

Mar sin féin, bhí níos mó tástála á déanamh in Éirinn ná mar a bhí á déanamh i bhformhór na dtíortha eile san Eoraip, a mhaígh sé.

Dúirt Simon Harris gur chóir do dhaoine atá ag fanacht ar thástáil iad féin a iompar amhail is go bhfuil an galar orthu agus gurb í an chomhairle chéanna á bhí ann i gcónaí do dhaoine a bhfuil siomptóim orthu – fanacht ag baile.

Thuairiscigh RTÉ inniu faoi dhá chás a bhain le moill ar thorthaí tástálacha do dhaoine in ionaid altranais. Dúradh gurb údar mór imní do dhochtúirí na cásanna sin. I gás amháin tógadh sampla ón othar ar an 23 Márta agus fuair an duine sin bás aréir in ionad altranais gan an toradh a bheith faighte aige.

Táthar buartha faoin lorg a fhágfaidh moill mar seo ar an gcóras agus ar theaghlaigh. Léiríonn sonraí nua ón Ionad Faireachais ar Chosaint Sláinte go  raibh 24 braisle – níos mó ná triúr buailte ag an ngalar – in ionaid altranais faoi mheán oíche Dé Domhnaigh.

Dúirt an tAire Sláinte Simon Harris go raibh beartais éagsúla á dtabhairt isteach chun dul i ngleic le scaipeadh an ghalair in ionaid altranais. Dhéanfadh  HIQA na háiteanna a bhí leochaileach a aithint agus chuirfí breis foirne agus acmhainní ar fáil, a dúirt sé.

 

Fág freagra ar '14 duine eile le Covid-19 básaithe agus os cionn 4,000 cás deimhnithe in Éirinn'